Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe
- Naisc ábhartha eile
- Pleanáil Sonraí
- Foirmeacha, Bileoga, Íoslódálacha agus Táillí
- Córas Fiosraithe Pleanála
- Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe
- Treoir Chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh
- Athbhreithniu PFC
- Pleananna agus Polasaithe Forbartha
- Bainistíocht Forbartha
- Rialú Tógál
- Caomhnú Ailtireachta
- Forfheidhmiú Pleanála
- Ligin Ghearrthéarmaigh
- Liostaí Seachtainiúla Pleanála
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Galway County Council
Foilsiú Dréacht-Léarscáil Bhliantúil Cánach Talún Criosaithe Cónaithe'
https://experience.arcgis.com/experience/93ca19516de44f6dbd54bcc13eb0bb96/
Tá cóip den dréacht-léarscáil bhliantúil, a ullmhaíodh de réir Alt 653C, arna leasú ag Alt 653M den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, foilsithe ag https://consult.galway.ie agus ar fáil lena n-iniúchadh le linn ghnáthuaireanta oifige in oifigí Pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Ullmhaíodh an dréacht-léarscáil bhliantúil chun críocha sainaithint a dhéanamh ar thalamh a chomhlíonann na critéir iomchuí agus atá le bheith faoi réir na cánach talún criosaithe cónaithe.
Ní bheidh réadmhaoine cónaithe, in ainneoin go bhféadfaí iad a áireamh ar an dréachtléarscáil, inmhuirir don cháin talaimh criosaithe cónaithe.
Is tagairt í talamh lena ndéantar na critéir ábhartha a chomhlíonadh do thalamh—
(a) atá san áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2)(a) d’Acht, 2000, nó plean ceantair áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht, 2000, atá criosaithe—
(i) chun críocha úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó
(ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,
(b) ina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhféadfadh rochtain a bheith ag an talamh, nó go bhfuil baint aige, le bonneagar agus áiseanna poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil shéarach bréan, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun áiteanna cónaithe a fhorbairt agus a bhfuil acmhainn seirbhíse dóthanach ar fáil d’fhorbairt den sórt sin, agus
(c) ina bhfuil sé réasúnach a mheas nach ndéantar difear dó, ó thaobh a riocht fisiciúil, le nithe ar bhealach leordhóthanach chun soláthar áiteanna cónaithe a chosc, lena n-áirítear éilliú nó láithreacht fothrach seandálaíochta nó stairiúla is eol, ach nach talamh é—
(i) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt amháin (de réir bhrí Acht, 2000) nach forbairt nár údaraíodh í (de réir bhrí Acht, 2000), atá in úsáid mar áitribh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, a bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuiltear á úsáid chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí ceantair chónaithe cóngaracha,
(ii) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(ii), mura bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh neamhshealbhaithe nó díomhaoin,
(iia) nach mbeadh a bhforbairt de réir na nithe seo a leanas—
(I) i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean forbartha, an bonn céimnithe ar dá réir a bheidh forbairt talún le tarlú faoin bplean, mar a shonraítear sa chroístraitéis atá ar áireamh sa phlean sin de réir alt 10(2A (d) d’Acht 2000, nó
(II) i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean limistéir áitiúil, an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí agus croístraitéis an phlean forbartha don limistéar a n-ullmhaítear an plean limistéir áitiúil ina leith, talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, a áirítear sa phlean limistéir áitiúil de réir alt 19 (2) d’Acht 2000, ar an dáta a mbeidh comhlíonadh na gcritéar san alt seo á measúnú,
(iii) ina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé riachtanach, nó go bhfuil sé lárnach, le haghaidh áitithe ag—
(I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun oideachas nó cúram sláinte a sholáthar,
(II) saoráidí agus bonneagar iompair,
(III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh,
(IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide,
(V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,
(VI) bainistíocht dramhaíola agus bonneagar diúscartha, nó
(VII) bonneagar fóillíochta, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha,
(iv) atá faoi réir sonrú reachtúil a d’fhéadfadh cosc a chur ar fhorbairt, nó (v) ar a bhfuil an tobhach ar láithreáin tréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Tréigthe, 1990.
Ba cheart aighneachtaí ar an dréachtléarscáil a chur i scríbhinn agus iad a sheoladh chuig:
- “RZLT”, Oifigí Pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91H6KX
Nó
- Ar an riomhphost chuig: rzlt@galwaycoco.ie
Nó
- Ar line trí chuairt a thabhairt ar: https://consult.galway.ie
nach déanaí ná an 1 Aibreán 2024, maidir le—
(I) láithreáin ar leith a áireamh sa léarscáil deiridh nó a eisiamh ón léarscáil deiridh, nó
(II) an dáta a rinne an láithreán na critéir ábhartha a shásamh ar dtús.
Ba cheart go n-áireofaí in aighneachtaí ainm agus seoladh, cúiseanna le tailte a áireamh nó a eisiamh, mar aon le léarscáil ar scála 1:1,000 (ceantar uirbeach) nó 1:2,500 (ceantar tuaithe) nuair atá aighneacht á déanamh ag úinéir talaimh, lena sainaithnítear go soiléir an ceantar de thalamh is ábhar don aighneacht.
Maidir le haon aighneachtaí i scríbhinn den chineál sin a gheofar faoin 1 Aibreán 2024, seachas eilimintí den sórt sin d’aighneacht a fhéadfaidh a bheith ina sonraí pearsanta, foilseofar iad ar an suíomh gréasáin arna chothabháil ag an údarás áitiúil lena mbaineann tráth nach déanaí ná an 1 Aibreán 2024.
Tá na moltaí agus na heisiaimh atá beartaithe ar an dréacht-léarscáil bhliantúil faoi réir aighneachtaí a fhaightear. Ba cheart d’úinéirí talún a thacaíonn le heisiamh a gcuid talún aighneacht a dhéanamh chun tacú leis an eisiamh sin.
I gcás go bhfuil talamh atá sainaitheanta ar an dréacht-léarscáil cuimsithe i bplean forbartha nó i bplean ceantair áitiúil de réir alt 10(2)(a) nó 19(2)(a) d’Acht, 2000, criosaithe—
(i) chun críocha úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó
(ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,
Féadfaidh duine, ar an 31 Bealtaine 2024 nó roimhe sin, i gcás ina sainaithnítear talamh ar an dréacht-léarscáil faoi réir na cánach talún criosaithe cónaithe, féadfaidh duine, i leith talún ar leis an duine sin é, aighneacht a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ag iarraidh go n-athrófar criosú na talún sin. Ba cheart go n-áireodh aon aighneacht den sórt sin fianaise ar úinéireacht, cúiseanna mionsonraithe le haon iarratas ar athchriosú, chomh maith le léarscáil ar scála 1:1,000 (uirbeach) nó 1:2,500 (tuaithe) ag sainaithint an píosa talún ábhartha go soiléir.
Maidir le haon iarrataí athchriosaithe i scríbhinn den sórt sin a gheofar faoin 31 Bealtaine 2024 seachas eilimintí d’aighneacht a d’fhéadfadh a bheith ina sonraí pearsanta, foilseofar iad ar an suíomh gréasáin a bheidh á choimeád ag an údarás áitiúil lena mbaineann tráth nach déanaí ná an 10 Meitheamh 2024.
Déanfaidh an tÚdarás Áitiúil gach iarratas athchriosaithe a mheas ag féachaint do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe an cheantair.
L. Hanrahan
Stiúrthóir Seirbhísí
Forbairt Eacnamaíoch agus Pleanáil
Is é 1127.96ha heicteár iomlán na talún i scóip an RZLT i gContae na Gaillimhe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte