Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht inacmhainne
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Tithe Folmha agus Ciste Croí Cónaithe
- Spėis Talamh a Dhoíl
- Léas Fadtéarmach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Léirithe Spéise maidir le Forbairtí Lándéanta
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
- Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis
Guidelines for Housing Authorities - Standards in Rented Accommodation (08/2024)
I measc na n-athruithe reachtúla atá déanta le blianta beaga anuas i ndáil le tithíocht phríobháideach ar cíos, áirítear an méid seo a leanas:
- Rialacháin na dTithe (Tithe ar Cíos a Chlárú) 1996
- Rialacháin na dTithe (Cíos-Leabhair) 1993
- Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 1993
Féadfaidh gníomhaire cuí-cheaptha aon oibleagáid de chuid tiarna talún a thuairiscítear ar an leathanach seo a chomhlíonadh thar ceann an tiarna talún.
Tithe ar cíos a chlárú
Maidir le tionóntachtaí a thagann faoi réim an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, ní mór iad a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (féach Déan Teagmháil Linn thuas) – ní dhéanann tiarnaí talún clárúchán leis an gComhairle a thuilleadh. Tá sé de fhreagracht ar an tiarna talún na mionsonraí a chlárú leis an mBord. D’fhéadfadh tiarna talún a mhainníonn tionóntacht a chlárú a bheith ciontach i gcion agus ar é/í a chiontú dlífear fíneáil suas go €3,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma suas go 6 mhí a chur air/uirthi, mar aon le fíneáil laethúil €250 mar gheall ar chion leantach. Ní mór tionóntacht a chlárú leis an mBord sula bhféadfaidh tiarna talún leas a bhaint as seirbhís réitithe díospóide an Bhoird. Ní bhaineann an srian sin le tionóntaí ar mian leo leas a bhaint as an tseirbhís. Tá an tiarna talún agus na tionóntaí i dteideal cóip de na mionsonraí a thaifeadtar sa chlár a fháil. Ní mór do thiarnaí talún mionsonraí faoi gach ceann dá dtionóntachtaí a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.
Tá feidhm ag an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, lena n-áirítear an ceanglas maidir le clárú, maidir le formhór mór na dtithe cónaithe príobháideacha ar cíos. Ach tá tithe cónaithe áirithe ann atá eisiata, lena n-áirítear:
- Áitreabh Gnó
- Teach cónaithe lena mbaineann Cuid II d'Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) 1982 i.e. teach cónaithe cíos-rialaithe atá á áitiú ag an "úinéir bunaidh" nó ag a c(h)éile)
- Teach cónaithe atá ligthe ar cíos ag Údarás Áitiúil nó ag Comhlacht Tithíochta Saorálach
- Teach atá ligthe ar cíos mar theach saoire
- Teach cónaithe a gcónaíonn an tiarna talún ann freisin
- Teach cónaithe ina gcónaíonn céile an tiarna talún, nó ina gcónaíonn tuismitheoir nó leanbh de chuid an tiarna talún, agus nach bhfuil aon léas i scríbhinn ná comhaontú tionóntachta ann ina leith
Cíos-leabhair a sholáthar
Ní mór cíos-leabhar a sholáthar do thionóntaí chun gach íocaíocht cíosa a thaifeadadh ann. Ní mór faisnéis eile faoin tionóntacht a bheith ann sa chíos-leabhar nó sa chomhaontú cíosa maidir leis an tionóntacht, de réir mar atá sonraithe sna Rialacháin a bhaineann le Cíos-Leabhair:
- Seoladh an tí cónaithe atá ligthe ar cíos
- Ainm agus seoladh an tiarna talún
- Ainm an tionónta
- Téarma na tionóntachta
- Méid an chíosa, an tráth a íoctar é agus conas a íoctar é
- Mionsonraí faoi íocaíochtaí eile (e.g. teileafón, TV)
- Méid agus cuspóir aon éarlaise a íoctar agus na coinníollacha ar fúthu a thabharfar an éarlais sin ar ais don tionónta
- Ráiteas faisnéise faoi chearta bunúsacha agus faoi dhualgais bhunúsacha tiarnaí talún agus tionóntaí
Caighdeáin do thithe ar cíos
De réir an dlí, tá sé de cheangal ar thiarnaí talún a chinntiú go gcomhlíonann a maoin caighdeáin íosta áirithe (e.g. saor ó thaise, i riocht maith ó thaobh an struchtúir de, uisce te agus uisce fuar, modh dóthanach teasa agus aerúcháin, gairis i riocht maith oibre, sreangú leictreach, píopaí gáis agus píopaí uisce i riocht maith). Más rud é nach gcomhlíonann an mhaoin na caighdeáin sin, d’fhéadfadh sé go dtionscnófar ionchúiseamh i gcoinne an tiarna talún tar éis don Chomhairle an mhaoin a iniúchadh.
Ar an 1 Feabhra, 2013, tiocfaidh Airteagail 6, 7 agus 8 de Rialacháin na dTithe (Caighdeáin le haghaidh Tithe ar Cíos) 2008 i bhfeidhm i ndáil leis an gcóiríocht chónaithe ar cíos ar fad. Is ionann sin agus a rá nach mór saoráidí sláintíochta ar leithligh dá cuid féin a bheith ann i ngach aonad cóiríochta ar cíos. De bhreis air sin, beidh ceanglais uasdátaithe ann i ndáil le saoráidí teasa agus cócaireachta, stóráil bia agus níochán éadaí agus beidh feidhm ag na ceanglais sin maidir le cóiríocht ar cíos. Tá achoimre ar na ceanglais atá ann sna hairteagail sin leagtha amach thíos.
- Saoráidí sláintíochta – Airteagal 6 Ní mór seomra ar leithligh a bheith ann i ngach aonad cóiríochta ar cíos agus é suite laistigh den teach cónaithe ar cíos, agus leithreas, báisín níocháin agus folcadán fosaidh nó cithfholcadán ann mar aon le saoráidí uisce the agus uisce fhuair.
- Saoráidí teasa – Airteagal 7 Ní mór gaireas fosaidh a bheith ann i ngach seomra ináitrithe agus é in ann téamh éifeachtach a sholáthar agus ní mór don tionónta a bheith in ann oibriú an ghairis sin a rialú.
- Ullmhú agus stóráil bia agus níochán éadaí – Airteagal 8 Ní mór saoráidí dóthanacha a bheith ann i ngach teach cónaithe chun bia a stóráil, a ullmhú agus a chócaireacht go sláinteach agus ní mór rochtain a bheith ann ar mheaisín níocháin agus ar thriomaitheoir. Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as na caighdeáin sin a fhorfheidhmiú.
Maidir leis an bpionós i leith neamhchomhlíonadh na rialachán, dlitear fíneáil €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht, a ghearradh, mar aon le fíneáil €400 i ndáil le gach lá a leantar den chion.
Tá tuilleadh mionsonraí faoi na caighdeáin do thithe ar cíos ar fáil ag www.environ.ie nó is féidir ceisteanna a chur le ríomhphost chuig private_housing@environ.ie nó féach An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 - Mearthreoir (English)
Cigireachtaí de Thithe Príobháideacha ar Cíos
Treoircháipéis Theicniúil (Béarla) 2024
Treoir Tiarna Talún PRTB (Béarla)
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte