Láithreán Folamh
- Naisc ábhartha eile
- Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028
- Pleananna Ceantair Áitiúla
- Cartlanna
- Láithreán Folamh
Clár na Láithreán Folamh
De réir an Achta um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíochta 2015 ní mór do gach údarás áitiúil clár a chur le chéile maidir le talamh ina cheantar féin atá feiliúnach le haghaidh tithíochta ach nach bhfuil ar fáil le haghaidh forbartha. An 1 Eanáir 2017 a bunaíodh Clár Láithreán Folamh do Chontae na Gaillimhe. Gearrfar tobhach láithreán folamh ar thailte a bheidh ar an gclár seo ó mhí Eanáir 2019 ar aghaidh.
Céard é Láithreán Folamh?
Tugtar mionsainmhíniú ar láithreán folamh san Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíochta. I dtéarmaí an-ghinearálta, áirítear aon phíosa talún mar seo leanas:
I gcás talún i limistéar cónaithe, tá gá le tithíocht sa cheantar, tá an láithreán feiliúnach do thithíocht agus níl an chuid is mó den láithreán in úsáid (i.e. folamh) ar feadh tréimhse fada ama.
I gcás talamh athghiniúna, níl an chuid is mó den láithreán in úsáid (i.e. folamh) ar feadh tréimhse fada ama agus go bhfuil an láithreán a bheith folamh ag cur as d'fhóntais atá ann cheana nó do shaintréithe an cheantair.
Céard a tharlaíonn ansin?
Ós rud é nár bunaíodh an Clár go dtí an 1ú Eanáir 2017 níl aon láithreáin fholmha air faoi láthair. Beidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tabhairt faoi mheastóireacht shonrach ar láithreáin fholmha sa Chontae a d'fhéadfadh a bheith feiliúnach. Beidh comhfhreagras le húinéirí talún ábhartha ag staideanna éagsúla den phróiseas athbhreithnithe mar chuid den mheastóireacht.
Cén t-eolas atá ar fáil ar Chlár na Láithreán Folamh?
Mar atá leagtha amach in Ailt 6 agus 8 den Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíochta 2015, beidh an t-eolas seo leanas maidir le gach láithreán folamh ar an gClár:
- Cur síos (léarscáil san áireamh)
- San chás go bhfuil talamh cláraithe ar an láithreán, sonraí an fhóilió;
- Ainm agus seoladh an úinéara;
- Sonraí faoi luach margaidh an láithreáin; agus
- Aon eolas eile atá luaite san Acht agus a d'fhéadfadh an tAire a ordú.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte