Soláthar reiligí
- Naisc ábhartha eile
- Ceadúnas astaíochta aeir
- Tránna Chontae na Gaillimhe
- Deontais d’Oibreacha Cothabhála Reilige
- Dabhcha Séarachais/Córais Chóireála Fuíolluisce Tí
Tá clár leanúnach ar fáil chun reiligí a sholáthar agus a mhéadú laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Caithfear teacht ar thalamh agus poill tástála a thochailt lena chinntiú go bhfuil an talamh sin feiliúnach. Fáiltíonn an Comhairle roimh compháirtíocht le pobail áitiúil a bheadh sásta tabhairt faoi oibreacha forbartha iad féin le cúnamh deontais on gComhairle Chontae. Tá soláthar agus méadú reiligí faoi réir ag Rialacháin Pleanála. Más gá, féadfaidh an Comhairle talamh a cheannach do reilig trí O.C.É.
Táillí Uaighe
Is é an Táillí Uaighe ná €726 (Uaigh Dúbailte) agus €385 (Uaighe Singil). Ní díoltar uaigh triarach. Ní féidir uaigh a cheannach roimh méala.
Táillí Uaighe d’Áititheoirí Chathair na Gaillimhe (nach bhfuil ceangal acu leis an gCeantar) do Reilig Rinn Mhíl ná €1530 (Uaigh Dúbailte) agus €650 (Uaigh Singil).
Déan teagmháil le hOifig Réigiúnach Bhéal Átha na Sluaighe ag an uimhir (091) 509074 chun eolas a fháil ar na táillí atá ar láthair uaighe i Reilig na Críche.
Créamadh
Reilig Rinn Mhíl, Órán Mór:
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar le Urn Towers ag tabhairt cead anois luaithreach créamtha a adhlacadh i gcuimhneacháin i stíl nua ar a dtugtar Uaimh Túir Próca, ar bhonn píolótach, i Reilig Rinn Mhíl, Órán Mór.
Chun tuilleadh eolas a fháil, déan teagmháil le Urn Tower Ltd ar (087) 2232572 nó contact@urntowers.com
Columbarium, Mhaigh Cuilinn:
Tá an Columbarium suite laistigh dár Reilig Mhaigh Cuilinn agus tá 24 nideog ann ar féidir suas le 4 shála a choinneáil i ngach nideoige.
Is é an costas in aghaidh an nideoige ná €2,000.
Rialacha do Bhalla Colmlainne agus do Láithreacha Uaighe Síothla
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil leis an Rannóg Comhshaoil environment@galwaycoco.ie nó cuir glaoch ar 091 509510.
Láithreacha Uaighe Síolthla Láthair Uaighe Síothla
Is éard atá i gceist leis seo ná spás curtha i leataobh don leac uaighe laistigh de limistéar a bhfuil clocha thart timpeall air agus breacadh beag talún díreach lasmuigh den cholbha d’adhlacadh síothla/síothal. €675 a chosnaíonn láthair uaighe síothla.
Rialacha Do Láithreacha Uaighe Síothla
Dearadh Do Láithreacha Uaighe Síolacha 11-01-24
Treoir maidir le Caomhnú agus Cúram Reiligí
Guidelines for the Conservation and Care of Graveyards
Forbhreathnú ar Reiligí Stairiúla i gContae na Gaillimhe
A Rich Depository - Exploring and Maintaining County Galway’s Graveyard Heritage
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte