Deontais Caomhantais
- Naisc ábhartha eile
- Caomhnú Ailtireachta Sonraí
- Caomhnú Ailtireachta Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Treoirlínte Caomhnaithe Ailtireachta
- Deontais Caomhantais
- Nuacht Caomhnú Ailtireachta
Deontais le haghaidh Foirgneamh Stairiúil Díon Tuí 2025 / Iarratais ar Oscailt Anois
Tá an Deontas le haghaidh Foirgneamh Stairiúil Díon Tuí – FSDT/SIOT (cuid den Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha – SIOT) ar oscailt anois le haghaidh iarratais ar chistiú deontais le haghaidh oibreacha ar na struchtúir incháilithe a thugtar thíos. Is féidir treoir maidir le hiarratas a dhéanamh agus an fhoirm iarratais a íoslódáil thíos.
Ní mór iarratais faoin FSDT / SIOT a dhéanamh chuig conservationofficer@galwaycoco.ie faoi Dé hAoine an 3 Eanáir 2025. Moltar d’iarratasóirí dul i dteagmháil leis an Oifigeach um Chaomhantas Ailtireachta roimh an dáta sin ag conservationoffcer@galwaycoco.ie, ós rud é nach mbeifear in ann iarratais a chuirtear ar aghaidh a shoiléiriú ná a leasú i ndiaidh an dáta sin.
Struchtúir incháilithe
Aon struchtúr stairiúil díon tuí, lena n-áirítear réadmhaoin chónaithe nó tráchtála. Struchtúir nó oibreacha laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCAnna), nó laistigh de thaitneamhacht Shéadchomhartha Náisiúnta, nuair atá cúinsí eisceachtúla i gceist.
Oibreacha incháilithe
Is is na príomhoibreacha incháilithe ná oibreacha tuíodóireachta ar an díon agus aon obair is gá a dhéanamh mar chuid de na hoibreacha sin, deisiú simléar, mar shampla.
Maidir leis an Deontas le haghaidh Foirgneamh Stairiúil Díon Tuí – FSDT/SIOT
Is é cuspóir na scéime ná luach oidhreachta na bhfoirgneamh stairiúil díon tuí ar fud na hÉireann a chosaint, lena n-áirítear áiteanna cónaithe agus struchtúir eile. Is cuid den Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) é an Deontas le haghaidh Foirgneamh Stairiúil Díon Tuí.
An Rannóg um Chaomhantas Ailtireachta i gComhairle Contae na Gaillimhe a riarann an FSDT/SIOT thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is féidir iarratais i leith struchtúr aonair a dhéanamh chuig an FSDT/SIOT agus chuig an CSS, ach ní féidir cistiú a bhronnadh ach ó aon scéim amháin in aon bhliain amháin.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh:
Úinéirí agus áititheoirí foirgneamh stairiúil díon tuí. Féach cuid 3.1 den treoirdhoiciméad is féidir a íoslódáil thíos.
Iarratas a ullmhú:
Tá an fhoirm iarratais agus treoir d’iarratasóirí thíos.
Moltar d’iarratasóirí eolas a chur ar na doiciméid sin.
Ní mór na doiciméid ar fad a leanas a chur ar aghaidh le hiarratais:
- Foirm Iarratais A chomhlánaithe
- Ráiteas Modha cuimsitheach le haghaidh na n-oibreacha (féach an treoir chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid is ceart a bheith i ráiteas modha)
- Litir ón tuídóir (ina dheimhnítear na dátaí beachta a ndéanfar na hoibreacha tuíodóireachta atá le cur i gcrích roimh lár mhí Dheireadh Fómhair2025)
- Seicliosta don Iarratas
Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána i ndiaidh an spriocdháta a thugtar thíos.
Ní mór d’oibreacha a dhéantar faoin FSDT gach ceanglas reachtúil a chomhlíonadh, lena n-áirítear an gá le cead pleanála. I gcás ina mbeartaítear oibreacha a dhéanamh ar láithreáin/séadchomharthaí atá cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004, ní mór na ceanglais reachtúla faoi na hAchtanna sin a chomhlíonadh maidir le fógra a thabhairt nó toiliú Aire a fháil.
Má theastaíonn tuilleadh eolais, soiléirithe nó treorach uait chun iarratas a ullmhú, nó deimhniú a fháil faoi cé acu an struchtúr cosanta, struchtúr cosanta beartaithe, nó struchtúr atá laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) é do struchtúr, déan teagmháil le Ann Marie Cusack, Oifigeach Feidhmiúcháin um Chaomhantas Ailtireachta i gComhairle Chontae na Gaillimhe ag conservationofficer@galwaycoco.ie nó 091 509308.
Iarratas a chur ar aghaidh
Ní mór iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh tráth nach déanaí ná 5PM, DÉ hAOINE an 3 EANÁIR 2025 chuig conservationofficer@galwaycoco.ie
An méid cistithe atá ar fáil
Suas le 80% de chostas iomlán na n-oibreacha. Is é €20,000 an deontas uasta atá le fáil. Tabhair faoi deara go mbeidh an cistiú cuid mhaith faoi 80% in go leor cásanna.
Amscála chun na hoibreacha a chur i gcrích
Gheobhaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo fógra gur bronnadh chistiú sealadach go luath in 2025, agus tá na hoibreacha le bheith curtha i gcrích faoi lár mhí Dheireadh Fómhair 2025.
Doiciméid maidir leis an iarratas
Tá Ciorclán Treorach an FSDT/SIOT 2025, an Fhoirm Iarratais agus an Seicliosta le fáil le híoslódáil thíos.
FSDT-SIOT 2025 - Ciorclán Treorach
FSDT-SIOT 2025 - Foirm Iarratais A
FSDT-SIOT 2025 - Seicliosta d’Iarratasóirí - Foirm Iarratais A
An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2025 / Iarratais ar Oscailt Anois
Tá an Ciste um Struchtúir Stairiúla (CSS) ar oscailt anois le haghaidh iarratais ar chistiú deontais le haghaidh oibreacha ar na struchtúir incháilithe a thugtar thíos. Is féidir treoir maidir le hiarratas a dhéanamh agus an fhoirm iarratais a íoslódáil thíos.
Ní mór iarratais ar an CSS a chur ar aghaidh chuig conservationofficer@galwaycoco.ie faoin 5pm Dé hAoine an 3 Eanáir 2025.
Struchtúir incháilithe
Struchtúir Chosanta ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (RPS) do Chathair na Gaillimhe
Struchtúir atá incháilithe don RPS nó atá beartaithe lena n-áireamh san RPS ach nach bhfuil ceadaithe go foirmiúil fós lena gcur san áireamh. Ní mór go comhlíonfadh struchtúir den sórt sin na critéir lena n-áireamh san RPS ag an Údarás Áitiúil, i.e. ní mór dóibh a bheith ina struchtúir a bhfuil leas speisialta ag baint leo ó thaobh cúrsaí ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, sóisialta nó teicniúla de.
Struchtúir nó oibreacha laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCAnna), nó laistigh de thaitneamhacht Shéadchomhartha Náisiúnta, nuair atá cúinsí eisceachtúla i gceist.
Oibreacha neamh-incháilithe
Féach an Ciorclán thíos chun liosta a fháil de na hoibreacha nach bhfuil incháilithe le haghaidh cistiú deontais.
Maidir leis an gCiste um Struchtúir Stairiúla
Reáchtáiltear an CSS in éineacht leis an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) a infheistíonn in oibreacha caomhantais ar scála beag. Díríonn an CSS ar oibreacha caomhantais ar scála mór. An Rannóg um Chaomhantas Ailtireachta i gComhairle Chontae na Gaillimhe a riarann an CSS thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is féidir iarratais i leith struchtúr aonair a dhéanamh chuig an SIOT agus chuig an CSS, ach ní féidir cistiú a bhronnadh ach ó aon scéim amháin in aon bhliain amháin.
Is iad príomhaidhmeanna an chiste seo ná:
- Cur ar chumas daoine/údaráis oibreacha caomhantais ar scála mór a dhéanamh ar struchtúir oidhreachta a mheastar a bheith suntasach agus a bhfuil tacaíocht phráinneach de dhíth orthu.
- Athghiniúint agus athúsáid maoine stairiúla a spreagadh agus cabhrú le struchtúir chosanta agus/nó sócmhainní atá suntasach ó thaobh an chultúir de a chaomhnú.
- tacú le hinfheistíocht caipitil phríobháidigh i dtionscadail dlúthshaothair chun struchtúir stairiúla faoi úinéireacht phoiblí agus phríobháideach a chaomhnú ar mhaithe leis an bpobal.
- Tacú le fostaíocht sna tionscail chaomhnaithe agus tógála.
- Athléimneacht a chothú inár maoin oidhreachta le go mbeidh siad in ann éifeachtaí an athraithe aeráide a sheasamh.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Iarratasóirí príobháideacha ar úinéirí nó coimeádaithe na struchtúr incháilithe a thugtar thuas iad.
Féadfaidh an tÚdarás Áitiúil iarratas a dhéanamh chun oibreacha a dhéanamh ar struchtúir incháilithe faoi úinéireacht phoiblí, i gcás inar léiríodh go ndíríonn na hoibreacha go soiléir ar an oidhreacht agus go mbeidh siad chun leasa an phobail.
Iarratas a ullmhú
Tá an fhoirm iarratais agus treoir d’iarratasóirí thíos. Moltar d’iarratasóirí eolas a chur ar na doiciméid sin.
Ní mór na doiciméid ar fad a leanas a chur ar aghaidh le hiarratais:
- Foirm Iarratais A chomhlánaithe
- Ráiteas Modha cuimsitheach le haghaidh na n-oibreacha (féach an treoir chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid is ceart a bheith i ráiteas modha)
- Seicliosta don Iarratas
Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána i ndiaidh an spriocdháta a thugtar thíos.
Ní mór d’oibreacha a dhéantar faoin CSS gach ceanglas reachtúil a chomhlíonadh, lena n-áirítear an gá le cead pleanála. I gcás ina mbeartaítear oibreacha a dhéanamh ar láithreáin/séadchomharthaí atá cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004, ní mór na ceanglais reachtúla faoi na hAchtanna sin a chomhlíonadh maidir le fógra a thabhairt nó toiliú Aire a fháil.
Má theastaíonn tuilleadh eolais, soiléirithe nó treorach uait chun iarratas a ullmhú, nó deimhniú a fháil faoi cé acu an struchtúr cosanta, struchtúr cosanta beartaithe, nó struchtúr atá laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) é do struchtúr, déan teagmháil le Ann Marie Cusack, Oifigeach Feidhmiúcháin um Chaomhantas Ailtireachta i gComhairle Contae na Gaillimhe ag conservationofficer@galwaycoco.ie nó 091 509308.
Iarratas a chur ar aghaidh
Ní mór iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh tráth nach déanaí ná 5PM, DÉ hAOINE an 3 EANÁIR 2025 chuig conservationofficer@galwaycoco.ie
An méid cistithe atá ar fáil
Deontais idir €50,000 agus €200,000, (nó os cionn €200,000 i gcúinsí eisceachtúla).
Is féidir 50% de na costais incháilithe a lorg. Is féidir céatadán níos airde a lorg i gcásanna eisceachtúla, faoi réir uasmhéid 80% de na costais incháilithe.
Amscála chun na hoibreacha a chur i gcrích
Gheobhaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo fógra gur bronnadh chistiú sealadach go luath in 2025, agus tá na hoibreacha le bheith curtha i gcrích faoi lár mhí Dheireadh Fómhair 2025. Tabhair faoi deara, áfach, gur féidir deontais chéimnithe a bhronnadh thar dhá bhliain arna hiarraidh sin.
Oibreacha ar bronnadh cistiú orthu roimhe seo
Bronnadh cistiú ar raon leathan oibreacha faoin CSS i gCathair na Gaillimhe sna blianta roimhe seo. Áirítear leo sin oibreacha ar dhíonta (lena n-áirítear díonta tuí), fuinneoga (lena n-áirítear fuinneoga nua a shuiteáil), doirse, obair phlástair taobh istigh, deisiúcháin bhallaí, rindreáil taobh amuigh agus a thuilleadh. Tá na hoibreacha ar fad déanta de réir dhea-chleachtas caomhantais lena chinntiú go bhfuil na struchtúir feabhsaithe agus cosanta.
Moltar d’iarratasóirí an liosta oibreacha/struchtúr incháilithe agus neamh-incháilithe a thugtar sa chiorclán treorach thíos a léamh.
Do chuid oibreacha a phleanáil
Tá sé mar aidhm ag an CSS dea-chleachtais agus prionsabail chaomhantais sa tógáil a chur chun cinn. Is tábhachtach na prionsabail thíos a chur san áireamh agus d’iarratas á ullmhú agat. Iarratas níos láidre é iarratas ina bhfuil raon feidhme soiléir ag na hoibreacha agus ráiteas modha a léiríonn na prionsabail thíos. Cabhróidh sé sin lena chinntiú gurb iad na hoibreacha is oiriúnaí agus is íogaire a dtabharfar fúthu.
Taighde agus anailís – Tuiscint ar an struchtúr ó thaobh na staire de agus tuiscint ar an riocht atá air faoi láthair.
Saineolas a úsáid – Ceanglaíonn an CSS go gcuirfidh gairmí caomhantais, nó ceardaí oilte nuair is infheidhme, bonn eolais faoin obair agus go gcuirfidh sé/sí an obair i gcrích.
An leas speisialta a chosaint – Féadfaidh leas speisialta a bheith inbhraite agus dobhraite. Sa chiall seo, féadfaidh sé a bheith ag baint le sainghné fhisiciúil struchtúir, an fheidhm atá an struchtúr nó an gaol atá aige le duine, grúpa nó pobal. In go leor cásanna, bíonn leas speisialta inbhraite agus dobhraite araon ag struchtúir chosanta nó ag struchtúir in LCAanna. Léiríonn leas speisialta an fáth is ceart struchtúr nó grúpa struchtúr a chosaint agus áirítear leis cúrsaí Ealaíne, Seandálaíochta, Ailtireachta, Cultúir, Staire, Sóisialta, Eolaíochta agus Teicniúla. Más úinéir/áititheoir struchtúr cosanta nó struchtúr laistigh de LCA tú, beidh catagóir leasa speisialta sannta ar an struchtúr nó ar an limistéar.
Idirghabháil íosta – Déan a oiread agus is gá agus a laghad agus is féidir. Is dea-chleachtas ó thaobh an chaomhantais agus luach ar airgead é an cur chuige seo.
Meas a léiriú ar athurithe a rinneadh roimhe seo – Tagann athruithe ar gach struchtúr i gcaitheamh na gcéadta de bhlianta. Is tábhachtach tuiscint agus meas a léiriú ar athruithe a chuireann le leas speisialta an struchtúir.
Deisiú seachas athsholáthar – Ní féidir ábhar stairiúil struchtúir a athsholáthar; nuair atá sé imithe, tá sé imithe. Ba cheart gach iarracht a dhéanamh, dá bharr sin, chun a oiread den ábhar stairiúil agus is féidir a choinneáil agus oibreacha ar bun ar struchtúr cosanta nó ar struchtúr in LCA.
Ionracas deisiúchán agus athruithe – Ba cheart an difear caolchúiseach idir oibreacha a dhéantar agus ábhair/gnéithe stairiúla a bheith le feiceáil, nuair is iomchuí.
Ábhair agus modhanna iomchuí – Caithfidh oibreacha beartaithe a bheith comhoiriúnach le hábhair agus mionsonraí an struchtúir stairiúil. Moltar ábhair/modhanna ar éirigh leo san am atá caite a úsáid. Ba cheart a bheith cúramach faoi ábhair agus teicnící nua agus nua-aimseartha a úsáid agus fianaise láidir eolaíoch a bheith ag tacú lena n-oiriúnacht.
Oibreacha a chur ina gceal – Is fearr agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeifeá in ann oibreacha a bhaint nó a chur ina gceal gan tionchar suntasach a imirt ar an struchtúr stairiúil.
Damáiste a tharlaíonn de réir a chéile – Féadfaidh oibreacha a dhealraíonn nach bhfuil ach tionchar beag acu ar struchtúr stairiúil tionchar carnach, suntasach, agus buan a imirt ar struchtúr stairiúil le himeacht aimsire, nuair a dhéantar iad anuas ar oibreacha beaga eile atá déanta.
Ní mholtar tarrthálas ailtireachta – Níor cheart ábhair ó fhoirgnimh eile a úsáid ach amháin i gcás nach bhfuil na hábhair sin á dtáirgeadh níos mó, i gcás gur féidir foinse an ábhair a fháil amach agus i gcás gur baineadh amach an t-ábhar de réir dlí.
An t-iarratas agus treoirdhoiciméid a íoslódáil
Tá Ciorclán Treorach an CSS 2025, an Fhoirm Iarratais agus an Seicliosta le fáil le híoslódáil thíos.
Seicliosta don Iarratas - CSS 2025
Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) 2025
Ar an 26 Iúil 2024, d’fhógair Malcolm Noonan TD, An tAire Stáit le freagracht as Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchái cistiú don Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2025. Tá an fógra seo á dhéanamh tuairim is ceithre mhí níos luaithe ná an t-am traidisiúnta agus, mar aon le méadú ar luach na ndeontas a bhronnfar ó €15,000 go €50,000, tá sé ar cheann de chuid mhaith athruithe atá déanta ar an scéim le haghaidh 2025 le go mbeidh sí níos éifeachtúla d’iarratasóirí agus dóibh siúd atá ag riar na scéime.
Tá An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2024 (BHIS) ann chun deisiú agus caomhnú a dhéanamh ar struchtúir atá faoi chosaint faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.
Tá mar aidhm ag an scéim seo tacú le
- líon suntasach tionscadal caomhantais dhlúthshaothair de scála beag ar fud na tíre
- a fhostaíonn gairmithe caomhantais agus ceardaithe oilte a bhfuil taithí acu leis an timpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú.
Tá deontais idir €2,500 agus €50,000 ar fáil.
Sa scéim i mbliana glactar isteach sruthanna d’fhoirgnimh dhúchasacha agus aghaidheanna siopa, a bhí mar chuid de Chiste na Struchtúr Stairiúil.
Tá an Roinn ag dul ar aghaidh arís leis an sruth de ‘mhicrea’ dheontais a tógadh isteach in 2020 le haghaidh oibreacha mar chothabháíl ghnáthaimh agus mion-deisiúcháin.
Tá an scéim á riar go ginearálta tríd na húdaráis áitiúla.
Osclaítear an fhuinneog d’iarratais 2025 ó 26ú Iúil 2024, go dtí 27ú Meán Fomhair 2024.
SIOT 2025 - Treoirleabhar d’Iarratasóirí
SIOT 2025 - Seicliosta d’iarratasóirí
SIOT 2025 Oibreacha Cáilitheacha agus Neamhcháilitheacha
Ciorclán SIOT 25-01 Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2025
Caomhnú Ailtireachta Sonraí : conservationofficer@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte