Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnach 2015-21
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
Tugadh an tobhach maidir le málaí plaisteacha isteach den chéad uair ar an 4 Márta 2002. 15 cent an mála an ráta an uair sin agus ba é príomhchuspóir a bhí leis laghdú ar líon na málaí plaisteacha a bhíodh á n-ídiú trí athrú a imirt ar iompar an tomhaltóra. Déantar gach tobhach a íoc isteach sa Chiste Comhshaoil.
Bhí tionchar ar an bpointe ar nósmhaireacht an tomhaltóra agus tháinig laghdú ar líon na málaí a d’úsáidtí ó 328 mála measta in aghaidh an duine go dtí 21 mála in aghaidh an duine ar an toirt.
Tugadh an tobhach 22 cent atá i bhfeidhm faoi láthair isteach an 1 Iúil 2007. Ardaíodh an tobhach ó bhí ardú tagtha ar líon na málaí in aghaidh an duine go dtí 31 faoi dheireadh na bliana 2006. Is é cuspóir atá leis an ráta ardaithe líon na málaí a úsáidtear in aghaidh an duine a ísliú go dtí 21 nó níos ísle.
AN BHFUIL AN TOBHACH LE hÍOC MAIDIR LE GACH MÁLA PLAISTEACH?
Níl. Seo a leanas na málaí plaisteacha nach ngearrtar tobhach ina leith:
-
Málaí beaga ina gcuirtear feoil, iasc nó éineoil úr, FIÚ SA CHÁS GO BHFUIL ÁBHAR PACÁISTÍOCHTA CHEANA ORTHU.
-
Málaí beaga ina gcuirtear torthaí, cnónna, milseáin, glasraí, bia cócaráilte te nó fuar, AR CHOINNÍOLL NACH BHFUIL PACÁISTÍOCHT CHEANA AR NA HEARRAÍ SIN.
-
Málaí a thugtar amach in ionaid siopadóireachta Saor ó Dhleacht.
-
Málaí athúsáide a dhíoltar ar 70 cent nó níos mó.
CÉA ÍOCANN AN TOBHACH?
Ní mór don chustaiméir a iarrann mála plaisteach siopadóireachta an tobhach a íoc. Is féidir an tobhach a sheachaint trí mhálaí athúsáide a úsáid.
CAD A THARLAÍONN DON AIRGEAD A BHAILÍTEAR?
Cuirtear an t-airgead a bhailítear isteach sa Chiste Comhshaoil agus baintear leas as maidir le tionscadail a bhaineann le cúrsaí bruscair, bainistiú dramhaíola agus cúrsaí comhshaoil.
CAD IS GÁDO MHUINTIR AN PHOBAIL A DHÉANAMH?
Ionas go mbíonn dea-thoradh ar an Tobhach seo, ní mór do dhaoine den phobal:
- Laghdú ar líon na málaí plaisteacha a úsáidtear
- Aon chás ina ndéantar málaí plaisteacha a dháileadh saor ó tháille a chur in iúl do:
An Brainse Comhshaoil, Comhairle Chontae na Gaillimhe Teil. 091-509510 nó environment@galwaycoco.ie
Déantar foráil faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Málaí Plaisteacha), 2001 do thobhach comhshaoil a ghearradh ar mhálaí plaisteacha agus do shocruithe maidir leis an tobhach a bhailiú chomh maith leis na tráthanna a n-íoctar an tobhach a leagan síos.
Déantar foráil faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Málaí Plaisteacha) (Leasú) (Uimh. 2) 2007 d’ardú ar mhéid an tobhaigh maidir le málaí plaisteacha ó 15 cent go dtí 22 cent an mála le héifeacht ón 1 Iúil 2007.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte