Truailliú Aeir
- Naisc ábhartha eile
- Uaslagoir treoir
- Truailliú Aeir
- An treoir maidir le tuaslagóirí
- Rialacháin um Breoslaí Soladacha
Caighdeán Aeir
Tá aer glan riachtanach dár gcaighdeán saoil. Cé go bhfuil feabhsuithe suntasacha maidir le caighdeán aeir in Éirinn le blianta anuas, tá truailliú aeir fós ag déanamh dochair dár sláinte agus dár dtimpeallacht araon. Tugann tuairiscí bliantúla ‘Caighdeán Aeir in Éirinn’ na GCC i gcónaí le fios go bhfuil caighdeán réasúnta maith aeir in Éirinn, ach go mbaineann roinnt fadhbanna logánta fós leis. Tagann na fadhbanna seo chun cinn ó astaíochtaí cónaithe agus taistil go príomha.
Anuas air sin, tugann an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil le fios go bhfuil baint ag truailliú aeir le thart ar 1,400 bás réamhaibí in Éirinn gach bliain. Is ionann seo agus suas le deich n-oiread an líon daoine a bhásaíonn ar ár mbóithre. Eascraíonn na básanna seo ó fhadhbanna sláinte atá bainteach le truailliú aeir, cosúil le galar croí, stróc, ailse scamhóg, galair riospráide ainsealacha agus géara araon.
Tá réimse reachtaíochta caighdeáin aeir i bhfeidhm in Éirinn chun ár gcaighdeán aeir agus sláinte an phobail a chosaint.
Monatóireacht an Chaighdeáin Aeir
Treoraíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil monatóireacht an chaighdeáin aeir in Éirinn (GCC), faoin gClár náisiúnta Monatóireachta Caighdeáin Aeir Comhthimpeallaigh (AAMP). Tá sonraí fíor-ama agus stairiúil ó na stáisiúin mhonatóireachta ar fad trasna an Stáit i gcónaí ar fáil ar www.airquality.ie
Ina theannta sin, feidhmíonn an GCC Innéacs Caighdeáin Aeir um Shláinte (ICAS), a théann ar scála óna 1 (Go Maith) go dtí a 10 (An-Dona).
Tá an ICAS is déanaí do na stáisiúin mhonatóireachta ar fad i gcónaí ar fáil freisin ar www.airquality.ie
Reachtaíocht & Forfheidhmiú Caighdeáin Aeir
Tá freagrachtaí agus cumhachtaí monatóireachta agus forfheidhmithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réimse reachtaíochta Caighdeáin Aeir, mar shampla:
Rialacháin an Achta um Thruailliú Aeir 1987 (Breosla Soladacha) 2022 (S.I. Uimh. 529/2022)
Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cosc ar Loscadh Dramhaíle) 2009 (S.I. Uimh. 286/2009)
Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Péinteanna, Vearnaisí, Táirgí agus Gníomhaíochtaí Buailteora Painéil) 2012 (S.I. Uimh. 564/2012)
Rialachán an Aontais Eorpaigh (Suiteálacha agus Gníomhaíochtaí ina nÚsáidtear Tuaslagóirí Orgánacha) 2012 (S.I. Uimh. 565/2012)
Rialacháin an Achta um Thruailliú Aeir 1987 (Astú Gaile Peitriliam) 1997 (S.I. Uimh. 375/1997)
An tAchtum Thruailliú Aeir 1987
Rialacháin Bhreosla Sholadaigh
Tháinig na Rialacháin Bhreosla Sholadaigh reatha, a chuirtear i bhfeidhm go cothrom trasna an Stáit, i bhfeidhm ón 31 Deireadh Fómhair 2022.
Is é príomhfhócas na rialachán seo ná caighdeán aeir agus sláinte na ndaoine a fheabhsú, le srian a chur le díolachán breoslaí deatúla miondíola, ar líne agus tráchtála lena n-áirítear, gual deatúil, móin agus adhmad fliuch. Tá sé cruthaithe gurb iad na breoslaí seo atá ina gcúis le go leor den truailliú aeir in Éirinn.
Is iad na tairseacha atá i gceist anois ná:
Ní mór do tháirgí guail agus breoslaí soladacha monaraithe ráta astaithe deataigh níos lú ná 10 ngram san uair a bheith acu. Is ionann é seo agus an méid a bhí i bhfeidhm cheana féin i Limistéir Ísealdeataigh.
Ní mór do tháirgí bithmhaise monaraithe ráta astaithe deataigh níos lú ná 5 ghram san uair a bheith acu.
Ní mór do tháirgí guail agus breoslaí soladacha monaraithe, táirgí bithmhaise monaraithe san áireamh, cion sulfair níos lú ná 2% de réir meáchain a bheith acu ar bhonn tirim, saor ó luaith, agus faoi réir measúnaithe margaidh, ón 1 Meán Fómhair 2025 laghdófar é sin go 1%.
Ní mór do tháirgí breosla atá mar 100% ina dtáirgí bithmhaise (táirgí adhmaid agus lomáin adhmaid san áireamh), a soláthraíodh in aonaid dhá mhéadar ciúbach nó níos lú, cion taise níos lú ná 25% a bheith acu (ón 1 Meán Fómhair 2025, laghdófar é sin go 20%).
Ní mór do lomáin adhmaid a soláthraíodh in aonaid dhá mhéadar ciúbach nó níos mó teacht le fógra a chuireann in iúl go bhfuil sé riachtanach adhmad tirim a stóráil agus a stálú go dtí go bhfuil siad tirim go leor.
I láthair na huaire, is féidir móin a dhíol ar bhonn miondíola, ar líne nó sna meáin eile, i dtithe tábhairne nó in áiteanna poiblí eile.
Cuireann na Rialacháin dualgais áirithe ar tháirgeoirí, iompórtálaithe, agus ar mhiondíoltóirí na mbreoslaí soladacha freisin.
Chuir an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide CCanna tiomnaithe ar fáil do na hearnálacha seo a leanas, agus uasdátaíonn siad go rialta iad:
Sealbhóirí tí
Táirgeoirí agus iompórtálaithe brosna
Táirgeoirí agus iompórtálaithe breoslaí soladacha eile
Miondíoltóirí
Cúiréirí & comhlachtaí iompair
Comhlachtaí meán
Is féidir iad seo a aimsiú ar www.gov.ie/cleanair
Físeáin ar Rialacháin Bhreosla Sholadaigh.
Rialacháin um Chosc ar Loscadh Dramhaíle
(Is ceist í seo a bhaineann le dramhaíl ach tá impleachtaí ag baint léi do chaighdeán aeir.)
De réir na rialachán seo, is cion é loscadh dramhaíle, seachas i gcoinníollacha áirithe forordaithe gur chóir a bheith ceadaithe ag an Údarás Áitiúil.
Tabhair faoi deara, fad is a dhéantar tagairt do dhó mar 'Dó Clóis', mar dhó dramhaíle lasmuigh (dramhaíl talmhaíochta/gairneoireachta san áireamh), de réir na Rialachán, is cion é chomh maith dramhaíl tí a dhó i dtinteán, sorn, nó fearas eile.
Tá níos mó eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na GCC agus san fhíseán thíos:
Péinteanna Maisitheacha agua Rialacháin Thuaslagóirí
Cuireann na Rialacháin Péinteanna Maisitheacha agus Rialacháin Thuaslagóirí srian leis an méid comhdhúile orgánaí so-ghalaithe (COS) atá i dtáirgí péinte agus i dtuaslagóirí, a mbaintear úsáid forleathan astu, toisc go gcuireann COSanna an tsláinte agus an timpeallacht i mbaol.
Is iad mórdhíoltóirí mótair, buailteoirí painéil, soláthróirí péinte agus tirimghlantóirí na príomhearnálacha atá faoi réir na rialacháin seo.
Is iad príomhrólanna an Údaráis Áitiúil sa réimse seo ná teastais a eisiúint d'úsáideoirí comhlíontacha, agus dul sa tóir ar úsáideoirí nach bhfuil cláraithe agus ar úsáideoirí neamhchomhlíontacha.
Tá níos mó eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na GCC ag:
PéinteannaOrnáideacha
Tuaslagóirí
Rialacháin Astuithe Gal Pheitriliam
Cuireann na Rialacháin seo srianta ar astuithe gal pheitriliam a tharlaíonn mar gheall ar stóráil agus dáileadh an pheitril atá beartaithe le n-úsáid é a úsáid i mótarfheithiclí. Ní mór d'úinéirí agus oibritheoirí saoráidí a bheith cinnte go bhfuil a saoráid deartha agus feidhmithe de réir na Rialachán seo.
Ní mór do gach úinéir stáisiúin peitril dul i mbun seirbhísí measúnóra neamhspleách formheasta chun measúnú a dhéanamh ar an gcóras gnóthaithe gaile ag an stáisiún peitril, agus tar éis sin, iarratas a chur isteach ar an Údarás Áitiúil chun teastas a fháil.
Acht um Thruailliú an Aeir, 1987
Leagann Cuid 24 an Achta um Thruailliú an Aeir, 1987 síos dualgas ginearálta ar astaíochtaí a laghdú agus a chosc:
(1) Ba chóir d'áititheoirí áitribh, seachas áitreabh príobháideach, na dóigheanna is fearr agus is praiticiúla a úsáid chun srian a chur le hastú agus, más féidir, chun cosc a chur le hastú ón a leithéid d'áitribh.
(2) Níor chóir d'áititheoirí áitribh a bheith mar chúis d'astú ón a leithéid d’áitribh ina leithéid sin de mhéid, nó ina leithéid sin de bhealach, chun núis a dhéanamh.
Chomh maith leis sin, bronnann an tAcht na cumhachtaí d'Údaráis Áitiúla gníomh forfheidhmiúcháin oiriúnach a thógáil má sháraítear an dualgas seo. Is féidir leis seo ionchúisimh agus fíneálacha suas le €5,000 ar chiontú achomair a chuimsiú.
Le haghaidh torthaí monatóireachta fíor-ama ar cháilíocht an aeir, Cuairt www.airquality.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte