Plean Ceantar Áitiúil Uachtar Ard
- Naisc ábhartha eile
- Plean Ceantar Áitiúil Uachtar Ard
- Plean Ceantair Aitiúil Creachmhaoil 2009-2015
- Plean Ceantar Áitiúil Cinn Mhara
- Plean Ceantar Aitiúil Droichead an Chláirín
- Phlean Ceantair Áitiúil Áth Cinn
- Plean Forbartha Ceantair Maigh Cuilinn 2013-2019
- Plean Ceantar Áitiúil Órán Mór
- Plean Ceantar Áitiúil Phort Omna
- Plean Limistéar Áitiúil Bhearna
- Plean Ceantar Áitiúil An Chlócháin
- Plean Ceantaír Áitíúíl na Gaeltachta 2008-2018
- Plean Ceantar Áitiúil Baile Chláir na Gaillimhe
- Phlean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha Sluaighe
- Plean Ceantair Áitiúil Thuama
Tá Plean Ceantair Áitiúil Uachtar Ard déanta de réir chuspóirí Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe, 2003-2009 agus de réir riachtanas an Achta um Pleanáil agus Forbairt agus an Achta
um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2002. Cuimsíonn an Plean Ceantair Áitiúil Ráiteas Scríofa tá agus léarscáileanna ag gabháil leis. Má thagann aon choimhlint nó débhríocht chun cinn idir an méid atá sa ráiteas scríofa agus na pleananna tacaíochta, beidh tosaíocht ag an ráiteas scríofa.
Is é cuspóir Phlean Ceantair Áitiúil Uachtar Ard ná an pobal, na húdaráis reachtúla, forbróirí agus páirtithe leasmhara eile a chur ar an eolas faoin gcreat beartais agus faoi na moltaí maidir le húsáid ghinearálta talún a mbainfear feidhm astu chun forbairt in Uachtar Ard a threorú le linn tréimhse an Phlean 2006-2012.
Is é aidhm an phlean ná creat a leagan amach d’fhorbairt an bhaile amach anseo, a tharlóidh ar bhealach rialta agus comhordaithe.
An fhad a bhí an Plean seo á ullmhú tugadh aird ar threochtaí náisiúnta agus réigiúnacha. Tógadh san áireamh go háirithe an Plean Forbartha Náisiúnta 2000 – 2006, an Straitéis Spáis Náisiúnta, an Páipéar Bán ar Fhorbairt Tuaithe, Straitéis Fhorbartha Réigiún an BMW 2000-2006, Treoirlínte Réigiúnacha don Iarthar agus foilseacháin agus treoirlínte eile de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil. De réir na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnacha tá Uachtar Ard lonnaithe i gcrios G – Cathair na Gaillimhe. Tá sé aitheanta go bhfuil ról tábhachtach ag Uachtar Ard mar bhaile satailíte de chuid Chathair na Gaillimhe agus go gcaithfidh fás a theacht ar Uachtar Ard agus go leanfaidh an baile ag feidhmiú mar lárionad seirbhísí.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte