Raon Clúdaigh Móibíleach
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá – Ag dul ar líne
- Leathanbhanda Snáithín
- Pointí Rochtana Poiblí WiFi4EU
- Pointí Nasctha Leathanbhanda
- Léarscáil maidir le dul ar líne
- Raon Clúdaigh Móibíleach
Is príomh-chumasóir comhdheiseanna é bonneagar teileachumarsáide móibíleach i ngeilleagar digiteach atá ag fás, i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon.
Tá sé i gceist go bhfásfaidh úsáid na dteicneolaíochtaí móibíleacha sna blianta amach romhainn de réir mar a éiríonn cur i bhfeidhm theicneolaíochtaí Idirlín na nEarraí coitianta inár saor laethúil.
Is féidir faisnéis faoi na suíomhanna ina bhfuil crainn theileachumarsáide agus a soláthar seirbhísí i gContae na Gaillimhe a fháil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide (ComReg).
Tá láithreán gréasáin an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide (ComReg) ina óstach ar uirlis mapála comharthaí móibíleach, áit ar féidir leat comhartha móibíleach a sheiceáil i do cheantar agus de réir líonra.
Teicneolaíochtaí Amach Anseo
Is iomaí dul chun cinn atá déanta ag teicneolaíocht mhóibíleach le roinnt blianta anuas agus leis na dul chun cinn seo eascraíonn ceisteanna faoi na teicneolaíochtaí nua seo. Cuirfidh láithreán gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe naisc ar fáil do chomhlachtaí reachtúla a bhfuil róil acu i soláthar faisnéise ar na saincheisteanna seo, d’fhonn an fhaisnéis is nuashonraithe sa réimse seo a sholáthar do dhaoine.
Tá teicneolaíochtaí agus seirbhísí móibíleacha ag teacht chun cinn go seasta le tríocha bliain anuas agus leanann siad orthu ag déanamh amhlaidh. Seoladh an chéad líonra móibíleach “2G” in Éirinn i 1993. I dtús na 2000idí chonacthas na chéad líonraí 3G agus na chéad seirbhísí idirlín móibíleacha leo. Ina dhiaidh sin tháinig líonraí 4G go luath sna 2010idí a thairg seirbhísí idirlín móibíleacha níos tapa. Is é 5G an chéad ghlúin eile de theicneolaíocht mhóibíleach.
Faisnéis ghinearálta maidir le 5G
In 2016, d’eisigh an Coimisiún Eorpach a Phlean Gníomhaíochta 5G don Eoraip. Leagadh amach sa plean roinnt gníomhaíochtaí do na Ballstáit, lena n-áirítear amchlár beartaithe le haghaidh imscaradh 5G, agus iarradh ar Bhallstáit speictream minicíochta raidió a chur ar fáil do 5G.
Is é ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le himscaradh aon líonraí teileachumarsáide gan sreang na freagrachtaí sin go príomha mar atá leagtha amach faoin reachtaíocht Pleanála reatha.
Leanann an Chomhairle comhairle na n-údarás inniúil in Éirinn maidir le Teileachumarsáid. Is é sin go príomha an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) agus an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg).
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte