Ag cinntiú sábháilteacht struchtúir
- Naisc ábhartha eile
- Gearáin timpeallachta
- Feithiclí scoite
- Ceadúnú láithréan charbhán agus campálá
- Truailliú torainn agus aeir a rialú
- Ag cinntiú sábháilteacht struchtúir
DÉANMHAIS CHONTÚIRTEACHA
Tá de chumhacht ag Comhairle Chontae na Gaillimhe déileáil le haon fhoirgneamh, balla nó déanmhas eile de chineál ar bith; nó le haon chuid, nó aon rud atá greamaithe d'fhoirgneamh, de bhalla nó de dhéanmhas eile de chineál ar bith atá, nó gur dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine nó do mhaoin ar bith.
Is féidir an Chomhairle a chur ar an eolas faoi Dhéanmhas Contúirteach tríd an bhFoirm Ghearán um Dhéanmhais Chontúirteacha a líonadh isteach nó is féidir sonraí a sheoladh ar ríomhphost chuig environment@galwaycoco.ie
Tá beartas comhaontaithe i bhfeidhm ag an gComhairle maidir le déanmhais chontúirteacha.
LÁITHREÁIN THRÉIGTHE
Tá d'oibleagáid ar an gComhairle Clár Láithreán Tréigthe a bhunú agus a choimeád. Tá de chumhacht ag an gComhairle déileáil le haon talamh a bhaineann, nó ar dóigh dó baint, go feadh méid ábhartha, ó thaitneamhacht, ó shainghné nó ó dhealramh na talún i gcomharsanacht na talún i gceist.
Is féidir cóip den Chlár Láithreán Tréigthe a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig environment@galwaycoco.ie
Is féidir an Chomhairle a chur ar an eolas faoi Láithreán Tréigthe tríd an bhFoirm Ghearán um Láithreáin Thréigthe a líonadh isteach nó is féidir sonraí a sheoladh ar ríomhphost chuig environment@galwaycoco.ie
Tá beartas comhaontaithe i bhfeidhm ag an gComhairle maidir le láithreáin thréigthe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte