Pleananna Bainistithe Bruscair
- Naisc ábhartha eile
- Smachtú Bruscair
- Salú ag Madraí
- Bruscar Guma Coganta
- Pleananna Bainistithe Bruscair
- Clár Ambasadóirí Frithbhruscair
Tá sé d’oibleagáid ar gach údarás áitiúil plean bainistithe bruscair a ullmhú dá limistéar féin. Leagann an plean seo amach cuspóirí an údaráis maidir le cosc agus rialú bruscair chomh maith le bearta chun feasacht an phobail a chur chun cinn. Ní mór na bearta agus na socruithe, ar dá réir a bheartaítear na cuspóirí a bhaint amach, a bheith leagtha amach sa phlean freisin. Le linn plean bainistithe bruscair a ullmhú, tá sé d’oibleagáid ar an údarás áitiúil dul i gcomhairle le leasanna áitiúla pobail agus deonacha sula ndéanann comhaltaí na Comhairle plean a ghlacadh.
Plean Bainistithe Bruscair 2023-2025
Ghlac Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an b Plean Bainistithe Bruscair 2023-2025 de réir Alt 12 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997 chun críche Bruscar a chosc agus deireadh a chur leis ar fud Chontae na Gaillimhe, le héifeacht ón 26 lá d’Iúil 2023.
Tá cóip den Phlean Bainistithe Bruscair ar fáil ag oifigí na Rannóige Timpeallachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe le linn uaireanta oifige.
Leaganacha roimhe:
Plean Bainistíochta Bruscair 2019– 2022
Arna ghlacadh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an 6 Nollaig 2019
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte