An Scéim Liúntais Morgáiste
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht Sonraí
- An Scéim Liúntais Morgáiste
- Iasacht Tí Údaráis Áitiúil
- IIasacht Cheannaigh agus Athchóirithe
Céard í an Scéim Liúntais Morgáiste?
Is é atá sa Scéim Liúntais Morgáiste ná rogha thithíochta a chabhraíonn le tionóntaí agus le tionóntaí-cheannaitheoirí i dtithe cónaithe de chuid údaráis áitiúil ar mian leo a dtithe cónaithe a thabhairt ar ais don údarás agus teach cónaithe príobháideach a cheannach nó a thógáil lena áitiú acu féin. Déantar sin trí na haisíocaíochtaí morgáiste a laghdú thar na chéad chúig bliana den mhorgáiste.
Is ionann méid an liúntais agus €11,450 agus tá sé iníoctha thar chúig bliana. Íoctar an liúntas go díreach leis an ngníomhaireacht iasachtaithe agus is é a leanann as ná laghdú ar do chuid aisíocaíochtaí morgáiste sna chéad chúig bliana de réir mhéid bhliantúil iomchuí an liúntais i.e.
- €3,560 i mbliain 1
- €2,800 i mbliain 2
- €2,040 i mbliain 3
- €1,780 i mbliain 4
- €1,270 i mbliain 5
Ní féidir an liúntas a íoctar in aon bhliain áirithe dul thar mhéid na n-aisíocaíochtaí morgáiste agus ní mór don iarratasóir leanúint den teach cónaithe a áitiú mar a g(h)nátháit chónaithe ar fud na tréimhse 5 bliana lena mbaineann an liúntas.
An bhfuil mise cáilithe?
Beidh tú cáilithe don scéim más rud é:
- gur tionónta nó tionónta-ceannaitheoir tú i dteach údaráis áitiúil nó gur tionónta tú, nach giorra ná bliain fad do thionóntachta, i dteach arna sholáthar ag comhlacht saorálach ceadaithe faoin Scéim Fóirdheontais Cíosa, agus
- go dtugann tú do theach cónaithe ar ais don údarás áitiúil nó don chomhlacht saorálach, de réir mar is infheidhme, i riocht cuí intionóntachta (ag féachaint do chaitheamh agus cuimilt réasúnach agus d’aon deisiúcháin nach bhfuil an tionónta freagrach astu) agus é saor ó riaráistí cíosa nó ó bhlianachtaí ceannaigh tionónta, agus
- go soláthraíonn tú an teach cónaithe ar mhodh iasachta morgáiste nach lú ná €38,092.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Is ceart duit iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle ar an bhFoirm Iarratais fhorordaithe. Déanfaidh an t-údarás áitiúil litir intinne a eisiúint chuig iarratasóir cáilithe á rá go gcáileoidh sé/sí i gcomhair an liúntais morgáiste, ach sin faoi réir an teach cónaithe láithreach a thabhairt ar ais agus téarmaí na scéime a chomhlíonadh. Is ar mhaithe le leas an iarratasóra é an litir intinne sin a fháil roimh aon ghealltanas a dhéanamh i ndáil leis an teach cónaithe príobháideach.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte