Bruscar Guma Coganta
- Naisc ábhartha eile
- Smachtú Bruscair
- Salú ag Madraí
- Bruscar Guma Coganta
- Pleananna Bainistithe Bruscair
- Clár Ambasadóirí Frithbhruscair
Is ceist thromchúiseach ag cuid mhór údarás áitiúil guma coganta nach ndéantar an cúram ceart dó mar ábhar bruscair. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair i gcomhar leis an Gum Litter Taskforce (GLT) chun athrú iompair a chothú i measc dhaoine a chaitheann uathu guma coganta. Tá feachtas áitiúil á rith d’fhonn timpeallacht níos glaine agus níos taitneamhaí a chruthú do mhuintir na háite, do chuairteoirí agus do ghnólachtaí áitiúla.
Tá leagtha de chúram ar an GLT plean gníomhaíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun tabhairt faoi bhruscar guma coganta ar an mbealach is seasta is féidir – trí athrú a chur ar nósanna dhaoine é a chaitheamh uathu, bun agus barr na cúise – trína áitiú ar dhaoine an guma coganta a chur i mbosca bruscair mar ba chóir.
Cuireadh feachtas an GLT le chéile sa chaoi agus go bhfuil tionscnaimh shlánchóirithe a thagann le chéile ann, ina measc bearta oideachais agus léirthuisceana ionas gur fairsinge a thuigtear go ngabhann €150 le bruscar agus gur bruscar atá i nguma coganta nach ndéantar an cúram ceart dó a bhaint as an mbéal.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte