Phlean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha Sluaighe
- Naisc ábhartha eile
- Plean Ceantar Áitiúil Uachtar Ard
- Plean Ceantair Aitiúil Creachmhaoil 2009-2015
- Plean Ceantar Áitiúil Cinn Mhara
- Plean Ceantar Aitiúil Droichead an Chláirín
- Phlean Ceantair Áitiúil Áth Cinn
- Plean Forbartha Ceantair Maigh Cuilinn 2013-2019
- Plean Ceantar Áitiúil Órán Mór
- Plean Ceantar Áitiúil Phort Omna
- Plean Limistéar Áitiúil Bhearna
- Plean Ceantar Áitiúil An Chlócháin
- Plean Ceantaír Áitíúíl na Gaeltachta 2008-2018
- Plean Ceantar Áitiúil Baile Chláir na Gaillimhe
- Phlean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha Sluaighe
- Plean Ceantair Áitiúil Thuama
Fógra faoi fhoilsiú Dhréacht-Phlean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe 2022-2028
Tréimhse Chomhairliúcháin 22 Deireadh Fómhair 2021 – 3 Nollaig 2021
Tugtar fógra leis seo gur ullmhaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe de bhun Alt 20 den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (arna leasú), Airteagal 14 A-E de na Rialacháin um Pleanáil & Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil), 2004 (arna leasú), Airteagal 6 de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (92/43/CEE) agus an Treoir um Éin (79/409/CEE) arna leasú, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. 477), Dréacht-Phlean Ceantair Áitiúil (PCÁ), Plean d’Iompar Áitiúil (PIÁ), Tuarascáil Chomhshaoil um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), Measúnú Cuí (MC) do Thuarascáil Tionchair Nádúir Chéim 2 agus Measúnú Straitéiseach ar Riosca Tuilte (MSRT) do Bhéal Átha na Sluaighe freisin.
Féach ar Dhréacht-PCÁ Bhéal Átha na Sluaighe 2022 – 2028
Beidh an Dréacht-PCÁ chomh maith leis na tuarascálacha a ghabhfaidh leis ar fáil lena n-iniúchadh ag na suíomhanna seo a leanas:
- https://consult.galway.ie/ga
- An Oifig Pleanála, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh H91 H6KX (Dé Luain go dtí Dé hAoine 9am – 4pm)
- Leabharlann Bhéal Átha na Sluaighe, Sráid an Chumainn, Béal Átha na Sluaighe (Dé Máirt 11.00am – 1.00pm & 2.00pm – 8.00pm, Dé Céadaoin go dtí Dé Sathairn 11.00am – 1.00pm & 2.00pm – 5.00pm)
- Oifig Ceantair Bhéal Átha na Sluaighe, Oifigí Cathartha, Béal Átha na Sluaighe H53 A7K7 (Dé Luain go dtí Dé hAoine 9.10am – 5.00pm)
Tabharfar aird ar aighneachtaí nó barúlacha i scríbhinn maidir leis an Dréacht-PCÁ, an Dréacht-PIÁ, an Tuarascáil Chomhshaoil um MSC, an MC do Thuarascáil Tionchair Nádúir agus an Measúnú Straitéiseach ar Riosca Tuilte (MSRT) do Bhéal Átha na Sluaighe a dhéanfar don Údarás Pleanála le linn na tréimhse sin sula nglacfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an Plean. Fáiltítear freisin roimh aighneachtaí nó barúlacha ó leanaí, nó ó ghrúpaí nó ó chumainn a dhéanann ionadaíocht do leasanna leanaí.
Ba cheart aighneachtaí a dhéanamh nó barúlacha a thabhairt i scríbhinn agus iad a sheoladh chuig:
‘Plean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe’,
An Rannán um Pleanáil Chun Cinn,
Comhairle Chontae na Gaillimhe,
Cnoc na Radharc,
Gaillimh
nó ar líne ach cuairt a thabhairt ar https://consult.galway.ie/ga
nó iad a sheoladh tríd an ríomhphost chuig forwardplanning@galwaycoco.ie.
Is é Dé hAoine, an 3 Nollaig 2021 ag 4pm an Dáta Deiridh le haghaidh Aighneachtaí nó Barúlacha.
Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha.
Ná seol d’aighneacht/do bharúil ach trí mheán amháin, ceachtar acu i scríbhinn nó go leictreonach.
Tabhair faoi deara an méid seo a leanas maidir le haighneacht nó barúil a dhéanamh:
Tá leanaí nó grúpaí agus cumainn a dhéanann ionadaíocht do leasanna leanaí i dteideal aighneachtaí nó barúlacha a chur isteach maidir le cuspóirí beartais chun straitéis fhoriomlán a sheachadadh do phleanáil cheart agus d’fhorbairt inbhuanaithe limistéar an PCÁ.
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF) (arna leasú). Tabhair faoi deara go bhfoilseofar gach aighneacht a gheofar ar líne de réir cheanglais an Achta Phleanála. Ba cheart duit a chinntiú nach gcuirtear aon fhaisnéis chráiteach, leabhlach nó rúnda, lena n-áirítear faisnéis rúnda a bhaineann le tríú páirtí (nár thoiligh an tríú páirtí ina leith, go sainráite, nó go hintuigthe sna himthosca, go bhféadfaí a nochtadh) isteach i d’aighneacht. Forchoimeádann an tÚdarás Pleanála an ceart chun aon aighneacht nó cuid di nach gcomhlíonann an riachtanas seo a leasú. Tabhair faoi deara go bhfoilseofar an aighneacht ina hiomláine.
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). D’fhonn cabhrú linn Cosaint Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh, cuir d’ainm agus do shonraí teagmhála san áireamh (agus más ábhartha, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta srl. a ndéanann tú ionadaíocht dó) ar bhileog ar leithligh ó ábhar d’aighneachta/do barúla. Tá an phróiseáil seo ar do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6 (1)(e) de na rialacháin RGCS. Tá Beartas Cosanta Sonraí na Comhairle ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle.
Tabhair faoi deara de réir Alt 19 den Acht Pleanála agus Forbartha (Leasú), 2018 go bhfoilseofar gach aighneacht bhailí a gheobhaidh an Chomhairle ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe laistigh de 10 lá oibre tar éis don Chomhairle í a fháil. Is próiseas oscailte agus poiblí é an próiseas pleanála agus dá bhrí sin, beidh d’aighneacht (go páirteach nó go hiomlán) ar fáil lena feiceáil ar líne ag https://consult.galway.ie/ga. Tabharfar aird ar gach barúil nó aighneacht a gheofar le linn na tréimhse ama thuas sula ndéanfar Plean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe 2022-2028.
Tá cóipeanna crua den Dréacht-PCÁ agus na cáipéisí a ghabhann leis ar fáil le ceannach ón Rannán Pleanála.
Brústocaireacht
Cuid bhunriachtanach den phróiseas daonlathach is ea an bhrústocaireacht. Cuireann sé ar chumas saoránach agus eagraíochtaí nó éascaíonn sé dóibh a dtuairimí a thabhairt ar bheartas poiblí agus ar sheirbhísí poiblí amhail criosú úsáide talún do pholaiteoirí agus do sheirbhísigh phoiblí (ainmnithe Oifigigh Phoiblí). Má tá baint agat leis an mbrústocaireacht, b’fhéidir go mbeidh ort:
- Clárú ar shuíomh gréasáin an Chláir Bhrústocaireachta a choinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin: www.lobbying.ie/ga/
- Faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi do ghníomhaíochtaí brústocaireachta trí huaire sa bhliain.
- Tabhair cuairt ar www.lobbying.ie/ga/ le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Bailítear an fhaisnéis phearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis chomhairliúcháin (a d’fhéadfadh bailiú sonraí pearsanta íogaire a áireamh) d’fhonn aighneachtaí a fháil agus chun déileáil leo agus tá aon sonraí a bhailítear faoi réir ráiteas príobháideachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe atá ar fáil ag http://www.galway.ie/ga/seirbhisi/chomhairle/priobhaideacht/
FÓGRA TÁBHACHTACH
NÁ CUIR SONRAÍ PEARSANTA SAN ÁIREAMH I D’AIGHNEACHT LE DO THOIL e.g. seoladh, ríomhphost nó uimhir theileafóin. Bain úsáid as an mbileog seo chun do shonraí pearsanta a thaifeadadh agus a chur isteach le d’aighneacht
Ní theastaíonn an fhoirm seo má tá d’aighneacht á seoladh agat ar https://consult.galway.ie/ga
Ainm an Chomhairliúcháin: __________________________________________________________
Ainm na Caibidle: ___________________________________________________________________
Sonraí teagmhála chun d’Aighneacht a Admháil (priontáil le do thoil)
Ainm: ____________________________________________________________________________
Seoladh: __________________________________________________________________________
R-phost: ____________________________________________________________________________
Síniú: _________________________________________________________________________
__________________________________________________________________________________
D’Úsáid Oifige amháin
Pleanálaí: _________________________________________________________________________
Dáta: ____________________________________________________________________________
Téama / Ceist / Gearán:______________________________________________________________
Nóta tráchta:_______________________________________________________________________
Plean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe 2015-2021
Glacadh le Plean Ceantar Áitiúil Béal Átha na Sluaighe 2015-2021 ar an 28 Deireadh Fómhair, 2015 de réir Alt 20 den Acht um Plean agus Forbairt 2000 (arna leasú). Tagann an Plean in éifeacht ar an 16 Samhain 2015.
Plean Ceantar Áitiúil Béal Átha na Sluaighe 2015-2021 (as Béarla)
Ráiteas SEA (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) (as béarla)
Tuairisc Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST)
Ráiteas Neamh-theicniúil MST (as béarla)
Tuairisc Straitéiseach Measúnú i gcás Tuilte Staid 2
Athruithe Ábhartha Doiciméid (as bearla):
hAthruithe Ábhartha do Dhréachtphlean Ceantair Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe 2015-2021 (as béarla)
Tuarascáil na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) – Aguisín
Tuairisc Scagthástála Measúnú Iomchuí (MI)
An Tuairisc Measúnaithe Straitéiseach Riosca i gcás Tuilte Céim 2 - Aguisín
Dréacht Plean Ceantair Áitiúil Doiciméid
Fógra Póiblí Bhéal Átha na Sluaighe 2015-2021
Dréacht PCA Bhéal Átha na Sluaighe 2015-2021 (béarla)
Dréacht PCA Bhéal Átha na Sluaighe - Tuairisc SEA (Béarla)
Achoimre Neamh-Theicniúil ar an Tuarascáil Timpeallachta (Béarla)
AA Tuairisc Tionchair Natura Stáid 2 (Béarla)
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte