Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht inacmhainne
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Tithe Folmha agus Ciste Croí Cónaithe
- Spėis Talamh a Dhoíl
- Léas Fadtéarmach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Léirithe Spéise maidir le Forbairtí Lándéanta
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
- Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis
Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)
Tríd an Scéim ÍCT do Dhaoine gan Dídean (Áit a Aimsiú) cuirtear tacaíochtaí breise airgeadais agus tacaíochtaí lena mbaineann ar fáil do thionóntaí agus do thiarnaí talún, mar aon leis na sochair a bhaineann leis an scéim náisiúnta ÍCT.
Is cineál tacaíochta tithíochta sóisialta atá in Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) arna cur ar fáil ag údaráis áitiúla agus ina ligtear do líonta tí a aimsíonn obair lán-aimseartha fanacht sa scéim. Tiocfaidh an ÍCT in áit an Fhorlíonadh Cíosa dóibhsean a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu agus a cháilíonn do thacaíocht tithíochta sóisialta. Faoi ÍCT, cuireann údaráis áitiúla cúnamh tithíochta ar fáil do líonta tí a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu, lena n-áirítear daoine a fhaigheann Forlíonadh Cíosa go fadtéarmach.
Faoin Scéim ÍCT (Áit a Aimsiú), déanfar:
• Maoin a aithint agus a mheaitseáil le cliaint ón spriocghrúpa
• Éarlais ar mhaoin a íoc leis an tiarna talún / gníomhaire thar ceann an tionónta
• Socrú chun mí cíosa a réamhíoc thar ceann an tionónta
• Socrú chun an cíos míosúil a réamhíoc leis an tiarna talún / gníomhaire gach mí
Cén fáth a bhfuil ÍCT - Áit a Aimsiú de dhíth orainn?
• Géarchéim Tithíochta
• An gá tacaíochtaí breise a chur ar fáil do spriocghrúpa
• Cúnamh a thabhairt do líonta tí atá i gcóiríocht éigeandála go mór mór le go mbeidh teacht acu ar éarlaisí agus ar réamhíocaíochtaí cíosa
Conradh:
• Is conradh príobháideach a bheidh ann idir an tiarna talún agus an tionónta ÍCT. Is tionónta de chuid an tiarna talún an tionónta ÍCT agus ní tionónta de chuid an údaráis áitiúil. Déanfar an tionóntacht a rialú de réir théarmaí an Achta um Thionóntachtaí Príobháideacha 2004 (arna leasú)
Conas is féidir LEATSA cuidiú:
• An mian leat bheith i do thiarna talún ach nach bhfuil a fhios agat le tabhairt faoi?
• An gníomhaire tú a bhfuil maoin agat nach bhfuil éasca a ligean ar cíos?
• Ar mhaith leat cuidiú chun fadhb na heaspa dídine a fhuascailt i gContae na Gaillimhe trí chóiríocht a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil a leithéid de dhíth orthu?
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an scéim i gContae na Gaillimhe téigh i dteagmháil le seirbhís ÍCT Áit a Aimsiú ar 091 509061 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig placefinder@galwaycoco.ie
• Chun eolas ginearálta a fháil maidir le scéim ÍCT, téigh chuig www.hap.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte