Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta
- Naisc ábhartha eile
- Deontais Tithíochta Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Deontas Oiriúnaithe Tithíochta
- Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta
- An Scéim Deontais Tithíochta le haghaidh Áiseanna
Tá an Scéim Chúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ar fáil chun cabhrú le daoine scothaosta atá ag maireachtáil faoi dhrochdhálaí tithíochta deisiúcháin nó feabhsúcháin riachtanacha a chur á ndéanamh.
I measc na gcineálacha oibreacha a dtugtar cúnamh deontais ina leith faoin scéim, áirítear na nithe seo a leanas; - athdhíonadh, athshreangú, córas téimh lárnaigh agus seirbhísí uisce agus sláintíochta a sholáthar, deisiúcháin ar fhuinneoga agus ar dhoirse/fuinneoga agus doirse ionaid a chur ar fáil, Tirimlíneáil agus aon oibreacha deisiúcháin nó feabhsúcháin eile a measann an Chomhairle ina leith go bhfuil gá leo go réasúnach.
Cuspóir an deontais
Tá an Scéim Chúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ar fáil chun cabhrú le daoine scothaosta atá ag maireachtáil faoi dhrochdhálaí tithíochta deisiúcháin nó feabhsúcháin riachtanacha a chur á ndéanamh.
Féadfar deontais faoin Scéim Chúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta a íoc, más cuí, i leith oibreacha a dhéantar ar chóiríocht den chineál seo a leanas:
- Tithíocht atá á háitiú ag úinéir na tithíochta
- Tithe atá á gceannach ó údarás áitiúil faoin scéim cheannaigh do thionóntaí
Cé atá i dteideal irratas a dhéanamh ar dheontas?
Is ceart d’iarratasóir(í) a bheith 66 bliana d'aois (nó os a chionn) nó is ceart cónaí a bheith ar iarratasóir in éineacht le céile nó le duine eile atá 66 bliana d'aois (nó os a chionn). I gcás ina bhfuil an Chomhairle den tuairim go bhfuil fíorchásanna cruatain ann, féadfaidh an Chomhairle breithniú a dhéanamh i dtaobh deontas a íoc le daoine atá faoi bhun 66 bliana d'aois.
Na cineálacha oibreacha
I measc na gcineálacha oibreacha a dtugtar cúnamh deontais ina leith faoin scéim, áirítear na nithe seo a leanas:
- Athdhíonadh – Beidh ar iarratasóirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu chun deisiúcháin dín a dhéanamh/díon ionaid a chur ar fáil daingniú i scríbhinn óna gcuideachta árachais a chur ag gabháil lena n-iarratas á rá nach bhfuil deisiúcháin den sórt sin clúdaithe faoin bpolasaí árachais atá acu faoi láthair.
- Athshreangú: Ní mór d’iarratasóirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu chun athshreangú a dhéanamh daingniú i scríbhinn ó leictreoir cáilithe a chur ag gabháil lena n-iarratas á rá cén riocht ina bhfuil an sreangú atá ann faoi láthair.
- Córas téimh lárnaigh agus seirbhísí uisce agus sláintíochta a sholáthar: ní bhíonn cúnamh deontais ar fáil d’oibreacha den sórt seo ach amháin i gcás nach bhfuil córas ná seirbhís den sórt sin ann sa mhaoin cheana féin
- Deisiúcháin ar fhuinneoga agus ar dhoirse/fuinneoga agus doirse ionaid a chur ar fáil: ní dhéanfar cúnamh deontais a sholáthar ach amháin i gcás ina gcruthaítear go bhfuil na fuinneoga agus na doirse atá ann cheana féin i ndroch-riocht.
- Tirimlíneáil amháin
- Eile – aon oibreacha deisiúcháin nó feabhsúcháin eile a measann an Chomhairle ina leith go bhfuil gá leo go réasúnach.
N.B. Níl Oibreacha Éifeachtúlachta Fuinnimh clúdaithe faoin scéim deontais seo. Déan teagmháil le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ag 1850 927000 nó ag www.seai.iemaidir lena gcuid scéimeanna ‘Better Energy Homes’ agus ‘Warmer Homes Scheme’, ar scéimeanna iad a bhaineann le hoibreacha éifeachtúlachta fuinnimh.
Leibhéal an deontais
Déanfar leibhéal an chúnaimh deontais atá ar fáil a chinneadh ar bhonn ioncam an teaghlaigh agus chostas ceadaithe na n-oibreacha mar atá measúnaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. An deontas uasta atá ar fáil ná €8,000
Ioncam an teaghlaigh
Déantar ioncam an teaghlaigh a ríomh mar oll-ioncam bliantúil gach duine den teaghlach os cionn 18 mbliana d’aois (nó os cionn 23 bliana d’aois má tá an duine lena mbaineann ag fáil oideachas lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe sin.
Tá cur sios ar Fianaise ar ioncam an teaghlaigh le fáíl faoi Nóta 4 i ‘Coinníollacha a ghabhann leis an Scéim’.
Ceanglais chánach
I gcás ina ndéanann aon chonraitheoir obair i ndáil leis an Scéim Chúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta, ní mór Imréiteach Canach reatha, eisithe ó an Coimisinéirí Ioncaim, a chur ar fáil in éineacht leis na meastacháin ar na hoibreacha atá ag teastáil.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte