Múiríniú
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnach 2015-21
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
Is é atá sa téarma ‘múiríniú’ ná an t-ainm a thugtar don phróiseas nádúrtha ar tríd a dhianscaoiltear ábhar plandúil agus ábhar ainmhíoch ina ábhar saibhir, dorcha de chineál ithreach. Is é is aidhm do mhúiríniú ná dramhaíl teaghlaigh agus dramhaíl gharraí a thiontú ina múirín dúdhonn, briosc lena ngabhann boladh milis. Tá múiríniú ina bhealach éasca chun cothaithigh an ábhair orgánaigh sin a chur ar ais san ithir ar chostas íseal. Is féidir múirín a úsáid mar fheabhsaitheoir ithreach, mar mhóta dromchla nó mar leasachán. Ní amháin go gcuireann sé cothaithigh isteach san ithir ach, freisin, feabhsaíonn sé struchtúr na hithreach agus méadaíonn sé acmhainn coinneála uisce agus aerúchán na hithreach.
Cén áit agus Cén tslí inar féidir liom Múiríneoir a Cheannach?
Tá Múiríneoirí Baile ar fáil ón Rannóg Comhshaoil ar chostphraghas €80.00. Féach Ceann 224 Anseo
Tá 3 rogha éasca ann chun íoc as:
- Airgead tirim ag ár nDeasc Airgid Thirim, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
- Seic (iníoctha le Comhairle Chontae na Gaillimhe) agus é a chur leis an bpost chuig Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
- Cárta Creidmheasa nó Cárta Laser (091 509318/509132).Má tá aon cheisteanna eile agat, cuir glaoch teileafóin ar 091- 509510 nó cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig environment@galwaycoco.ie
Tús a chur leis an bpróiseas:
Is iomaí córas múirín ata ar fáil-boscaí Múiriniú, rothladóirí, piastlanns, fiú cinn leitreacha! Is é an modh is fear a oireann do chuid riachtanas an ceann is fear duitse.
Bosca Muiriniu atá oiriúnach do ghlasraí agues torthaí amha, tae agus málaí tae, caifemeilte, agus méideanna beaga de dramhaíl gharraí.
Dileiteoir Bia ata oiriúnach do bhia cócaráilte. Teastaíonn luasaire i bhfoirm baictéar don phróiseas seo chun briseadh síos bia a chinntiú.
Piastlann ata oiriúnach do bhia cócarailte. Tá obair ag baint leis an bpróiseas seo agus teastaíonn aire a thabhairt dó mar go bhfuil péisteanna ann.
Tuilleadh Eolais - Conas Muiriniu a dheananh
Bealaí chun úsáid a bhaint as an Múirín:
- Chun ceapacha bláthanna agus glasraí a shaibhriú, leath amach sraith múirín thart ar ocht gceintiméadar ar doimhneacht agus fág é ar feadh an gheimhridh lena dhianscaoileadh isteach san ithir nó is féidir é a thochailt isteach san ithir.
- Nuair a chuirtear múirín isteach san ithir, bíonn sí níos éadroime agus bíonn an draenáil níos fearr. Táthaíonn sé na comhchodanna éagsúla d’ithir ghainmheach le chéile, rud a fhágann go bhfuil uigeacht níos fearr ann. Leath amach an múirín ina shraith throm thart ar ocht go deich gceintiméadar ar doimhneacht.
- I gcás plandaí tí agus nuair atá potú á dhéanamh, measc an múirín le méideanna comhionanna ithreach garraí agus gainimh.
- Úsáid múirín criathraithe, agus é measctha le gaineamh, mar mheascán tosaithe síolta nó mar leasú ar bharr léana.
- Feidhmíonn múirín go maith mar mhóta nó mar bharr-chóiriú do cheapacha bláthanna agus do chiumhsóga tor agus d’fhálta. Croith an múirín ar an ithir nuair atá sé te agus fiuch agus coinneoidh sé uisce san ithir agus coiscfidh sé fiailí, chomh maith le plandaí a bheathú.
- Úsáid é nuair atá crainn nó toir á bplandáil, trí lán buicéid de a mheascadh leis an ithir ag bun an phoill ina bhfuil an phlandáil le déanamh.
- Is féidir múirín a stóráil i málaí lena úsáid ina dhiaidh sin.
- Éireoidh an ithir díreach faoin araid mhúirín an-saibhir – is féidir leat í a bhaint amach gach ré bliain agus ithir nach bhfuil chomh maith céanna a chur ina hionad.
- Is é an t-earrach agus an samhradh an tráth is fearr chun múirín a úsáid, sin nó díreach roimh phlandáil a dhéanamh.
- Ná húsáid múirín ar luibheanna mar gur fearr leo sin ithir nach bhfuil chomh saibhir sin agus ná húsáid é ar phlandaí nua-churtha mar go spreagann sé fás iomarcach duilleog, gan dóthain bláthanna a spreagadh. I gcás na limistéar seo, tochail an múirín isteach an geimhreadh roimh ré.
Múirín a Iompú
Nuair a iompaíonn tú múirín go minic, déantar aerú ar an ábhar. Cuidíonn sin an t-ábhar a dhianscaoileadh agus cuireann dlús leis an bpróiseas múirínithe. Is féidir sin a dhéanamh ach é a chartadh le píce nó spáid nó meascthóir múirín bíse a úsáid mar a bhfuil cur síos air thíos.
http://www.stopfoodwaste.ie/ chun comhairle a fháil faoi chosc a chur le diomailt bia agus faoi mhúiríniú ábhair orgánaigh
Ceisteanna faoi Mhúirín:
Má tá aon cheisteanna agat faoi mhúiríniú nó más mian leat seimineár múirínithe a eagrú i do Phobal, dean teagmháil le Comhairle Chontae na Gaillimhe, 091-509510, environment@galwaycoco.ie
Pointe Teagmhála
Próiseas Achomhairc
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte