Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta 2024-30
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
- Teicstílí - Athchúrsáil/Athúsaid
Ceadanna
Dramhaíola | Ceadanna do Bhailitheoirí Dramhaíola
3.4.1 CEADANNA DRAMHAÍOLA
De réir alt 39 den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 caithfidh ceadúnas dramhaíola a bheith faighte ón nGíomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) do ghníomhaíochtaí dramhaíola. Tá roinnt gníomhaíochtaí díolmhaithe agus nach mbíonn ach cead dramhaíola ag teastáil ón Údarás Áitiúil. I measc na ngíomhaíochtaí a mbíonn cead uathu tá, ionaid athchúrsála agus bhailithe, ionaid baint as a chéile feithicil agus ionaid diúscartha ina dtógtar suas le 5,000 tona in aghaidh na bliana (gan dramhaíl ghuaiseach ná líonta talún a chur san áireamh). Go ginearálta is ar scála níos lú a bhíonn na gníomhaíochtaí seo gan mórán baol don timpeallacht.
Córas oscailte agus trédhearcach é an córas do cheadanna dramhaíola in Éirinn. Tá an t-iarratas agus aon eolas a bhaineann leis ar fáil lena iniúchadh in oifigí an Rannóg Timpeallachta. Tá sé de cheart ag aon duine iarratas i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an iarratas. Caithfidh 21 lá a bheith caite ó fhaigheann Comhairle Chontae na Gaillimhe an t-iarratas nó eolas a bhí iarrtha roimh cead a thabhairt nó a dhiúltú.
Ní féidir le Comhairle Chontae na Gaillimhe cead a thabhairt ach amháin más rud:
- Nach ndéanfaidh an ghníomhaíocht truailliú don timpeallacht
- Nach sáraíonn astuithe na caighdeáin ábhartha nó na luach-teorainneacha d’astuithe
- Go mbaintear úsáid as an teicneolaíocht is fearr ar bheagán costas.
Iarratas ar Chead Dramhaíola
Cead Saoráide Dramhaíola agus foirm Iarratais ar Dheimhniú Clárúcháin. Le haghaidh iarratas nua agus athbhreithnithe.
Cead Saoráide Dramhaíola & Deimhniú Clárúcháin Foirm Iarratais
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le 091-509510 or wastepermit@galwaycoco.ie
3.4.2 CEADANNA DO BHAILITHEOIRÍ DRAMHAÍOLA
An aidhm atá leis an gcóras Ceadanna do Bhailitheoirí Dramhaíola ná srianta i leith bailiú dramhaíola tráchtála, chun dea-bhainistíocht dramhaíola a chinntiú agus ardchaighdeán caomhnú na timpeallachta a chur ar fáil. De réir na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailithe), 2001 caithfidh beagnach gach bailitheoir dramhaíola iarratas a dhéanamh ar chead bailithe dramhaíola. (Tá roinnt gníomhaíochtaí bailithe díolmhaithe ón riachtanas ar cheadanna a cheadú, os rud go bhfuil siad á rialú ag reachtaíocht eile).
Is Comhairle Chontae Mhaigh Eo an t-údarás ainmnithe do Limistéar Chonnachta agus tá an comhairle ag déileáil le riarachán na rialacháin thar ceann an sé Údarás Dramhaíola i gConnacht (Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae Liatroma, Comhairle Chontae Ros Comáin, Comhairle Chontae Shligigh agus Comhairle Contae Mhaigh Eo).
Caithfidh iarrthóirí fógra a chur sna nuachtáin áitiúil ag cur in iúl go bhfuil sé i gceist acu iarratas a dhéanamh. Is féidir le duine ar bith iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo laistigh de 6 seachtain d’iarratas a bheith déanta. Is féidir eolas a fháil i leith ceadanna do bhailitheoirí dramhaíola ó oifigí an Rannóg Timpeallachta nó ar http://www.connaughtwaste.ie
Tá an Comhairle eolach ar bhailitheoirí neamhdhleathacha a bhíonn ag cur seirbhísí ar fáil trí fógraí a fhógairt sna nuachtáin agus trí fógráin. Is minic go ndéantar an dramhaíl a fhágáil i ngnáthóga íogair agus thábhachtacha comhshaoil agus i líonta talún neamhdhleathacha.
Is coir atá ann do dhaoine den phobal dramhaíl a thabhairt do bhailitheoirí nach bhfuil Cead do Bhailitheoirí Dramhaíola acu. Tá Uimhir Cheada do Bhailitheoir Dramhaíola ag gach bailitheoir dramhaíola bailí. Is féidir an uimhir seo a scrúdú ar www.connaughtwaste.ie nó trí teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Timpeallachta ag (091) 509302.
Más rud go bhfuil tú ag baint úsáid as seirbhísí Bailitheoir Dramhaíola Príobháideach, déan cinnte go bhfuil Cead do Bhailitheoirí Dramhaíola bailí acu.
Déantar cur síos ar thruailliú na timpeallachta, maidir le dramhaíl, san Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, mar coinneáil, iompar, bailiú nó diúscairt dramhaíola ar shlí a d’fhéadfadh, go suaitheantasach, sláinte an duine a chur i mbaol nó dochar a dhéanamh don timpeallacht, agus go háirithe -
a. contúirt a bheith ann d’uiscí, don atmaisféar, talamh, ithir, plandaí nó ainmhithe b. núis a chruthú trí torann, boladh nó bruascar, nó c. go ndéanfaí dochar don tuath nó áiteanna ar díol spéise iad.
An Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola
Ar an 1 Feabhra 2012 a ceapadh Comhairle Chontae Uíbh Fhailí mar an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola agus tá sí ina bhun sin ó shin i leith. Is é ról na hOifige glacadh le gach iarratas nua ar Chead Bailithe Dramhaíola ó gach Réigiún Bailithe Dramhaíola i bPoblacht na hÉireann agus athbhreithniú a dhéanamh orthu. Cuireann sí le Ceadanna Bailithe Dramhaíola atá eisithe cheana freisin agus déanann leasú orthu.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte