Smachtú Bruscair
- Naisc ábhartha eile
- Smachtú Bruscair
- Salú ag Madraí
- Bruscar Guma Coganta
- Pleananna Bainistithe Bruscair
- Clár Ambasadóirí Frithbhruscair
Leis an Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997 Litter Pollution Act, 1997, arna leasú leis an Acht um Bainistiú Dramhaíola (Leasú) 2001 agus leis an Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003, tugadh isteach pionóis láidre in Éirinn chun cabhrú, ar bhealach níos éifeachtaí, leis an gcomhrac i gcoinne fadhbanna a ghabhann le truailliú ó bhruscar. Faoin reachtaíocht sin, tugtar sainmhíniú measartha leathan ar ‘bruscar’ agus áiríonn sé píosaí fánacha páipéir nó boinn toitíní agus aon ní mór nó aon ní beag atá mímhaiseach nó a d’fhéadfadh teacht chun bheith mímhaiseach.
Fíneálacha
Is cion é bruscar a fhágáil, nó a chaitheamh uait, in áit phoiblí agus is féidir fíneáil €150 a ghearradh ort láithreach ina leith nó fíneáil uasta €3000 a ghearradh ort má dhéileáiltear leis an ábhar os comhair cúirte. Tugtar sainmhíniú measartha leathan ar ‘bruscar’ agus áiríonn sé píosaí fánacha páipéir nó boinn toitíní agus aon ní mór nó aon ní beag atá mímhaiseach nó a d’fhéadfadh teacht chun bheith mímhaiseach. I gcás ina gciontaítear duine i gcion bruscair, d’fhéadfadh sé go gceanglóidh an chúirt air nó uirthi freisin costais agus caiteachais an údaráis áitiúil i ndáil le himscrúdú an chiona agus tionscnamh an ionchúisimh a íoc.
Áiteanna Poiblí
Más tusa an t-úinéir nó an duine freagrach i gcás áite ar a bhfuil rochtain ag daoine den phobal, tá sé d’oibleagáid ort an áit a choimeád saor ó bhruscar, is cuma cén tslí ar fágadh an bruscar ansin. Baineann sé seo le haon áit phoiblí agus d’fhéadfadh sé go n-áireodh sé sin an limistéar i gcomharsanacht lárionaid siopadóireachta, campais scoile, páirce poiblí, nó stáisiúin bus nó traenach.
Maoin Phríobháideach
Tá sé d’oibleagáid ar úinéir nó ar áititheoir maoine atá infheicthe ó áit phoiblí an mhaoin sin a choimeád saor ó bhruscar. Go bunúsach, ní mór aon chuid allamuigh de d’áitreabh, ar cuid í atá infheicthe ó áit phoiblí, a choimeád saor ó bhruscar.
Siocracha Móra Bruscair
I gcás ina mbeidh bruscar tar éis carnadh ar áitreabh, is cuma cén chúis atá leis, agus i gcás an bruscar a bheith infheicthe ó áit phoiblí, féadfaidh an t-údarás áitiúil fógra a eisiúint chuig an úinéir nó chuig an áititheoir á cheangal air nó uirthi an bruscar a thabhairt chun bealaigh. I bhfógra den sórt sin, féadfar bearta réamhchúraim a leagan síos, ar bearta iad atá le cur i bhfeidhm le nach dtarlóidh carnadh bruscair arís. Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn úinéir nó áititheoir áitribh gach rud a iarrtar i bhfógra den sórt sin a dhéanamh, tá sé de chumhacht ag an údarás áitiúil aon ní a dhéanamh is gá agus a cheangal ar an úinéir nó ar an áititheoir na costais go léir atá i gceist a íoc.
Dumpáil Mhídhleathach
Mar thoradh ar na dlíthe a bhaineann le bruscar, tá méadú tagtha ar chumhachtaí údarás áitiúil chun comhrac a dhéanamh i gcoinne na faidhbe a ghabhann le dumpáil mhídhleathach dramhaíola agus bruscair. I gcás ina dtagann údarás áitiúil ar ábhar a dumpáladh go mídhleathach, agus go bhfaigheann sé amach cé leis nó léi an t-ábhar, beidh ar an duine sin míniú a thabhairt agus ní gá go mbeifear tar éis breith air nó uirthi le linn an dumpáil sin a dhéanamh.
Tá cumhachtaí breise ar fáil d’údaráis áitiúla chun a cheangal ar shealbhóir tí nó ar oibreoir gnó an tslí agus an áit ina bhfuil a gcuid dramhaíola á diúscairt acu a chur in iúl. Tá feidhm aige sin go háirithe más rud é nach bhfuil an sealbhóir tí nó an t-úinéir gnó ag baint leas as seirbhís bhailithe dramhaíola ná ag tabhairt a gcuid dramhaíola chuig saoráid údaraithe diúscartha.
Má fheiceann tú duine eile i mbun dumpála mídhleathaí, tuairiscigh an t-ábhar sin do d’údarás áitiúil agus déanfaidh an t-údarás áitiúil imscrúdú ina leith agus aon bheart forfheidhmiúcháin is gá a dhéanamh.
Mór-Imeachtaí
Tá sé de cheangal ar thionscnóirí nó ar lucht eagraithe mór-imeachtaí a chinntiú go bhfuil bearta rialaithe bruscair i bhfeidhm acu san ionad lena mbaineann, agus i gcomharsanacht an ionaid sin, le linn an imeachta agus dá éis. Baineann sé seo le cluichí peile agus le himeachtaí eile sóisialta agus spóirt ar a bhfreastalaíonn sluaite móra daoine. D’fhéadfadh sé go gcuirfidh an t-údarás áitiúil an cúram seo i gcrích ach ní mór don tionscnóir/lucht eagraithe na costais a thabhaítear a íoc.
Easraisí Soghluaiste Bia
Tá sé d’oibleagáid ar oibreoirí easraisí soghluaiste bia a dhíolann mearbhia nó deochanna, nó ar oibreoirí easraisí eile amhail cinn a dhíolann toradh feirme, araidí oiriúnacha bruscair a sholáthar sa limistéar i gcomharsanacht a gcuid easraisí. Chomh maith leis sin, ní mór dóibh aon bhruscar a éiríonn as oibriú a gcuid easraisí, laistigh de gha 100 méadar ón easrais lena mbaineann, a thabhairt chun bealaigh.
Salú ag Madraí
Ní mór d’úinéirí madra salachar a bpeataí a thabhairt chun bealaigh ó áiteanna poiblí agus é a dhiúscairt ar mhodh cuí. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis na háiteanna seo a leanas:
- bóithre poiblí agus cosáin phoiblí
- limistéir i gcomharsanacht ionad siopadóireachta
- scoileanna/faichí spóirt
- tránna
- an limistéar i ngarchomharsanacht tí duine eile.
Póstaeir agus Comharthaí
Toirmisceann an dlí ort póstaeir/comharthaí a chur in airde ar chuaillí nó ar dhéanmhais eile in áiteanna poiblí mura rud é go bhfuil cead i scríbhinn agat ó úinéir an chuaille nó an déanmhais eile sula ndéantar na póstaeir/comharthaí a chur in airde.
Bileoigíní Fógraíochta
Toirmisctear bileoga fógraíochta a chur ar scáthláin ghluaisteáin agus, má tá sé beartaithe agat bileoga fógraíochta a scaipeadh sa tsráid, is ceart duit, i dtosach báire, a fháil amach ón údarás áitiúil an bhfuil aon srianta bruscair tugtha isteach acu, rud atá siad i dteideal a dhéanamh.
Dramhaíl a Fhágáil lena Bailiú
Má ghlactar roinnt réamhchúraimí beaga i dtaca leis an tslí ina bhfágann tú do chuid dramhaíola lena bailiú, cabhróidh tú go mór le cruthú bruscair a chosc. Más rud é nach bhfuil araid rothaí nó gnátharaid dramhaíola á húsáid agat faoi láthair, is ceart duit málaí láidre plaisteacha a úsáid agus ní ceart málaí éadroma den chineál a fhaightear sa sármhargadh a úsáid
Is ceart do chuid dramhaíola a fhágáil amuigh maidin an lae a mbailítear í agus ní ceart í a fhágáil amuigh an tráthnóna nó an lá roimhe sin. Dá fhaide a fhágtar amuigh í is amhlaidh is dóichí go dtarraingeofar madraí, cait agus éin chuici rud nach bhfuil inmhianaithe.
Is cion é do chuid dramhaíola tí a dhiúscairt trína chur isteach in araidí bruscair sráide.
Cé a Fhorfheidhmíonn na Dlíthe a bhaineann le Bruscar?
Tá údaráis áitiúla freagrach as na dlíthe bruscair a fhorfheidhmiú ina limistéir féin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil siad freagrach as cosc agus rialú bruscair agus tá sé de chumhacht acu beart forfheidhmiúcháin a dhéanamh in aghaidh daoine a sháraíonn na dlíthe sin nó a dhéanann neamhshuim de na dlíthe sin. Tá sé de chumhacht ag na Gardaí freisin fíneálacha a eisiúint láithreach i leith cionta bruscair.
DUALGAIS NA nÚDARÁS ÁITIÚIL
Pleananna Bainistithe Bruscair
Tá sé d’oibleagáid ar gach údarás áitiúil plean bainistithe bruscair a ullmhú dá limistéar féin. Leagann an plean seo amach cuspóirí an údaráis maidir le cosc agus rialú bruscair chomh maith le bearta chun feasacht an phobail a chur chun cinn. Ní mór na bearta agus na socruithe, ar dá réir a bheartaítear na cuspóirí a bhaint amach, a bheith leagtha amach sa phlean freisin. Le linn plean bainistithe bruscair a ullmhú, tá sé d’oibleagáid ar an údarás áitiúil dul i gcomhairle le leasanna áitiúla pobail agus deonacha sula ndéanann comhaltaí na Comhairle plean a ghlacadh.
Rialú Bruscair
Tá siad freagrach as áiteanna poiblí atá faoina rialú, lena n-áirítear bóithre poiblí, a choimeád saor ó bhruscar a mhéid is féidir go praiticiúil. Áiríonn sé sin socrú a dhéanamh maidir le cláir ghlantacháin agus maidir le haraidí bruscair a sholáthar agus a fholmhú.
Bailte Slachtmhara
Má tá bruscar ann i mbaile/sráidbhaile, caillfear marcanna suntasacha i gComórtas na mBaile Slachtmhara. Má tá cónaí ort i mbaile nó i sráidbhaile, tá ról agat maidir le rannpháirtíocht sa chomórtas sin. Má tá Coiste Bailte Slachtmhara ann cheana féin i do bhaile/sráidbhaile, déan machnamh faoin tslí inar féidir leat féin cabhair a thabhairt. Ná fág faoi dhaoine eile é. Cé nach bhfuil an t-am agat féin chun oibriú le do Choiste Bailte Slachtmhara, cuimhnigh go mbeidh do chuid iarrachtaí chun d’áitreabh a choimeád saor ó bhruscar ina gcabhair maidir le hiarrachtaí an Choiste do phobal a choimeád níos cairdiúla ó thaobh an chomhshaoil de le gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as.
An tAcht um Thruailliú ó Bhruscar
(arna leasú ag an Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil, 2003)
Thug an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar 1997 cumhachtaí agus dualgais nua d'Údaráis Áitiúla chun dul i ngleic le fadhb an bhruscair agus diúscairt mhídhleathach bruscair. Tugtar an chumhacht do Mhaoir Bruscair agus do na Gardaí faoin Acht fíneálacha ar an láthair a eisiúint maidir le cionta éagsúla, lena n-áirítear cionta a bhaineann le madraí. Faoin acht, is ar an duine a fhaightear a ainm agus a sheoladh i mbruscar arna dhiúscairt go mídhleathach a mbíonn an dualgas a chruthú nach iadsan atá freagrach as an mbruscar.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte