Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht inacmhainne
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Tithe Folmha agus Ciste Croí Cónaithe
- Spėis Talamh a Dhoíl
- Léas Fadtéarmach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Léirithe Spéise maidir le Forbairtí Lándéanta
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
- Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis
SCÉIM DEISIÚCHÁIN AGUS LÉASAITHE
Tá suim ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i bhfoirgnimh atá gar do shráidbhailte agus do bhailte móra ina bhfuil scoileanna agus seirbhísí ar fáil go héasca.
Má tá suim agat sa scéim seo comhlánaigh, le do thoil, an Fhoirm Fhiosrúcháin um Léiriú Spéise Deisiúcháin agus Léasaithe agus cuir isteach roinnt grianghraf den fhoirgneamh.
Má mheastar an foirgneamh a bheith feiliúnach i leith tithíochta sóisialta agus é lonnaithe i gceantar ina bhfuil éileamh ar thithíocht shóisialta, socróidh Comhairle Chontae na Gaillimhe cuairt a thabhairt ar shuíomh an fhoirgnimh chun staid an fhoirgnimh a chinneadh agus chun na leibhéil deisiúcháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist chun an foirgneamh a thabhairt go dtí an caighdeán riachtanach a mheas.
Tar éis cuairt a thabhairt ar an suíomh, cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe Sceideal Oibreacha ar fáil d’úinéirí an fhoirgnimh bunaithe ar na Caighdeáin do Thithe Ar Cíos. Má bhíonn an t-úinéir ag dul ar aghaidh leis an Scéim RLS, gheobhaidh sé meastachán i leith na n-oibreacha agus déanfaidh sé socrú le conraitheoir chun an liosta oibreacha atá ar an Sceideal a chríochnú laistigh de fhráma ama socraithe.
SEICLIOSTA
- Ní mór d’úinéir an Fhoirgnimh a bheith cáin-chomhlíontach. Ní mór Deimhniú Imréitigh Cánach atá cothrom le dáta a chur ar fáil.
- Ní mór don fhoirgneamh a bheith comhlíontach leis an gCead Pleanála atá deonaithe.
- Ag brath ar chostas na n-oibreacha, is é 5 bliana, 10 mbliana, 15 bliana an téarma íosta léasaithe. D’fhéadfadh léas díreach nó Socrú Infhaighteachta Cíosa a bheith i gceist leis an léas.
- Is é €80,000 an t-uasmhéid do chostas deisiúcháin faoin scéim (CBL san áireamh) in aghaidh an Aonaid. Déanfar costas iomlán na ndeisiúchán a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim léasa a bheidh ag dul don úinéir i rith thréimhse an chomhaontaithe léasa.
- An cíos is airde le haontú leis an Tiarna Talún – faoi léasú díreach an ráta atá ann ná 80% (85% i gcás árasán) de chíos reatha an mhargaidh. Go hiondúil, tarlóidh athbhreithnithe cíosa gach trí nó ceithre bliana.
- Ta an costas incháilithe teoranta do chostais na n-oibreacha riachtanacha atá ag teastáil chun an foirgneamh a thabhairt i gcomhlíonadh le rialacháin Chaighdeán Tithíochta do Thithe Ar Cíos.
- Ní mór don bhfoirgneamh a bheith folamh ar feadh 12 mí ar a laghad roimh an iarratas: beidh cruthúnas go raibh sé folamh ag teastáil; mar sh. Billí Leictreachais.
- Ní mór go mbeadh éileamh ar thithíocht shóisialta don bhfoirgneamh sa cheantar. Ní féidir leis an tiarna talún an tionónta a roghnú. Ní bheidh an teach ar fáil do thionóntaí príobháideacha.
- Ní mór go mbeadh an foirgneamh measúnaithe a bheith inmharthana chun tithíocht shóisialta a sholáthar ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.
- Beidh gá le teastais BER i leith gach foirgneamh. D’fhéadfadh íosleibhéil BER a bheith i bhfeidhm i roinnt ceantar údaráis áitiúil.
- Faigheann úinéir an fhoirgnimh meastacháin i leith na n-oibreacha agus ceapann sé an Conraitheoir Tá sé freagrach freisin as na hoibreacha a chríochnú ag teacht leis an gcaighdeán atá leagtha síos i Sceideal na nOibreacha.
- Ní mór go mbeadh an Conraitheoir cáin-chomhlíontach. Tabhair ar aird, le do thoil, nach mór go mbeadh deimhniú imréitigh cánach an Chonraitheora coinnithe ar chomhad ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Cén cineál deisiúcháin a íocfar as faoin scéim?
Ní bheadh ag teastáil ó na foirgnimh idéalacha a bhfuiltear ag díriú orthu faoin RLS ach leibhéal íseal infheistíochta chun iad a thabhairt aníos go dtí an caighdeán atá riachtanach le ligean. Cuimseoidh mórchuid na n-oibreacha feabhsúcháin,
- urláir, cistin, troscán nua;
- oibreacha pluiméireachta, nó teasa de ghrád íseal, uasghrádaithe éifeachtúlachta fuinnimh;
- uasghrádú nó athsholáthar fuinneoga agus doirse;
- insliú;
- péinteáil agus maisiúchán.
Ní shamhlaítear go mbeidh aon leibhéal d’oibreacha suntasacha struchtúracha ag teastáil agus i mórán de na cásanna ní bheidh cead pleanála i gceist.
Ar an iomlán cuimsíonn na tairbhí a bhaineann le RLS d’úinéir an fhoirgnimh -
• Cíos ráthaithe ar fhoirgneamh nach raibh ag cruthú ioncaim;
• Uasghrádú ar fhoirgneamh a d’fhéadfadh, seachas sin, a bheidh tréigthe;
• Seachnaíonn tú cailliúint cíosa le linn tréimhsí folmha;
• Ní gá cíos a bhailiú ná tionónta nua a lorg;
• Seachnaíonn tú costais fhógraíochta.
Is féidir aon cheisteanna nó fiosrúcháin a sheoladh chuig:
091 509560
Déan Fiosrúcháin:
Scéim do Chóiriú agus Léasú Forim Fiosrúcháin
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte