Plean Limistéar Áitiúil Bhearna
- Naisc ábhartha eile
- Plean Ceantar Áitiúil Uachtar Ard
- Plean Ceantair Aitiúil Creachmhaoil 2009-2015
- Plean Ceantar Áitiúil Cinn Mhara
- Plean Ceantar Aitiúil Droichead an Chláirín
- Phlean Ceantair Áitiúil Áth Cinn
- Plean Forbartha Ceantair Maigh Cuilinn 2013-2019
- Plean Ceantar Áitiúil Órán Mór
- Plean Ceantar Áitiúil Phort Omna
- Plean Limistéar Áitiúil Bhearna
- Plean Ceantar Áitiúil An Chlócháin
- Plean Ceantaír Áitíúíl na Gaeltachta 2008-2018
- Plean Ceantar Áitiúil Baile Chláir na Gaillimhe
- Phlean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha Sluaighe
- Plean Ceantair Áitiúil Thuama
Arthú Uimh. 2(a) ar PFCG 2015-21-Phlean Bhearna (Ráiteas Scríofa) - Ghlacadh ar 23 Iúil 2018
Athruithe Ábhartha 2(a)
Arthú Uimh. 2(a) ar PFCG 2015-21-Phlean Bhearna (Ráiteas Scríofa)
Páipéar Buncheisteanna Iúil 2017
Déanfar LAP Bhearna nua a chorprú sa Phlean Forbartha Contae, 2012-2021, trí athrú ar an bplean forbartha contae atá ann cheana. Cinnteoidh sé sin go bhfuil an LAP nua ag teacht go hiomlán leis an bPlean Forbartha Contae, ar plean úsáide talún uileghabhálach é do gach LAP i gContae na Gaillimhe.
An cuspóir atá leis an bPáipéar Buncheisteanna seo ná tú a chur ag smaoineamh ar na cineálacha saincheisteanna úsáide talún a bhféadfaí dul i ngleic leo i bPlean Ceantair Áitiúil Bhearna, agus tú a spreagadh aighneacht a dhéanamh faoi na ceisteanna sin nó aon cheisteanna pleanála eile a mheasfá a bheith tábhachtach. Tugann sé deis thá-bhachtach freisin do chónaitheoirí shráidbhaile Bhearna agus an cheantair mháguaird a bheith páirteach sa phróiseas ullmhúcháin pleanála.
Aighneachtaí
Plean Ceantair Áitiúil Bhearna - Páipéir Buncheisteanna 2017
Plean Ceantair Áitiúil Bhearna Comhairleoireacht Phoiblí Póstaer
Tá ríméad ar Chomhairle Contae na Gaillimhe Plean Ceantair Áitiúil Bhearna 2007-2017 a chur i láthair. Tugadh faoi phróiseas leathan chomhairliúcháin poiblí chun cabhrú le hullmhú an Phlean. Mar chuid de sin bhí comhairliúchán poiblí ag na céimeanna réamhdhréachtaithe, dréachtaithe agus athraithe/leasaithe ábhartha sa phróiseas ullmhúcháin don phlean. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin réamhdhréachtaithe, d’eagraigh Comhairle Contae na Gaillimhe ceardlann phoiblí agus tugadh cuireadh don phobal aighneachtaí scríofa a chur isteach. Ba chúis misnigh an freastal a rinneadh ar an gceardlann phoiblí, a eagraíodh chun dearcthaí an phobail áitiúil a fháil go luath sa phróiseas pleanála, agus léiríonn sé an leibhéal ard suime atá ag daoine i dtodhchaí an tsráidbhaile. Foilsíodh Tuairisc an Chomhairliúcháin Poiblí maidir le Réamh-Dhréachtphlean Ceantair Áitiúil Bhearna i mBealtaine 2006 ina raibh achoimre ar phríomhthorthaí an phróisis chomhairliúcháin réamhdhréachtaithe. Tá réimse ceisteanna ardaithe ag an bpróiseas chomhairliúcháin poiblí maidir le pleanáil sa cheantar. Tá bunús maith curtha ar fáil anseo chun LAP a ullmhú atáthar ag súil a bheidh ábhartha agus freagrúil do riachtanais an phobail.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte