An Scéim Deontais Tithíochta le haghaidh Áiseanna
- Naisc ábhartha eile
- Deontais Tithíochta Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Deontas Oiriúnaithe Tithíochta
- Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta
- An Scéim Deontais Tithíochta le haghaidh Áiseanna
Tá an Deontas Tithíochta le haghaidh Áiseanna Soghluaisteachta ar fáil chun sraith bhunúsach oibreacha a chlúdach, ar oibreacha iad a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna soghluaisteachta, go príomha fadhbanna atá bainteach le haosú, ach gan bheith teoranta d’fhadhbanna den sórt sin. I measc na n-oibreacha a dtugtar cúnamh deontais ina leith faoin scéim, áirítear na nithe seo a leanas; greimráillí, rampaí rochtana, cithfholcadáin boinn leibhéalta, staighre-ardaitheoir/Gléas ardaithe (ní mór tuarascáil ó Theiripeoir Ceirde a chur ar fáil) agus aon mionoibreacha eile a meastar ina leith go bhfuil gá leo chun na riachtanais soghluaisteachta atá ag duine de theaghlach a éascú.
Cuspóir an deontais
Tá an Deontas Tithíochta le haghaidh Áiseanna Soghluaisteachta ar fáil chun sraith bhunúsach oibreacha a chlúdach, ar oibreacha iad a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna soghluaisteachta, go príomha fadhbanna atá bainteach le haosú, ach gan bheith teoranta d’fhadhbanna den sórt sin. I measc na n-oibreacha a dtugtar cúnamh deontais ina leith faoin scéim, áirítear na nithe seo a leanas:
- Greimráillí;
- Rampaí rochtana;
- Cithfholcadáin boinn leibhéalta;
- Staighre-ardaitheoir/Gléas ardaithe (ní mór tuarascáil ó Theiripeoir Ceirde a chur ar fáil);
- Mionoibreacha eile a meastar ina leith go bhfuil gá leo chun na riachtanais soghluaisteachta atá ag duine de theaghlach a éascú
Ní mór Tuarascáil ó Theiripeoir Ceirde a thíolacadh in éineacht le d’iarratas i gcás oibreacha ina n-áirítear feiste mheicniúil, amhail staighre-ardaitheoir/gléas ardaithe etc., a chur ar fáil. Féadfaidh an Chomhairle Tuarascáil ó Theiripeoir Ceirde a iarraidh i gcás oibreacha eile má mheastar go bhfuil gá leis sin tar éis iniúchadh tosaigh a dhéanamh.
Na cineálacha tithe
Féadfar íocaíochtaí faoin Scéim Deontais Tithíochta le haghaidh Áiseanna Soghluaisteachta a íoc, más cuí, i leith oibreacha a dhéantar ar chóiríocht den chineál seo a leanas:
- Tithíocht atá á háitiú ag úinéir na tithíochta;
- Tithe atá á gceannach ó údarás áitiúil faoin scéim cheannaigh do thionóntaí;
- Cóiríocht phríobháideach ar cíos;
- Cóiríocht atá á soláthar faoi na scéimeanna tithíochta saorálacha, is iad sin, an scéim Chúnaimh Chaipitiúil agus an scéim Fóirdheontais Cíosa;
- Cóiríocht atá á háitiú ag daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghaisí comhchoiteanna;
Leibhéal an deontais
Is é atá i suim éifeachtach uasta an deontais ná €8,000 nó 100% de chostas ceadaithe na n-oibreacha, cibé acu is lú. Tá an deontas ar fáil do theaghlaigh nach bhfuil a n-oll-ioncam bliantúil teaghlaigh níos mó ná €37,500.
Ioncam an teachlaigh
Déantar ioncam an teaghlaigh a ríomh mar oll-ioncam bliantúil gach duine den teaghlach os cionn 18 mbliana d’aois (nó os cionn 23 bliana d’aois má tá an duine lena mbaineann ag fáil oideachas lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe sin.
Tá cur sios ar Fianaise ar ioncam an teaghlaigh le fáíl faoi Nóta 4 i ‘Coinníollacha a ghabhann leis an Scéim’.
Ceanglais chánach
I gcás ina ndéanann aon chonraitheoir obair i ndáil leis an Scéim Deontais Tithíochta le haghaidh Áiseanna Soghluaisteachta, ní mór Imréiteach Canach reatha arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil in éineacht leis an meastachán ar na hoibreacha atá ag teastáil.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte