Clár Ambasadóirí Frithbhruscair
- Naisc ábhartha eile
- Smachtú Bruscair
- Salú ag Madraí
- Bruscar Guma Coganta
- Pleananna Bainistithe Bruscair
- Clár Ambasadóirí Frithbhruscair
Tacaíonn Ambasadóirí Frithbhruscair leis an bhfeachtas le haghaidh pobail níos glaine i gContae na Gaillimhe
D'fhógair Comhairle Contae na Gaillimhe sonraí maidir le tionscnamh comhshaoil nua arb é is aidhm dó rannpháirtíocht phoiblí a chothú sa troid in aghaidh bruscair.
Seoladh Clár Ambasadóirí Frithbhruscair Chomhairle Contae na Gaillimhe agus cuirtear bealach atá réamhghníomhach, agus nach bhfuil ionsaitheach, i láthair leis chun go ndearbhóidh daoine aonair, grúpaí, pobail agus gnólachtaí go dtacaíonn siad le contae atá saor ó bhruscar.
Faoin tionscnamh nua, síneoidh Ambasadóirí Frithbhruscair gealltanas á ghealladh nach gcaithfidh siad bruscar agus go nglacfaidh siad páirt i neart tionscnamh frithbhruscair a dtacaíonn Comhairle Contae na Gaillimhe leo, lena n‑áirítear Glantachán Náisiúnta Earraigh, an feachtas maidir le bruscar guma coganta, an feachtas maidir le salú ag madraí agus an clár Picker Pals.
In 2023, fuair Comhairle Contae na Gaillimhe 958 gearán bruscair, agus d’fhiosraigh na 15 Mhaor Pobail den Rannóg Comhshaoil iad. Le linn 2023, eisíodh 83 fíneáil, sin 24% níos mó ná mar a eisíodh in 2022, agus tagraíodh 36 cás bruscair agus dramhaíola do Ghníomhairí Dlí le linn na bliana.
Dúirt an Clr Liam Carroll, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, “Baineann bruscar d’áilleacht ár dtíre agus is é fuascailt shimplí na faidhbe gan bruscar a chaitheamh. Tá formhór mór na ndaoine atá ina gcónaí i nGaillimh agus a thugann cuairt uirthi thar a bheith freagrach a mhéid a bhaineann le bainistíocht bruscair, ach ní fhágann sin go bhfuil an cogadh buaite maidir le bruscar. Trí bheith ina nAmbasadóirí Frithbhruscair, beidh na daoine sin a shíníonn an gealltanas á dhearbhú gur cuid den fhuascailt iad.”Chuir sé leis sin á rá “Is éard atá i gceist le clár na nAmbasadóirí Frithbhruscair daoine a spreagadh chun ceannaireacht a thabhairt le dea‑shampla ionas go bhféadfaidh daoine eile teacht ina ndiaidh.” “Deis atá sa scéim nua seo don phobal chun a dhearbhú go dtacaíonn siad le Contae na Gaillimhe, agus é saor ó bhruscar, agus chun an mórtas atá iontu i bhfreagracht a bpobail áitiúil a chur i láthair.”
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Gaillimhe, “Is mian liom aitheantas a thabhairt don obair iontach atá déanta ag an oiread sin daoine inár gContae chun cuidiú le Gaillimh a choimeád Saor ó Bhruscar. Táimid ag tnúth le daoine a fheiceáil as gach cúlra, agus as pobail ó cheann ceann Chontae na Gaillimhe, ag teacht le chéile chun tacú leis an tionscnamh tábhachtach seo, rud atá ar an gceann is déanaí i sraith scéimeanna frithbhruscair a dtacaíonn Comhairle Contae na Gaillimhe leo.”
Luaigh Eileen Ruane, Stiúrthóir Seirbhísí, an Comhshaol, “Agus tacaíocht á fáil againn ó Bhaill Thofa, tá ríméad orainn an scéim Ambasadóirí Frithbhruscair seo a sholáthar agus molaimid do chách tacú léi ós rud é go mbeidh tionchar níos mó aici inár gcontae má bhíonn níos mó daoine páirteach inti”.
Beidh feachtais feasachta poiblí á rolladh amach ag Comhairle Contae na Gaillimhe sna míonna atá le teacht chun an clár Ambasadóirí Frithbhruscair a chur chun cinn lena n‑áirítear cuairteanna ó fhoireann Rannóg Comhshaoil an údaráis áitiúil chuig bunscoileanna ar fud an chontae.
Déan teagmháil le Rannóg Comhshaoil Chomhairle Contae na Gaillimhe ar 091-509510 nó ar environment@galwaycoco.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
Ambasadóirí Frithbhruscair nó Grúpa Ambasadóirí Frithbhruscair - Grúpa
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte