CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta 2024-30
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
Níor chóir do dhaoine ceallraí dramhaíola a chur in araidí líonta talún nó athchúrsála. Ní mór ceallraí dramhaíola a bhailiú agus a athchúrsáil Saor in Aisce trí iad a thaisceadh ag asraonta miondíola nó saoráidí athchúrsála údaráis áitiúil.
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ceallraí agus Taisc-Cheallraí) 2014
Tá na Rialacháin seo ceaptha chun athchúrsáil ceallraí dramhaíola a chur chun cinn. Éascófar leis na rialacháin go háirithe baint amach spriocanna maidir le ceallraí dramhaíola a bhailiú, a chóireáil, a athchúrsáil agus a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol arna bhunú ag Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola agus lena n-aisghairtear Treoir 91/157/CEE.
Forchuireann na Rialacháin sin oibleagáidí ar dhaoine a sholáthraíonn ceallraí do mhargadh na hÉireann, cibé acu ar mhiondíoltóirí, allmhaireoirí nó déantúsóirí iad. Tá díolúine ó na hoibleagáidí sin ar fáil do dhaoine a ghlacann páirt i scéim chun ceallraí dramhaíola a bhailiú, a chóireáil, a athchúrsáil agus a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol arna bhunú ag comhlacht ceadaithe.
Ón 26 Meán Fómhair 2008, beidh úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola i dteideal iad a thabhairt ar ais saor in aisce chuig asraonta miondíola a dhíolann ceallraí comhionanna nó chuig ionaid bhailithe cheadaithe eile, lena n-áirítear ionaid athchúrsála údaráis áitiúil. Níl gá le ceannach chun ceallraí dramhaíola a thabhairt ar ais. Ní mór do mhiondíoltóir a dhíolann ceallraí glacadh le ceallraí dramhaíola ó mhuintir an phobail ag an áitreabh. Ní mór do gach siopa a dhíolann ceallraí coimeádáin a bheith acu chun ceallraí a thógáil ar ais chomh maith le comharthaíocht a chuireann sin in iúl don phobal ag na pointí díolacháin. Ní gá do dhaoine ceallraí a cheannach chun na ceallraí dramhaíola a thabhairt chuig siopa.
CEALLRAÍ
Sainmhínítear ceallra (nó taisc-cheallraí) sna rialacháin um Cheallraí agus Thaisc-cheallraí mar fhoinse fuinnimh leictrigh arna ghiniúint trí fhuinneamh ceimiceach a thiontú go díreach agus atá comhdhéanta de cheall ceallraí príomhúla (neamh-inluchtaithe) amháin nó níos mó nó comhdhéanta de cheall ceallraí tánaisteacha (in-luchtaithe).
Tá 3 chineál ceallraí clúdaithe faoi na Rialacháin seo:
- Ceallraí iniompartha (lena n-áirítear na cinn atá le fáil i spuaicphacaí a úsáidtear i bhfearais tí, bréagáin, fóin phóca, cianrialtáin, cnapchealla a úsáidtear i gceamaraí, uaireadóirí srl.)
- Ceallraí tionscail (lena n-áirítear na cinn a úsáidtear i bhforcardaitheoirí, trucailí pailléide leictreacha, feithiclí leictreacha agus bugaithe gailf) agus
- Ceallraí uathghluaisneacha (ceallra adhainte/dúisire i gcarranna, veaineanna, trucailí agus báid).
Caithfidh duine nó eagraíocht ar bith a dhéanann, a tháirgeann, a allmhairíonn agus/nó a dhíolann ceallraí in Éirinn oibleagáidí áirithe mar atá leagtha amach sna rialacháin a chomhlíonadh. Is féidir tuilleadh eolais maidir le hoibleagáidí táirgeoirí agus miondíoltóirí/dáilitheoirí a fháil trí na naisc ábhartha chuí thíos a leanúint. Ceanglaítear ar tháirgeoirí a roghnaíonn na Rialacháin Cheallraí a chomhlíonadh iad féin tuarascálacha bliantúla agus pleananna gach trí bliana a chur chuig an EPA.
ALLMHAIREOIRÍ AGUS/NÓ MONARÓIRÍ
Tá oibleagáidí ar eagraíochtaí a sholáthraíonn ceallraí ar mhargadh na hÉireann don chéad uair cibé acu ar allmhaireoirí nó déantúsóirí iad faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ceallraí agus Taisc-Cheallraí) 2014. Áirítear air sin soláthar ceallraí atá corpraithe i dtrealamh, feithiclí agus/nó táirgí.
MIONDÍOLTÓIRÍ
An bhfuil na nithe seo a leanas á soláthar agat?
o Ceallraí iniompartha (AA, AAA, Cill D, Cill C, 9V agus/nó ceallraí cnapchille le haghaidh úsáid teaghlaigh);
o Bréagáin (le ceallraí san áireamh);
o Earraí leictreacha mar shampla: teilifíseáin, tóirsí, uirlisí cumhachta, ceamaraí, bronntanais nuachta nó earraí beaga leictreacha tí eile a mbíonn ceallraí iontu;
Má tá, tá oibleagáid ort faoi na Rialacháin a bhaineann le ceallraí.
ÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH CEALLRAÍ
Ní mór ceallraí dramhaíola a bhailiú ar leithligh le haghaidh athchúrsála agus aisghabhála acmhainní agus is é an táirgeoir atá freagrach as sin a eagrú agus a mhaoiniú. Níor chóir iad a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó i sruthanna dramhaíola measctha agus caitear 'aisghabháil' saor in aisce a chur ar fáil do gach úsáideoir deiridh. Baineann sé sin le húsáideoirí deiridh teaghlaigh agus neamh-theaghlaigh. Tá córas aisghabhála saor in aisce ceallraí dramhaíola ón sruth dramhaíola teaghlaigh le fáil go forleathan sna hasraonta miondíola agus sna láithreáin chonláiste cathartha.
Féadfaidh úsáideoirí deiridh a gcuid ceallraí dramhaíola a dhiúscairt mar seo a leanas:
- Iad a thabhairt ar ais chuig aon mhiondíoltóir a dhíolann ceallraí comhionanna m.sh. ní gá do mhiondíoltóirí ceallraí carranna glacadh le ceallraí iniompartha mura ndíolann siad iad. Ní gá duit ceallraí nua a cheannach d'fhonn ceallraí dramhaíola a thabhairt ar ais do do mhiondíoltóir áitiúil.
- Is féidir ceallraí dramhaíola iniompartha a thabhairt go dtí d'ionad fóntas poiblí saor in aisce chomh maith.
Cuimhnigh:
Níor chóir ceallraí dramhaíola a chur i do bhosca bruscair teaghlaigh riamh!
Bí ag faire amach do bhosca athchúrsála ceallraí i do shiopa áitiúil. Is seirbhís saor in aisce é.
Déan teagmháil le Comhairle Chontae na Gaillimhe ag 091-509510 nó environment@galwaycoco.ie chuntuilleadh eolas a fháil.
Ní ceart a mheas gur míniú iomlán nó dlíthiúil é an t-eolas thuas ar bhrí nó éifeacht European Union (Batteries and Accumulators) Regulations 2014. Is ar gach táirgeoir atá an dualgas na Rialacháin a thuiscint, a seasamh a chinneadh agus comhlíonadh go hiomlán. Is cion é gan na Rialacháin a chomhlíonadh agus d'fhéadfaí tú a ionchúiseamh.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte