Deontas Oiriúnaithe Tithíochta
- Naisc ábhartha eile
- Deontais Tithíochta Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Deontas Oiriúnaithe Tithíochta
- Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta
- An Scéim Deontais Tithíochta le haghaidh Áiseanna
Cuspóir an Deontais
Tá an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil chun cúnamh a thabhairt i dtaca le hoibreacha a bhfuil gá leo go réasúnach chun go mbeidh teach níos oiriúnaí i gcomhair cóiríochta do dhuine atá faoi mhíchumas agus ar a bhfuil buanmhallachar fisiciúil, céadfach, meabhair-shláinte nó intleachta. I measc na gcineálacha oibreacha atá ceadaithe faoin scéim, áirítear na nithe seo a leanas a sholáthar:
- rampaí rochtana,
- saoráidí leithris thíos staighre,
- staighre-ardaitheoirí/gléas ardaithe (ní mór tuarascáil ó Theiripeoir Ceirde a chur ar fáil),
- cithfholcadáin inrochtana,
- oiriúnuithe chun rochtain do chathaoireacha rothaí a éascú,
- méaduithe (ní mór tuarascáil ó Theiripeoir Ceirde a chur ar fáil),
- Aon oibreacha eile a bhfuil gá leo go réasúnach chun go mbeidh teach níos oiriúnaí i gcomhair cóiríochta do dhuine atá faoi mhíchumas.
Ní mór Tuarascáil ó Theiripeoir Ceirde a thíolacadh in éineacht le d’iarratas i gcás oibreacha ina n-áirítear feiste mheicniúil, amhail staighre-ardaitheoir/gléas ardaithe etc., a chur ar fáil agus i gcás méaduithe ar fhoirgneamh. Féadfaidh an Chomhairle Tuarascáil ó Theiripeoir Ceirde a iarraidh i gcás oibreacha eile má mheastar go bhfuil gá leis sin tar éis iniúchadh tosaigh a dhéanamh.
Na Cineálacha Tithe
Féadfar an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas a íoc, más cuí, i leith oibreacha a dhéantar ar chóiríocht den chineál seo a leanas:
- Tithíocht atá á háitiú ag úinéir na tithíochta
- Tithe atá á gceannach ó údarás áitiúil faoin scéim cheannaigh do thionóntaí
- Cóiríocht phríobháideach ar cíos
- Cóiríocht atá á soláthar faoi na scéimeanna tithíochta saorálacha, is iad sin, an scéim Chúnaimh Chaipitiúil agus an scéim Fóirdheontais Cíosa
- Cóiríocht atá á háitiú ag daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghaisí comhchoiteanna
Leibhéal an Deontais
Déanfar leibhéal an chúnaimh deontais atá ar fáil a chinneadh ar bhonn ioncam an teaghlaigh agus chostas ceadaithe na n-oibreacha mar atá measúnaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.. An Deontas Uasta do thithe a tógadh tráth is faide ná 12 mhí ó shin ná €30,000 agus €14,500 do thithe atá tógadh níos lú ná 12 mhí.
Sa tábla thíos, leagtar amach leibhéal an deontais atá ar fáil i gcomhréir le measúnú ioncam an teaghlaigh.
Ioncam Bliantúil an Teaghlaigh |
An Céatadán de Chostas na nOibreacha atá ar fáil |
An Deontas Uasta do thithe a tógadh tráth is faide ná 12 mhí ó shin |
An Deontas Uasta do thithe a tógadh tráth is giorra ná 12 mhí ó shin |
Suas go €30,000 |
95% |
€30,000 |
€14,500 |
€30,001 – €35,000 |
85% |
€25,000 |
€12,325 |
€35,001 – €40,000 |
75% |
€22,500 |
€10,875 |
€40,001 – €50,000 |
50% |
€15,000 |
€7,250 |
€50,001 – €60,000 |
30% |
€9,000 |
€4,350 |
Níos mó ná €60,000 |
Níl aon deontas iníoctha |
|
|
Ioncam an Teaghlaigh
Déantar ioncam an teaghlaigh a ríomh mar oll-ioncam bliantúil gach duine den teaghlach os cionn 18 mbliana d’aois (nó os cionn 23 bliana d’aois má tá an duine lena mbaineann ag fáil oideachas lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe sin.
Tá cur sios ar Fianaise ar ioncam an teaghlaigh le fáíl faoi Nóta 4 i ‘Coinníollacha a ghabhann leis an Scéim’.
Ceanglais Chánach
I gcás ina ndéanann aon chonraitheoir obair i ndáil leis an Scéim Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, ní mór Imréiteach Cánach reatha arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil in éineacht leis an meastachán ar na hoibreacha atá ag teastáil.
I gcás iarratas ar dheontais de shuim iomlán €10,000 nó níos mó, ní mór don iarratasóir cóip dá ndeimhniú bailí imréitigh cánach a chuir isteach.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte