Tithíocht dheonach
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht inacmhainne
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Tithe Folmha agus Ciste Croí Cónaithe
- Spėis Talamh a Dhoíl
- Léas Fadtéarmach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Léirithe Spéise maidir le Forbairtí Lándéanta
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
- Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis
Tacaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an Earnáil Tithíochta Deonaí maidir le scéimeanna tithíochta éagsúla a sholáthar ar fud an chontae. Tá roinnt Comhlachtaí Tithíochta Faofa i gContae na Gaillimhe a chuireann cóiríocht ar fáil chun freastal ar riachtanais éagsúla agus ar chineálacha éagsúla líonta tí , ina measc daoine le riachtanais speisialta, daoine aosta, daoine gan dídean agus cóiríocht do theaghlaigh. Cuirtear saoráidí ar fáil faoi go leor de na scéimeanna sin, seomraí cruinnithe agus ionaid lae chun leasa na n-áititheoirí mar shampla.
Feidhmíonn an Chomhairle mar idirghabhálaí idir an Comhlacht Tithíochta Faofa agus an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil a mhaoiníonn na Scéimeanna um Thithíocht Dheonach.
Téann na Comhlachtaí Tithíochta Faofa i gcomhairle leis an gComhairle nuair a bhíonn daoine á gcur faoi scéimeanna den sórt sin agus d’fhéadfaí daoine atá ar Liosta Feithimh do Thithe na Comhairle a bhreithniú maidir le tithíocht den sórt sin. Breithneofar go bhfuil tithíocht shóisialta faighte ag daoine a fhaigheann cóiríocht ar an tslí sin agus bainfear a n-ainm ansin den Liosta Feithimh Tithe.
Ní féidir le tionóntaí tithe a leithdháileann comhlacht deonach orthu a cheannach.
Ní mór do Chomhlachtaí Tithíochta Faofa glacadh leis an gcód rialachán deonach chun leas a bhaint as maoiniú ón roinn.
Déan teagmháil leis an Rannóg Tithíochta Deonaí ag 091 509029 le tuilleadh eolais a fháil.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte