Salú ag Madraí
- Naisc ábhartha eile
- Smachtú Bruscair
- Salú ag Madraí
- Bruscar Guma Coganta
- Pleananna Bainistithe Bruscair
- Clár Ambasadóirí Frithbhruscair
AN FEACHTAS 'MÁ SHALAÍONN SIAD, GLAN SUAS É!'
RÉAMHRÁ
Faigheann Comhairle Chontae na Gaillimhe gearáin maidir leis an bhfadhb a bhaineann le salachar madraí sa chontae go rialta ó bhaill den phobal, ó chomhaltaí tofa, ó ghrúpaí deonacha, ón bhfoireann etc. Is ag éirí níos measa atá an fhadhb maidir le salachar madraí ó thosaigh paindéim Covid 19 ar chosáin siúil agus i bpáirceanna chomh maith le háiteanna oscailte sa chontae ó tharla níos mó daoine a bheith ag tabhairt a gcuid madraí amach ag siúl.
Mar fhreagra ar an bhfadhb sin, leanann Comhairle Chontae na Gaillimhe d'Alt 22 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar a fhorfheidhmiú maidir le salachar madraí agus tá comharthaíocht agus aonaid dáileora málaí le haghaidh salachar madraí suiteáilte ag an gComhairle i mbailte agus sráidbhailte agus i limistéir taitneamhachta mórthimpeall na Gaillimhe. Tá úsáid mhór bainte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe as na meáin shóisialta chun béim a leagan ar an bhfadhb. Tá clos-ghairis rabhaidh suiteáilte ag limistéir taitneamhachta chomh maith, limistéir amhail Páirc Rinn Mhíl agus an limistéar snámha ag Muiríne Phort Omna.
Contúirt sláinte é madraí a bheith ag salú, salachar a loiteann cosáin agus áiseanna ar chách. Is iomaí ionfhabhtú i bhfaecas madraí, tocsacáiriáis san áireamh. Cruinnphéisteanna i bputóg an mhadra is cúis leis seo. Leanaí is mó atá siocrach d'ionfhabhtú tromchúiseach den chineál seo agus d'fhéadfadh neamhord súl, meadhrán, masmas, plúchadh agus titimeas a bheith mar thoradh air. Is féidir an chontúirt sláinte seo a sheachaint má ghlanann úinéirí suas i ndiaidh a madraí.
Tá freagracht ar úinéirí madraí glanadh suas i ndiaidh a gcuid madraí ach faraor tá líon beag úinéirí fós ann nach ndéanann amhlaidh agus bíonn tionchar mór millteach aige sin ar dhaoine eile a úsáideann spásanna poiblí; leanaí, siúlóirí, daoine i gcathaoireacha rothaí, reathaithe etc. Mar sin, ní mór aird a tharraingt air go bhfuil daoine nach nglanann suas i ndiaidh a gcuid madraí ag cur daoine eile i mbaol.
‘FEACHTAS 'MÁ SHALAÍONN SIAD, GLAN SUAS É!'
Seolfar an feachtas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe i bPáirc Rinn Mhíl, Órán Mór Dé hAoine an 6 Lúnasa agus beidh ionadaithe tofa agus foireann de chuid an údaráis áitiúil i láthair, de réir na srianta Covid a bheidh i bhfeidhm ar an lá.
Beidh oifigigh feasachta agus maoir i bhfeighil seastán ar an lá chun eolas a thabhairt d'úinéirí madraí d'fhonn comhairle a thabhairt dóibh maidir lena gcúraimí, chun béim a leagan ar na baoil a bhaineann le gan salachar a madra a ghlanadh suas, agus chun aitheantas a thabhairt dóibhsean a ghlacann lena gcúraimí.
Tá sé d'aidhm leis an bhfeachtas daoine a spreagadh iad féin a iompar go freagrach agus glanadh suas i ndiaidh a gcuid madraí le mála salachair madraí nó é a scúpáil suas le deis sula gcaitear sa bhosca bruscair is gaire dóibh é, na contúirtí agus an trioblóid a bhaineann leis sin do go leor daoine mura ndéantar amhlaidh, agus gur féidir fíneáil €150 ar an láthair a ghearradh ar chiontóirí faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar.
Bainfear úsáid as comharthaíocht agus stionsaláil shealadach ar chosáin siúil a mbeidh 'Má Shalaíonn Siad, Glan Suas é!' scríofa agus cuideoidh bileoga eolais le feasacht a ardú agus le spreagadh a thabhairt d'úinéirí madraí cúram a ghlacadh agus glanadh suas i ndiaidh a gcuid madraí.
Bainfear úsáid as na Meáin Shóisialta agus as na meáin chumarsáide thraidisiúnta chun aird a tharraingt ar an bhfeachtas.
Ábhar Promóisin
Beidh stionsail i mBéarla agus i nGaeilge le feiceáil ar chosáin siúil i mbailte, sráidbhailte agus in áiteanna poiblí. Bainfear úsáid as péint shealadach chun béim a leagan ar shalachar madraí, is péint í sin a imeoidh de réir a chéile i ndiaidh cúpla seachtain agus is beag tionchar a beidh aici ar an timpeallacht. Tá ábhar promóisin ar fáil ó fheachtais a bhí ar bun roimhe seo. Tá aonaid dáileora málaí salachar madraí, comharthaíocht in aghaidh madraí a bheith ag salú chomh maith le clos-ghairis suilteáilte cheana i mbailte, sráidbhailte agus limistéir taitneamhachta ar fud an chontae.
FORFHEIDHMIÚ
Mar chuid den fheachtas, beidh maoir ar dualgas ar maidin, sa tráthnóna, agus le linn an deiridh seachtaine ag limistéir ar fud an chontae ina n-aithnítear go bhfuil fadhb le salachar madraí iontu. Is cion faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997 é mura nglantar suas i ndiaidh do mhadra agus d'fhéadfaí fíneáil €150 ar an láthair a ghearradh ar an gciontóir nó fíneáil suas le €4,000 ar chiontú achomair.
Clár na Siúlóirí Glasa Madraí
Reáchtáiltear clár na Siúlóirí Glasa Madraí faoi cheadúnas ó Chomhairle Falkirk in Albain, a rinne an feachtas a fhorbairt agus atá á reáchtáil i roinnt Údarás Áitiúil, lena n-áirítear Údarás Áitiúil na hIarmhí, Údarás Áitiúil Ros Comáin, Údarás Áitiúil Phort Láirge agus Údaráis Áitiúla Bhaile Átha Cliath.
Is bealach neamhchoimhlinteach, lách é Siúlóirí Glasa Madraí (GDW) chun meonta daoine maidir le salachar madraí a athrú. Cláraíonn deonaithe agus tugann siad gealltanas a bheith ina Siúlóir Glas Madraí.
Caitheann deonaithe seaicéad / Crios Muinchille sofheicthe nó suaitheantas GDW ar a bhfuil píosa ealaíona a thugann le fios go bhfuil sé "Geallta Acu" a leanas a dhéanamh i gcónaí:
• Glanadh suas i ndiaidh a gcuid madraí
• Málaí salachair breise a bheith ar iompar acu
• A bheith sásta mála salachair breise a thabhairt do dhuine nach bhfuil aon mhála acu
• A chur i gcuimhne do shiúlóirí madraí eile glanadh suas i ndiaidh a gcuid madraí ach sin a dhéanamh ar bhealach lách agus gan bheith trodach ná achrannach le duine ar bith faoi mhadraí a bheith ag salú.
Cuirfear dáileoir málaí salachair madraí ar fáil do dheonaithe chun go mbeidh sé níos éasca dóibh cuimhneamh ar mhála a thabhairt leo.
Táthar ar súil go mbeidh spéis ag grúpaí amhail Bailte Slachtmhara agus daoine aonair a bheith páirteach san fheachtas seo agus cuidiú linn eolas a scaipeadh chomh maith le meon a athrú maidir leis an bhfadhb a bhaineann le salachar madraí sa chontae.
Salú ag madraí
Is baol don tsláinte atá i salú ag madraí agus milleann sé cosáin siúlóide agus taitneamhachtaí don uile dhuine. Tá galair éagsúla, lena n-áirítear tocsacáiriáis i bhfaecais madraí. Is iad na cruinnphéisteana atá i bputóga an mhadra is cúis leis seo. Tá leanaí níos leochailí d'iarmhair tromchúiseach an ghalair seo agus d’fhéadfadh neamhord na súl, meadhrán, múisc, plúchadh agus taom titimis a bheith mar thoradh air.
Ní mór don duine atá i bhfeighil an mhadra salú an mhadra a ghlanadh suas agus fáil réidh leis an bhfaecas i gceart. Mura ndéantar é sin, d’fhéadfaí fíneáil €150 ar an spota a ghearradh faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997 – 2003 nó d’fhéadfaí an duine a thabhairt os comhair na cúirte agus d’fhéadfadh ionchúiseamh agus pionós i bhfad níos mó a bheith mar thoradh air.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte