Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta 2024-30
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
- Teicstílí - Athchúrsáil/Athúsaid
Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
Sheol agus shínigh an tAire Naughten Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia i mí Márta 2017.
Tá bia á chur amú ar fud an domhain agus cruthaíonn sin fadhbanna móra comhshaoil, eacnamaíochta, sóisialta agus eiticiúla. Tá sé geallta ag Éirinn, chomh maith le 200 tír eile, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, ina measc:
“Faoin mbliain 2030, cur amú bia ar fud an domhain per capita a laghdú ina leath ag leibhéil miondíola agus tomhaltóra agus caillteanais bia feadh na slabhraí táirgeachta agus soláthair a laghdú mar aon le caillteanais iarbhuainte.”
Bíonn deathionchar ar an gcomhshaol agus go sóisialta ag cur amú bia a laghdú. Chomh maith leis sin, trí éifeachtúlachtaí a fheabhsú, imrítear tionchar ó thaobh na heacnamaíochta.
Tugadh isteach Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia mar thoradh ar ghealltanas na tíre laghdú 50% a dhéanamh faoin mbliain 2030 ar an méid bia a chuirtear amú. Tháinig an Chairt a cuireadh i láthair ag an bhFóram ar Chur Amú Bia i mí Márta 2017, in éifeacht le síniú an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar Son na hAeráide & Comhshaoil agus Ard-Stiúrthóra na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.
Féachtar sa chairt le gealltanas i gcomhar a leagan síos do dhaoine, do ghnólachtaí agus do phobail. Is éard atá i gceist leis an ngealltanas seo ná go gcuirfí ar a laghad gníomh amháin chun cur amú bia a chosc i bhfeidhm laistigh den chéad bhliain ó chláraítear agus bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin chun tabhairt faoi ghníomhartha eile faoin mbliain 2020.
Ní féidir le haon chuid den chóras bia as féin cur amú bia in Éirinn a laghdú. Is le chéile agus le comhfhís a bhainfear an sprioc uaillmhianach seo amach.
Cláraigh le Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
Cén fáth nach gcláródh tusa, d'eagraíocht nó do phobal leis an gCairt anois agus tosaigh le Cur Amú Bia in Éirinn a laghdú.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte