Bailiú Dramhaíl Tí
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnach 2015-21
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
NUASHONRUITHE NOLLAIG 2023
Ciallaíonn reachtaíocht nua, a thiocfaidh
i bhfeidhm i mí Eanáir 2024, go mbeidh gach sealbhóir tí in Éirinn i dteideal seirbhís bailithe athchúrsála araidí donna óna bhailitheoir dramhaíola.
Féach mywaste.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
CÉARD A THÉANN ....
SA BHOSCA ATHCHÚRSÁLA
- Téann pacáistíocht phlaisteach, páipéar, cairtchlár agus cannaí sa bhosca athchúrsála ach iad ar fad a bheith glan, tirim agus scaoilte.
CÉARD A THÉANN ....
SA BHOSCA BRUSCAIR
- Pacáistíocht atá salach nó truaillithe
- Luaith fhuaraithe i mála
- Dramhaíl sláintíochta
- Maisc
- Miotóga
- Clúidíní
- Earraí ceirmeacha
(Ná Cuir péint, cannaí péinte, ábhar guaiseach, ábhar in-athchúrsáilte, bróga, teicstílí glana, cadhnraí, dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, gloine, ola, cannaí ola, smionagar, steallairí, bolgáin solais a spárálann fuinneamh, ná earraí troma miotail sa bhosca seo).
Tuilleadh Eolais Bosca Bruscar
CÉARD A THÉANN ....
SA BHOSCA ATHCHÚRSÁLA DRAMHAÍOLA BIA (DONN)
- Dramhaíl bhia atá cócaráilte nó amh
- Scríobóga ó phlátaí
- Cnámha
- Caife meilte
- Málaí tae
- Torthaí agus glasraí
- Pacáistíocht inmhúirínithe
- Duilliúr agus bláthanna
- Tuáillí agus naipcíní páipéir
(Ná Cuir pacáistíocht neamh-inmhúirínithe, ábhar in-athchúrsáilte, gloine, plaisteach, dramhaíl leighis, ná dramhaíl ghuaiseach sa bhosca seo).
Tuilleadh Eolais Bosca Orgánach (Donn)
Téigh chuig www.mywaste.ie nó déan teagmháil le do chonraitheoir dramhaíola má bhíonn aon cheisteanna agat.
BAINISTÍOCHT DRAMHAÍL TÍ
Déanann oibreoirí earnála príobháidí an tseirbhís bailithe dramhaíola tí a sholáthar i gContae na Gaillimhe. Déanann cuideachtaí éagsúla seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthar in áiteanna éagsúla ar fud an chontae. Is ceart do thomhaltóirí teagmháil a dhéanamh leis na soláthróirí seirbhíse sin chun mionsonraí a fháil faoi sheirbhísí agus faoi chostais.
Clár na mBailitheoirí Dramhaíola Teaghlaigh Údaraithe i gContae na Gaillimhe
Féach ar mywaste.ie chun sonraí bailitheoirí dramhaíola i gCo. na Gaillimhe a fháil.
Sa chás go bhfuil tú ar Bhealach Seirbhísithe (lena n-áirítear laistigh de 100m ó bhealach seirbhísithe)is seirbhís araid rothaí atá ar fáil duit do bhailiúchán scagtha in-athchúrsáilte, orgánach agus dramhaíol líonta talún.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó Íoc de Réir Meáchain do d'áras agus cead málaí a úsáid mar mhodh diúscartha, agus conaí ort laistigh de 100m ó bhealach seirbhísithe, comhlánaigh agus seol ar ais an fhoirm seo GCC-ENV-21(B)-00
Má tá do líon tí lasmuigh de scóp Bhealach Seirbhísithe, féadfaidh tú leas a bhaint as mála nó seirbhís araid rothaí.
*Bhí an t-eolas seo cruinn tráth a foilsíodh é 17/01/2024
Fógra
Ní mór do gach teaghlach a ndramhaíl a bhainistiú trí chloí le ceann ar bith de na roghanna a leanas:
1. Clárú le Bailitheoir Dramhaíola ceadaithe atá ag feidhmiú i limistéar Comhairle Chontae na Gaillimhe chun dramhaíl a bhailiú ar cholbha an chosáin.
2. Go ndéanfaidh sealbhóir na dramhaíola dramhaíl baile/tráchtála bhardasach a scagadh agus a sheachadadh go díreach go dtí saoráid dramhaíola údaraithe. Ní mór admhálacha a choinneáil mar chruthúnas go bhfuil leas á bhaint as an rogha seo.
3. Bosca Bruscair a Roinnt. Beidh cruthúnas maidir leis an socrú roinnte seo de dhíth.
An Rannóg Timpeallachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh, 091-509510 nó environment@galwaycoco.ie.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte