Rannpháirtíocht an Phobail
- Naisc ábhartha eile
- Dámhachtain an Bhrait Ghoirm agus an Chósta Ghlais
- Tránna Eile
- Rannpháirtíocht an Phobail
- Liosta De Tránna I gContae Na Gaillimhe
Faoi dhlí na hEorpa agus na hÉireann, ceanglaítear ar Chomhairlí Contae láithreacha snámha oifigiúla a ainmniú gach bliain ionas gur féidir monatóireacht a dhéanamh orthu maidir le sábháilteacht, cáilíocht an uisce agus leibhéal úsáide. Tá dualgas ar an gcomhairle cur síos nó próifíl mionsonraithe a ullmhú i leith gach ceann de na láithreacha snámha ainmnithe a dhéanann cur síos ní amháin ar an láthair snámha ach ar láithreacha sa dobharcheantar uiscí dromchla a d'fhéadfadh a bheith ina fhoinse truaillithe chomh maith. Áirítear ar na próifílí measúnú ar an mbaol truaillithe agus an beart a dhéanfar sa chás ina dtarlaíonn truailliú.
Chun cabhrú leis an bpróiseas sin, iarrann Comhairle Chontae na Gaillimhe ar dhaoine a bhíonn ag snámh ar thránna, i lochanna agus in aibhneacha a insint dúinn má cheapann siad gur chóir dúinn aon láthair nua a úsáidtear go minic le haghaidh snámha a ainmniú.
Má bhíonn tú ag snámh go minic agus má theastaíonn uait cabhrú le Comhairle Chontae na Gaillimhe cinneadh a dhéanamh maidir le cén láthair ar chóir a ainmniú , d'fhéadfadh sé a bheith ina chabhair duit machnamh a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
- An tslí a bhfuil úsáid á bhaint as an láthair snámha go dtí seo;
- Líon na ndaoine a bhaineann úsáid as an suíomh;
- Na saoráidí atá ag an suíomh sin cheana agus an bhfuil sé inrochtana;
- Aon saincheist sábháilteachta.
Más mian leat an trá/abhainn is fearr leat a mholadh mar shuíomh nua uisce snámha nó do thuairim a thabhairt maidir le suíomh atá ann cheana déan teagmháil leis an Rannóg Timpeallachta ag (091) 509510 nó ag environment@galwaycoco.ie. Féach thíos liosta de na láithreacha snámha ainmnithe atá ann faoi láthair.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte