Nuacht Caomhnú Ailtireachta
- Naisc ábhartha eile
- Caomhnú Ailtireachta Sonraí
- Caomhnú Ailtireachta Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Treoirlínte Caomhnaithe Ailtireachta
- Deontais Caomhantais
- Nuacht Caomhnú Ailtireachta
Déanmhais Bhreise a bheartaítear a chur le Taifead na nDéanmhas Cosanta
Tá an Dáta Deiridh d'Aighneachtaí a rith anois. Go raibh maith agat do gach aighneacht agus Tuairimí a fuarthas. Déanfar cinneadh a dhéanamh ag na Comhaltaí Tofa sna míonna amach romhainn.
Beidh sonraí faoi na déanmhais a bheartaítear a chur le Taifead na nDéanmhas Cosanta, agus faoi na déanmhais a bheartaítear a scriosadh as Taifead na nDéanmhas Cosanta, ar fáil lena n-iniúchadh ón Aoine, an 20 Samhain 2020 go dtí 4pm ar an Aoine, an 15 Eanáir 2021 (agus an dá dháta sin san áireamh, ach gan laethanta saoire poiblí a áireamh) san Oifig Pleanála, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, agus in Oifigí Ceantair Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus i ngach Brainse Leabharlainne le linn gnáthuaire oscailte.
Is ceart aighneachtaí nó tuairimí faoi na déanmhais bhreise a bheartaítear a chur le Taifead na nDéanmhas Cosanta, agus faoi na déanmhais a bheartaítear a scriosadh as Taifead na nDéanmhas Cosanta, a chur ar fáil i scríbhinn agus iad dírithe chuig An Roinn Pleanála Chun Cinn, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, agus 'Aighneacht - Taifead na nDéanmhas Cosanta' marcáilte orthu. Chomh maith leis sin, is féidir aighneachtaí nó tuairimí a chur ar fáil le teachtaireacht ríomhphoist chuig forwardplanning@galwaycoco.ie nó iad a sheoladh le facs chuig (091) 509199 le go sroichfidh siad an Roinn Pleanála tráth nach déanaí ná 4.00pm ar an 15 Eanáir 2021. Is ceart ainm iomlán agus seoladh an duine a bhfuil an aighneacht á déanamh aige/aici a sholáthar in éineacht leis an aighneacht agus ní bhreithneofar aon aighneachtaí a gheofar lasmuigh den tréimhse taispeána poiblí.
Nithe Breise a Bheartaítear a Chur le Taifead na Struchtúr Cosanta
Ábhar a Bheartaítear a Scriosadh as Taifead na nDéanmhas Cosanta
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte