Cosc Dramhaíl
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta 2024-30
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
- Teicstílí - Athchúrsáil/Athúsaid
Fáilte chuig leathanach cosc dramhaíola Chomhairle Chontae na Gaillimhe. ‘Sí aidhm an leathnaigh seo ná tuiscint maidir le cosc dramhaíola a thabhairt don lucht léitheoireachta agus conas gur féidir leo cur le cosc dramhaíola éifeachtach sa bhaile nó san ionad oibre.
Glactar leis go ginearálta go bhfuil róghiniúint dramhaíola ag déanamh dochar don timpeallacht agus mar sin ba cheart dúinn iarracht a dhéanamh dramhaíl a chosc an oiread agus is féidir. Cuirfidh sé seo srian le ró-úsáid acmhainní agus cuideoidh sé an dochar a dhéantar don timpeallacht a laghdú.
Céard é Dramhaíl a Chosc?
Is fearr dramhaíl a chosc seachas rogha ar bith eile bainistithe dramhaíola. Tá dramhaíl a chosc bunaithe ar gan dramhaíl a chruthú sa chéad áit nó cur le fad saoil táirge nó ábhair trí athúsáid sa dara háit.
Tá dramhaíl a chosc ag barr an ordlathais bainistithe dramhaíola. Tá neart bealaí ar féidir linn an méid dramhaíola a chruthaíonn muid a laghdú agus is féidir linn difear a dhéanamh go cinnte le hathruithe simplí.
Leideanna le haghaidh dramhaíl a chosc
- Dramhaíl a chosc ag an bhfoinse an rogha is fearr - bí ar an eolas faoin dramhaíl a chruthaíonn tú.
- Agus smaoinigh sula gceannaíonn tú ní éigin - an bhfuil sé seo ag teastáil uait i ndáiríre?
- Cuimhnigh ar earraí a dheisiú sula gcaitheann tú amach iad.
- Déan múirín d’ábhar orgánach agus laghdóidh sé sin suas go dtí 33% de do dramhaíola
- Seachain pacáistiú nuair is féidir.
- Ceannaigh nithe ar an mórchóir nuair is féidir chun pacáistiú a laghdú tuilleadh.
- Úsáid coimeádán is féidir a úsáid arís in áit clúdach plaisteach amhail scannán cumhdaithe.
- Úsáid ceallraí in-athluchtaithe.
- Pleanáil do bhéilí agus bain úsáid as liosta agus tú ag siopadóireacht.
- Athúsáid bia nár itheadh.
- Bain úsáid as málaí siopadóireachta in-athúsáidte
- Bain úsáid as buidéil, fleascanna, cupáin agus sceanra in-athúsáidte.
Is é Dramhaíl a Chosc an teachtaireacht is mó de na teachtaireachtaí bainistithe dramhaíola agus de na tionscnaimh timpeallachta phobalbhunaithe go léir a chuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe chun cinn chun é sin a léiriú.
Dramhaíl a Chosc i nGnólachtaí
Is acmhainn é www.mywaste.ie/business/ a bhfuil sé mar aidhm aige eolas atá de dhíth a chur ar fáil chun cleachtais mhaithe timpeallachta a chur i bhfeidhm san áit oibre a chuideoidh ní hamháin le feabhas a chur ar fheidhmíocht ó thaobh na timpeallachta ach le hairgead a shábháil freisin. Is féidir dul chun cinn ó thaobh na timpeallachta a bhaint amach trí leas a bhaint as teicnící dea-chleachtais maidir le héifeachtúlacht agus úsáid acmhainní. Is féidir sin a bhaint amach réasúnta éasca trí staidéar agus monatóireacht a dhéanamh ar ídiú acmhainní le linn tréimhse ar leith agus trí aschur gnólachtaí a mheas ag an am céanna.
DRAMHAÍL BIA
Bunaithe ar staidéar a rinne Ionad Teicneolaíochta Glaine Chorcaí, cuireann gach líon tí in Éirinn luach €700 sa bhliain ar an meán de bhia amú. Do roinnt teaghlach, d'fhéadfadh níos mó ná €1000 a bheith i gceist!
Cliceáil anseo chun an bhileog maidir le Dramhaíl a Chosc sa bhaile a fháil nó féach ar www.stopfoodwaste.ie chun tuilleadh comhairle a fháil ar dhramhaíl bia a chosc.
Tuilleadh eolais ag mywaste.ie
Sonraí Teagmhála Roinn na Timpeallachta
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte