Dramhaíl Bia
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta 2024-30
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
- Teicstílí - Athchúrsáil/Athúsaid
Cuirtear na mílliún tonaí bia amú gach bliain. Táirgeann teaghlaigh agus an earnáil tráchtála dramhbhia, i dtithe, bialanna, óstáin, saoráidí cúraim agus saoráidí oideachais agus go leor eile.
Táirgtear dramhbhia mar gheall go gceannaímid, go gcócarálaimid agus go ndáilimid an iomarca bia le linn ár ngníomhaíochtaí laethúla.
In Éirinn déantar os cionn milliún tonaí dramhbhia a dhiúscairt gach bliain. Tagann thart ar aon trian de sin ó líonta tí agus tagann an chuid eile ó ghnólachtaí.
Cé nach féidir roinnt den dramhbhia sin a sheachaint d'fhéadfaí an chuid is mó de a sheachaint dá ndéanfaimis ar mbia a bhainistiú níos fearr. Ach sábhálfaimis go léir roinnt airgid!
Tá reachtaíocht i bhfeidhm anois lena chinntiú go ndéantar dramhbhia a bhainistiú ar an mbealach is éifeachtaí ó thaobh chomhshaoil de.
Dramhbhia Tí a Bhainistiú
Mar chuid de chur i bhfeidhm na Rialachán um Dramhbhia Teaghlaigh, tá conraitheoirí dramhaíola ag cur boscaí bruscair donna ar fáil do líonta tí ar fud na tíre ar bhonn céimnithe.
Cuireann na rialacháin seo ceanglais ar bhailitheoirí dramhaíola agus ar líonta tí maidir le dramhbhia a tháirgtear san earnáil teaghlaigh. Tá ar bhailitheoirí dramhaíola seirbhís bailithe ar leithligh a chur ar fáil do dhramhaíl teaghlaigh agus tá ar líonta tí dramhbhia teaghlaigh a scagadh agus a choimeád amach ó dhramhaíl dho-bhithmhillte eile.
Ról na mBailitheoirí Dramhaíola
Ón 1ú Iúil 2013 ar aghaidh, ní mór do bhailitheoirí dramhaíola údaraithe seirbhís bailithe ar leithligh a chur ar fáil do dhramhbhia agus ní mór dóibh an dramhbhia a aistriú chuig saoráid údaraithe lena chóireáil de réir na Rialachán. Tá ceanglas ar do bhailitheoir dramhaíola faoi na Rialacháin bosca bruscair donn agus seirbhís bailithe a chur ar fáil duit.
Ról na Líonta Tí
Chomh luath is a bíonn dramhbhia scagtha sa mbaile, ní mór:
- é a chur i mbosca bruscair donn lena bhailiú ag bailitheoir údaraithe, nó
- é a mhúiríniú trí phróiseas múirínithe baile ar d’áitreabh féin, nó
- é a thabhairt chuig saoráid cóireála údaraithe
Má tá sé beartaithe ag úinéir tí a dhramhaíl teaghlaigh orgánach a chóireáil trí mhúiríniú, ní mór gach céim réasúnta a dhéanamh chun boladh agus núis a íoslaghdú.
Costas an Bhosca Bruscair Dhoinn
Is seirbhísí príobháideacha iad gach seirbhís bailithe dramhaíola i gContae na Gaillimhe agus tá neart conraitheoirí ann, mar sin tá struchtúr praghsála agus minicíocht bailiúcháin éagsúil ag gach ceann acu. Mar sin, ba cheart duit ceist a chur ar do bhailitheoir dramhaíola lena fháil amach cibé an bhfuil costas ar bith i gceist.
Céard is féidir a chur sa mbosca bruscair donn?
Cé go mbeidh éagsúlacht bheag i gceist idir bailitheoirí dramhaíola, is féidir na nithe seo a leanas a chur isteach sa bhosca bruscair donn:
Feoil, éineoil & iasc
Sliogéisc & cnámha
Uibheacha & táirgí déiríochta
Fuílleach bia ó phlátaí & cosamar
Torthaí & glasraí
Arán & earraí bácáilte
Gráinní & gránaigh
Caife meilte & málaí tae
Plátaí & cupáin inmhúirínithe
Ní mór gach ruainne bia a bheith saor ó phacáistiú sula gcuirtear sa bhosca bruscair donn é, mar shampla, ba cheart aon dramhbhia i gcoimeádáin ghloine, phlaisteacha nó chairtchláir a dhoirteadh nó a thógáil amach as na coimeádáin le spúnóg agus a chur isteach sa bhosca bruscair donn. Ba cheart ansin na coimeádáin a ní agus a chur sa bhosca bruscair do nithe in-athchúrsáilte nó a thabhairt chuig pointe bailithe gloine.
Ba cheart do líonta tí ceist a chur ar a mbailitheoir dramhaíola cibé an féidir leo féar, gearrthóga agus dramhaíl éadrom eile ón ngairdín a bhailiú.
Leideanna praiticiúla le do bhosca bruscair donn a úsáid:
- Bí cinnte go mbíonn an bosca i gcónaí dúnta
- Cuir sean-nuachtáin timpeall ar bhia nó cuir líneáil cheadaithe timpeall leis an mbosca bruscair
- Bí cinnte go gcuirtear an bosca bruscair amach lena bhailiú go rialta
- Nigh an taobh istigh den bhosca bruscair go rialta
Tá rogha éagsúil de mhálaí inmhúirínithe do bhoscaí bruscair agus do bhoscaí bruscair beaga is féidir a úsáid, ach seiceáil le do chonraitheoir bruscair an bhfuil sé ceart go leor iad a úsáid. Tá roinnt próiseas múirínithe ann nach bhfuil cead aon chineál málaí bosca bruscair a úsáid leo.
Cá dtéann dramhaíl ón mbosca bruscair donn?
Nuair a bhailíonn do chonraitheoir dramhaíola dramhbhia ó do theach, tugtar é go dtí saoráid cóireála údaraithe lena phróiseáil. Is acmhainní iad dramhbhia agus bithdhramhaíl is féidir a phróiseáil ag saoráid múirínithe nó ag saoráid díleá anaeróbaigh chun gráid éagsúla de mhúirín nó de díleáiteán a chruthú.
An féidir liom málaí plaisteacha a chur isteach sa mbosca bruscair donn?
Níor cheart duit ach málaí inmhúirínithe a úsáid i do bhosca bruscair donn mór agus i do bhosca bruscair donn sa chistin. Is minic a bhíonn éiginnteacht ar dhaoine faoin difríocht idir málaí inmhúirínithe agus málaí in-bhithmhillte. An difríocht is mó ná an tréimhse ama a thógann sé orthu lobhadh; 4-6 seachtaine i gcás málaí inmhúirínithe bithmhillte agus thart ar 18 mí i gcás málaí in-bhithmhillte. Is fearr málaí in-bhithmhillte a úsáid i do bhosca bruscair iarmharach (dubh) in áit málaí plaisteacha a mbíonn na céadta bliain i gceist sula mbriseann siad síos.
Ar cheart dom leanúint ar aghaidh ag déanamh múiríniú baile?
Ba cheart. Is bealach an-mhaith é múiríniú baile chun déileáil le do dhramhbhia a thagann as plandaí, e.g. craicne torthaí agus glasraí, duilleoga tae, málaí tae agus caife meilte, blaoscanna uibhe, etc.
Seans go bhfuil roinnt dramhbhia nach féidir nó nár mhaith leat a mhúiríniú sa mbaile, mar shampla feoil amh nó bruite, de bharr go bhféadfadh sé míolra a mhealladh mura mbeadh sé múirínithe i gceart. Ba chóir dianmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a dhéileálfaidh tú leis an líon beag dramhbhia seo. Beidh tú ag comhlíonadh na Rialachán más féidir leat a thaispeáint d’fhoireann an Údaráis Áitiúil go bhfuil tú ag plé le do dhramhbhia trí cheann de na roghanna a leagtar amach sna Rialacháin um Dramhbhia Teaghlaigh agus Bithdhramhaíl 2013.
Líonta tí a chónaíonn i gceantair nach bhfuil clúdaithe ag na Rialacháin
Más mian leat bosca bruscair donn a úsáid ach má chónaíonn tú i gceantar nach bhfuil clúdaithe ag na Rialacháin, ba cheart duit ceist a chur ar do chonraitheoir dramhaíola lena fháil amach an mbeidh siad in ann seirbhís a chur ar fáil duit. Is rogha feidhmiúil eile é múiríniú baile.
An mbailítear dramhaíl orgánach agus dramhaíl iarmharach sa trucail chéanna?
Tá dhá áit stórais ag roinnt trucailí bailithe inar féidir dhá chineál dramhaíola, dramhaíl in-athchúrsáilte agus dramhaíl orgánach mar shampla, a bhailiú ag an am céanna. Má bhíonn aon cheist agat, áfach, faoin gcaoi a mbailítear do dhramhaíl, téigh i dteagmháil le environment@galwaycoco.ie nó cuir glaoch ar 091-509510.
Cén chaoi a bhféadfaidh mé mo dhramhbhia a íoslaghdú?
Cruthaíodh ar a laghad 1 mhilliún tona de dhramhbhia in Éirinn anuraidh. Faraor, cruthaítear dramhbhia ag chuile chéim den táirgeadh bia – ón mhonarcha go dtí an fheirm gó dtí an baile. Meastar go gcaitheann an gnáth-theaghlach os cionn aon trian den bhia a cheannaítear sa bhosca bruscair gan é a úsáid ar chor ar bith! Meastar go gcosnaíonn an cur amú bia seo idir €700 agus €1000 in aghaidh na bliana ar an ngnáth-theaghlach. Chun an méid dramhbhia seo a laghdú, ní mór dúinn stopadh, smaoineamh agus dul i gníomh! Le blianta beaga anuas, rinneadh roinnt staidéar lena fháil amach cén fáth go gcuirimid bia amú. Seans go gcuirfidh na torthaí ionas ort:
- Baineann 60% den dramhbhia le bia a cheannaigh muid nó a réitigh muid ach nár ith muid, mar shampla fuílleach bia ón bpláta, bia a bhíonn fágtha gan ithe agus tairiscintí speisialta;
- D’fhéadfaí 20% den dramhbhia a sheachaint, mar shampla crústaí aráin, craicne prátaí etc., ach beidh orainn ár n-iompar a athrú agus is deacair nós a bhriseadh;
- Ní féidir 20% den dramhbhia a sheachaint, mar shampla craicne bananaí, cnámha, etc.
Más spéis leat airgead a shábháil agus dramhbhia a chosc, mar sin, tosaigh amach leis an 60% den dhramhbhia is féidir a sheachaint agus a chruthaíonn an gnáth-theaghlach in Éirinn. Seo a leanas roinnt smaointe chun cabhrú leat:
Bia a fhágtar gan ithe – bíodh a laghad de seo ann agus is féidir trí gan ach an méid atá uait a chócaráil agus trí mhiasa boird a úsáid ionas nach mbeidh fuílleach fanta ar an bpláta;
Bia nach n-itear ach cuid de – san áireamh anseo bheadh bia nach n-itear ar chor ar bith agus bia réitithe nár itheadh a fhanann sa gcuisneoir go dtí go gcaitear amach é – déan iarracht fuílleach an lae inniu a úsáid mar lón amárach – rogha blasta agus saor in aisce!
An dáta ar fearr roimhe a bheith caite – tarlaíonn seo de ghnáth i gcás earraí a itear gach lá mar arán, glasraí agus bainne a chaitear go tapa. Chun seo a sheachaint, bain úsáid níos fearr as do reoiteoir nó ná ceannaigh an iomarca sa chéad dul síos.
Bia imithe ó mhaith – boladh bréan uaidh, drochchuma air, drochbhlas air? Déan liosta siopadóireachta i gcónaí chun é sin a sheachaint; cuir ord ar do chuisneoir go rialta ionas go mbeidh bia níos sine chun tosaigh agus go n-úsáidfear ar dtús é.
Athrú ar phleananna – tarlaíonn seo ach más féidir leat an bia a bhí beartaithe agat a úsáid a bhainistiú láithreach, féadfaidh tú é a ithe am éigin eile.
Tuilleadh eolais:
www.stopfoodwaste.ie www.foodwaste.ie.
Rialacháin Bainistiú Dramhbhia ón Earnáil Tráchtála
Tá na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dramhbhia) 2009 i bhfeidhm ón 1ú Iúil 2009. Tá na Rialacháin seo leagtha amach chun scagadh agus aisghabháil dramhbhia a chruthaítear san earnáil tráchtála a chur chun cinn agus tá éifeacht leo ón 1ú Iúil 2010.
Mar thoradh ar na Rialacháin tiocfaidh méadú ar an méid dramhbhia a aisghabhálfar agus beifear in ann na spriocanna a bhaint amach atá sa Treoir maidir le Líonadh Talún chun Dramhaíl Chathrach Inbhithmhillte a atreorú ó líonadh talún.
Cuspóir na Rialachán
Ní mór do gach táirgeoir dramhbhia an dramhbhia a scagadh ag an bhfoinse, a chinntiú nach mbíonn sé measctha le dramhaíl eile agus a chinntiú go mbaintear as an sruth líonadh talún é. Seo a leanas samplaí de tháirgeoirí:
- Siopaí
- Ollmhargaí
- Bialanna
- Caiféanna
- Asraonta Bia Te
- Tithe Tábhairne ina gcuirtear bia ar fail Óstáin
- Tithe Ósta > 4 seomra leapa
- Foirgnimh Stáit
- Saoráidí Oideachais
- Brúnna > 4 seomra leapa
- Ospidéil agus Tithe Altranais
Sa chás go gcruthaítear dramhbhia in áitreabh ní mór é a scagadh ag an bhfoinse agus a choimeád ar leithligh ó ábhar nó dramhaíl eile. NÍL cead ag an táirgeoir, an bailitheoir dramhaíola nó aon duine eile an dramhbhia scagtha a sheoladh chuig líonadh talún ná níl cead é a chur sa bhosca bruscair do dhramhaíl iarmharach. Ina áit sin, ní mór é a chóireáil trí phróiseas cóireála údaraithe a dhéanfaidh an dramhaíl a aisghabháil. Ní mór dramhbhia a láimhseáil trí cheann de na roghanna seo a leanas:
Bailiúchán ag bailitheoir dramhaíola údaraithe agus aistriú chuig próiseas cóireála údaraithe, e.g. saoráid múirín nó ionad díleá anaeróbaigh
nó
• Aistriú díreach ag an táirgeoir chun críocha próiseas cóireála údaraithe, e.g. saoráid múirín
nó
• É a chur faoi phróiseas cóireála údaraithe ar an áitreabh inar táirgeadh an bia, mar shampla aonad múirín ar an láthair. Sula ndéantar forbairt ar aon saoráid cóireála ar an láthair ba chóir teagmháil a dhéanamh le d’Údarás Áitiúil agus/nó leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara lena fháil amach cibé an bhfuil gá le ceadúnas ina leith.
Dramhbhia a Chóireáil ar an Láthair
D’fhéadfadh roinnt gnólachtaí cinneadh a dhéanamh a gcuid dramhbhia a chóireáil san áitreabh. Is féidir dramhaíl cistine agus ceaintín, lena n-áirítear feoil, a chóireáil ar an láthair tríd an bpróiseas iomchuí a úsáid, ach ní mór sin a dhéanamh de réir na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Saoráid agus Teastas Clárúcháin) 2007. Ní féidir dramhbhia a chóireáil ach amháin ag saoráid a bhfuil an t-údarú próiseála dramhbhia iomchuí aici, mar shampla:
- Teastas Clárúcháin
- Cead Saoráide Dramhaíola
- Ceadúnas Dramhaíola
Tá ceanglas ar bhailitheoirí dramhaíola an tÚdarás Áitiúil a chur ar an eolas faoi dhaoine a dhiúltaíonn leas a bhaint as seirbhís bailithe dramhbhia más ann di.
Breis eolais le fáil anseo
Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dramhbhia) 2009
Rialacháin um Bainistiu Dramhaiola (Dramhbhia) 2009 Ceisteanna Coitianta
Pointe Teagmhála
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte