DIÚSCAIRT WEEE - DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta 2024-30
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
- Teicstílí - Athchúrsáil/Athúsaid
WEEE (ÁBHAR LEICTREACH AGUS LEICTREONACH)
Is DRAMHTHREALAMH LEICTREACH & LEICTREONACH é WEEE, agus go bunúsach, clúdaíonn sé sin rud ar bith a oibrítear go leictreach nó le ceallra nach bhfuil ag obair go sábháilte nó mar a ceapadh é. Tá an baol ann go ndéanfadh WEEE dochar don chomhshaol más rud é nach ndéantar é a dhiúscairt ar bhealach freagrach. Níor cheart WEEE a chur i mboscaí bruscair tí mar gheall ar a chontúirtí is atá earraí den sórt sin. Acmhainn luachmhar atá in WEEE chomh maith gur féidir a athchúrsáil saor in aisce, a dheisiú nó a athúsáid.
Cuimhnigh ar WEEE a dheisiú sula ndéanann tú é a dhiúscairt. Féach ar www.repairmystuff.ie.
Cuir ceist ar shiopaí carthanachta an cheantair an mbeidís sásta glacadh le tabhartais má tá an earra ag obair.
Má tá fearas nó píosa trealaimh nua leictreach, leictreonach nó ceallra-oibrithe ceannaithe agat, caithfidh an miondíoltóir nó soláthróir an seanfhearas nó an seanphíosa trealaimh atá cosúil leis an bhfearas/trealamh a cheannaigh tú a thógáil ar ais uait saor in aisce, ar an mbunús ceann ar ceann, gan chostas, fad atá sé glan agus sábháilte.
Glacann miondíoltóirí ceallraí le ceallraí de chineál dá samhail saor in aisce, gan gá duit aon rud a cheannach.
Tá roinnt miondíoltóirí earraí móra leictreacha ann a thógann WEEE ar ais saor ó tháille gan ort aon rud a cheannach. Féach ar https://www.weeeireland.ie/household-recycling/where-can-i-recycle/
Glacann Comhairle Chontae na Gaillimhe le WEEE saor ó tháille ag a Láithreacha Fóntas Poiblí i dTuaim, sa Chlochán agus i mBéal Átha na Sluaighe. Do theaghlaigh amháin an tseirbhís seo.
Féach ar https://www.weeeireland.ie/household-recycling/where-can-i-recycle/ nó déan teagmháil le do bhailitheoir dramhaíola.
Tá liosta iomlán de na bailitheoirí dramhaíola ceadaithe ar fáil ar www.nwcpo.ie
Chun comhairle a fháil maidir le WEEE a dhiúscairt i gCo. na Gaillimhe, déan teagmháil leis an rannóg Comhshaoil ar 091-509510 nó seol ríomhphost chuig environment@galwaycoco.ie
ATHCHÚRSÁIL VÁPÁIL AGUS TOITÍNÍ LEICTREONACH SAOR IN AISCE I GCÓRAS BAILITHE I mBOSCA GORM NA GCEALLRAÍ WEEE IRELAND I SIOPAÍ, MIONDÍOLTÓIRÍ LEICTREACHA, AGUS LÁITHREÁIN FÓNTAIS POIBLÍ NA N-ÚDARÁS ÁITIÚIL. SONRAÍ IOMLÁNA AG Athchúrsáil Feistis Toitíní leictreonach & Vápeanna Saor in Aisce - WEEE Ireland
Tuilleadh eolais faoi WEEE
Cineál dramhaíola atá i nDramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL) a dtagann aon ghaireas leictreachais nó leictreonaice atá briste nó imithe ó rath i gceist leis. Tá réimse leathan earraí san áireamh leis mar ríomhairí, printéirí agus meaisíní faics, innill níochána, cuisneoirí agus eile.
Áirítear deich gcinn d’aicmí dramhaíola mar DTLL:
- Mórfhearais tí
- Mionfhearais tí
- Trealamh TE & teileachumarsáide
- Trealamh tomhaltóirí
- Trealamh solais
- Uirlisí leictreacha agus uirlisí leictreonacha
- Bréagáin, fearas fóillíochta agus fearas spóirt
- Fearais leighis
- Trealamh monatóireachta agus rialaithe
- Fearas dáiliúcháin uathoibreach
An Tomhaltóir Tís
• Cá háit is féidir liom DTLL a thabhairt lena athchúrsáil?
Sa chás go bhfuil fearas nó trealamh nua leictreach nó leictreonach ceannaithe agat, tá dlite ar an miondíoltóir nó ar an soláthraí an seanfhearas nó an seantrealamh atá ar aon dul leis an bhfearas nó an trealamh atá tú a cheannach, a ghlacadh uait saor ó tháille, bunaithe ar an líon céanna agus an cineál céanna a bheith i gceist.
Sa chás go bhfuil spás díolacháin TLL ag an miondíoltóir is fairsinge ná 400m2, ní mór don mhiondíoltóir soláthar a dhéanamh do threalamh a ghlacadh ar bhonn a haon in aghaidh a náid (i.e. ní gá go mbeadh aon trealamh nua á cheannach).
Údaráis Áitiúla Tá dlite ar údaráis áitiúla freisin ábhar DTLL tís a ghlacadh saor ó tháille ó dhaoine den phobal ag na hIonaid Athchúrsála. Is maidir le hábhar teaghlaigh amháin a chuirtear an tseirbhís sin ar fáil.
An Tomhaltóir Gnó
Sa chás gur mian le gnólacht ábhar DTLL a dhiúscairt, ní mór socrú a dhéanamh le bailitheoir dramhaíola príobháideach nó le hionad dramhaíola. Níl ceangailte ar Údarás Áitiúil glacadh le DTLL idirghnólachtaí (B2B). Tugtar faoi deara gur saoráidí príobháideacha atá ceadaithe/ceadúnaithe amháin ba chóir do ghnólacht a úsáid i ndáil le dramhábhar leictreach nó leictreonach a dhiúscairt.
Lucht Miondíolacháin - Cad is gá do mhiondíoltóirí a bheith ar an eolas ina leith?
- Faoi na Rialacháin ní mór do gach miondíoltóir a chuireann TLL agus cadhnraí gluaisteáin agus/nó tionsclaíochta ar fáil clárú mar mhiondíoltóir leis an Údarás Áitiúil (€200) nó leis an Scéim Comhlíonta (saor ó tháille) atá i bhfeighil na gcúrsaí sin sa cheantar.
- Ní mór gach áitreabh miondíolacháin faoi leith a chlárú. Is coinníoll faoi leith an ceangal go ndéanfadh miondíoltóir clárú seachas go ndéanfadh Táirgeoir clárú.
- Bíonn dualgais eile ar Mhiondíoltóirí TLL agus Cadhnraí faoi na Rialacháin maidir le DTLL agus na rialacháin maidir le cadhnraí, ina measeolas faoi phraghsanna a chur ar taispeáint i ndáil le costais a ghabhann le bainistíocht timpeallachta maidir le DTLL
- eolas don lucht úsáide faoi earraí a ghlacadh ar ais agus a athchúrsáil a chur ar taispeáint sa siopa, ar líne agus in ábhar fógraíochta nó in ábhar cumarsáide díreach
- Fógra faoin dlí a chur ar taispeáint sa siopa.
Tá bailiúchán móibíl saor in aisce d’fhearais leictreachais tí curtha siar go dtí go dtabharfar fógra breise. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le WEEE Ireland at https://www.weeeireland.ie/contact/ nó 01 2999320.
Breis eolais ar fáil thíos
http://www.weeeireland.ie
RIALACHÁIN AN AONTAIS EORPAIGH (DRAMHTHREALAMH LEICTREACH AGUS LEICTREONACH) 2014
Treoir maidir le DTLL do lucht Miondíolacháin
Bileog do lucht Miondíolacháin maidir le cadhnraí agus DTLL
Foirm Iarratais WEEE
Pointe Teagmhála
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte