- Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Easpa Dídine
Easpa Dídine
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht inacmhainne
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Tithe Folmha agus Ciste Croí Cónaithe
- Spėis Talamh a Dhoíl
- Léas Fadtéarmach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
- Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis
Maidir le daoine nach bhfuil lóistín ar fáil dóibh agus daoine a bhfuil cónaí orthu i mbrúnna oíche srl. de bharr nach bhfuil aon lóistín eile acu agus sin amháin, d’fhéadfadh an Chomhairle féachaint orthu mar dhaoine gan dídean i gcás nach bhfuil siad in ann lóistín a chur ar fáil óna n-acmhainní féin. D’fhéadfadh an Chomhairle aon cheann de na cineálacha lóistín seo a chur ar fáil, ag brath cibé an bhfuil gá agat le lóistín práinneach nó idirtréimhseach go fadtéarmach nó go gearrthéarmach:
Lóistín cosúil le brú a chuireann gníomhaireachtaí/comhlachtaí deonacha ar fáil
Lóistín práinneach Leaba is Bricfeasta san earnáil phríobháideach
Sainlóistín d’íobartaigh foréigin teaghlaigh
Lóistín gearrthéarmach a sholáthar go dtí go bhfaighfear lóistín príobháideach ar cíos, le cabhair ón Liúntas Leasa Forlíontach
Lóistín fadtéarmach sa Scéim um Lóistín ar Cíos, tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas
Lóistín fadtéarmach i dtithíocht údaráis áitiúil, tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas
Ba cheart do dhaoine gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean, glaoch a chur ar an Aonad Tithíochta ar 091-509300, nó glaoch a chur ar an gComhairle, le measúnú a dhéanamh ar an modh is fearr le cabhair a fháil maidir lena gcás áirithe.
D’fhéadfadh na teagmhálacha seo a leanas a bheith úsáideach do dhaoine a bhfuil lóistín uathu:
Cope – www.copegalway.ie
Is Carthanacht Ghaillmheach í Cope a chuireann 3 earnáil de sheirbhísí sóisialta ar fáil i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Áirítear orthu sin:
Lóistín práinneach agus seirbhísí tacaíochta do dhaoine gan dídean
Seirbhísí tearmainn agus for-rochtana do mhná agus do leanaí a mbíonn foréigean teaghlaigh ag dul dóibh
Seirbhísí Tacaíochta do Sheanóirí, ar a n-áirítear Lónadóireacht Pobail agus ionad lae do dhaoine scothaosta
Threshold – www.threshold.ie
Carthanas cláraithe is ea Threshold a chuireann ar fáil comhairle agus abhcóideacht rúnda agus saor in aisce do thionóntaí le fadhbanna tithíochta. Oibríonn sé freisin chun easpa dídine a chosc trína Sheirbhís Cosanta Tionóntachta. Saorghlao ar 1800454454 Dé Luain go Dé hAoine chun labhairt le comhairleoir nó chun comhairliúchán a chur in áirithe le duine.
Téigh go https://threshold.ie/ le haghaidh faisnéise, comhrá gréasáin nó ríomhphost a sheoladh.
Cuan Mhuire – www.cuanmhuire.ie
Ritheann Cuan Mhuire ionad ag Coolarne, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Cuireann an t-ionad clár cuimsitheach, struchtúrtha, cónaithe atá bunaithe ar staonadh ar fáil do dhaoine a bhíonn tugtha don ól agus do cheimiceáin eile agus don chearrbhachas chomh maith.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte