Bainistíocht Forbartha
- Naisc ábhartha eile
- Pleanáil Sonraí
- Foirmeacha, Bileoga, Íoslódálacha agus Táillí
- Córas Fiosraithe Pleanála
- Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe
- Treoir Chun Iarratas Pleanála a Dhéanamh
- Athbhreithniu PFC
- Pleananna agus Polasaithe Forbartha
- Bainistíocht Forbartha
- Rialú Tógál
- Caomhnú Ailtireachta
- Forfheidhmiú Pleanála
- Ligin Ghearrthéarmaigh
- Liostaí Seachtainiúla Pleanála
Céard atá ar bun againn?
1. Pleananna sa mheántéarma agus san fhadtéarma a fhorbairt don Chontae agus do cheantair áitiúla trí chomhairliúchán a dhéanamh leis an bpobal. Cinntíonn sé seo go ndéantar forbairt a phleanáil de réir na bprionsabal de phleanáil mhaith, inbhuanaitheacht agus treoirlínte náisiúnta.
2. Cinntí pleanála a dhéanamh bunaithe ar na pleananna thuasluaite.
3. Imscrúdú a dhéanamh ar fhorbairt neamhúdaraithe agus dul i mbun ionchúisimh nuair is gá agus
4. Aitheantas, cosaint, caomhnú agus feabhsú oidhreacht Chontae na Gaillimhe a chur chun cinn.
Cá bhfuilimid lonnaithe?
An tAonad um Pleanáil & Forbairt Inbhuanaithe,
Urlár na Talún, Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Tá 2 chuntar phoiblí ann:
- Cuntar Pleanála Ginearálta do cheisteanna ginearálta
- Cuntar nua níos lú d'Iarratais Nua le hiarratais phleanála nua a dhéanamh
Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?
- Buail isteach ag an gCuntar Pleanála:
Luan, Máirt, Déar & Aoine: 9.00rn - 4.00in
Céad: 10.00rn - 4.00in - Cuir glaoch ar phleanála @ 091-509000/091-509308. Tá na línte gutháin ar oscailt ó 9.00rn - 5.00in.
- Cuir glaoch ar an uimhir theagmhála dhíreach má tá sé luaite leis an tseirbhís
- Ríomhphost planning@galwaycoco.ie
- Logáil isteach ar www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Pleanail/
- Facs ag 091 509199
CEANNAIGH LÉARSCÁILEANNA AR LÍNE
Díolann an Suirbhéireacht Ordanáis Pacáistí Pleanála agus léarscáileanna eile go díreach óna siopa ar líne. Breathnaigh ar http://shop.osi.ie/
Spriocdhátaí Dheireadh na Bliana - Tarscaoileadh Ranníocaíocht Forbartha Sealadach: Fógra Tosaithe agus Fógra Socruithe 7 Lá
Ciorclán PL 07-2024 DCS Spriocdhátaí Deireadh Bliana (Béarla)
Scéim do Ranníocaíocht Forbartha 2016 (Rátaí leasaithe ón 1 Lúnasa 2019)
Scéim Ranníocaíochta Forbartha 2016
Tugtar fógra leis seo go bhfuil Scéim RanníocaíochtaíForbartha glactha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do Chontae na Gaillimhe de réir fhorálacha Alt 48 de na hAchtanna Pleanála agus Forbartha 2000, arna leasú. Glacadh leis an scéim ar an 29 Feabhra 2016. Tá an Scéim Ranníocaíochtaí Forbartha ar fáil le linn gnáthuaireanta oifige in Oifigí Ceantair Chomhairle Chontae na Gaillimhe, i Leabharlanna Áitiúla agus sa Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh. Tá an Scéim ar fáil ar láithreán gréasán Chomhairle Chontae na Gaillimhe: www.galway.ie.
Meabhrán Míniúcháin - Dréacht Scéim Ranníocaíochta Forbartha 2016 (as béarla)
Is féidir le duine ar bith comhad pleanála a bhreathnú, bíodh sé sean nó nua. Is féidir iarratais phleanála nua a bhreathnú san oifig pleanála ón dáta ar a bhfaightear iad agus déantar iad a scanadh agus a chur ár láithreán gréasáin taobh istigh de choicís (féach an
córas fiosraithe pleanála). Toisc go bhfuil teorainn ar stóráil, de ghnáth caithfear comhaid phleanála atá níos sine ná 4 mhí d'aois a ordú roimh ré chun iad a bhreathnú ag an gcuntar poiblí. Má tá comhad scanáilte dhá ordú agat, baineann táille de €10 leis. Cuir glaoch ar 091 509308 nó cuir ríomhphost chuig planning@galwaycoco.ie le comhad pleanála a ordú.
Tráchtaireacht a dhéanamh ar Iarratas Pleanála
Is féidir le duine ar bith tráchtaireacht a dhéanamh ar iarratas pleanála. Caithfear an tráchtaireacht a dhéanamh i bhfoirm scríofa taobh istigh de 5 seachtaine tar éis an iarratas a bheith faighte ag an Oifig Pleanála agus caithfear táille bheag a íoc. Eolas breise anseo.
Achomharc a dhéanamh i gCoinne Chinneadh an Údaráis Phleanála
Is féidir leis an iarrthóir ar chead pleanála, aon duine a rinne tráchtaireacht scríofa faoi iarratas pleanála nó úinéir talún tadhlaí
(má thugtar cead dó nó di achomharc a dhéanamh), achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála taobh istigh de 4 seachtaine ón dáta ar an ndearna an Oifig Pleanála an cinneadh. Le dul i dteagmháil leis an mBord Pleanála, logáil isteach ar www.pleanala.ie nó cuir glaoch ar 1890 275 175 (Íosghlao) nó (01)
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte