Plean Ceantar Áitiúil Baile Atha an Rí
- Naisc ábhartha eile
- Plean Ceantar Áitiúil Baile Atha an Rí
- Plean Ceantar Áitiúil An Ghoirt
- Plean Ceantar Aitiúil Bhaile Locha Riach
- Plean Ceantair Áitiúil Thuama
Fógra go bhfuil Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha An RÍ 2024 –2030 déanta.
i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, arna leasú
Tugtar fógra leis seo gur ghlac Comhaltaí Cheantar Bardasach Bhaile Átha an Rí/Órán Mór le Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030 ag a gcruinniú ar an 9 Eanáir 2024 agus go bhfuil sé ag teacht i bhfeidhm ar an 20 Feabhra 2024.
Is doiciméad reachtúil atá i bPlean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030 a d'ullmhaigh an tÚdarás Pleanála de réir cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú).
Treoir ón Aire de bhun Alt 31
D'eisigh An tAire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Uimh. 3000) ("an tAcht"), agus leis an Ordú Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2024 agus (I.R. Uimh. 234 de 2024) agus de dhroim molta a chuir Oifig an Rialálaí Pleanála faoina bhráid faoi alt 31AP(4) den Acht, d’eisigh sé Treoir do Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le hábhair a bhaineann le Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024-2030 ar an 31 Bealtaine 2024. Dá bhrí sin, leasófar dá réir sin gach criosú, cuspóir beartais agus foráil bhreise a bhí mar ábhar don Treoir. Is féidir sonraí iomlána Threoir an Aire a fheiceáil thíos.
Tá Plean Áitiúil Iompair ag gabháil le Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030. Áirítear sa phlean freisin Tuarascáil Comhshaoil um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST), a ullmhaíodh de réir na Rialachán (MST) um Pleanáil agus Forbairt 2004 (arna leasú), Tuarascáil Tionchair Natura um Measúnú Cuí , de bhun Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga 92/43/EEC. An Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte (SFRA) a ullmhaíodh de réir an Chórais Pleanála agus na Treoirlíne um Bainistíocht i gCás Tuilte 2009. Tá eolas sa Ráiteas Straitéiseach Comhshaoil (MST) a ghabhann leis an bPlean maidir leis an gcaoi a rinneadh breithniú comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean.
Tá eolas sa Ráiteas Straitéiseach Comhshaoil (MST) a ghabhann leis an bPlean maidir leis an gcaoi a rinneadh breithniú comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean.
- https://consult.galway.ie/en/browse
- https://www.galway.ie/en/services/planning/planspolicy/lap/localareaplanreview2023/athenrylap/
Beidh cóipeanna de Phlean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha an Rí 2024 – 2030 ar fáil le ceannach in am trátha ón Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Sínithe: Liam Hanrahan
Stiúrthóir Seirbhísí
Forbairt & Pleanáil Eacnamaíochta
1 - Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha An RÍ 2024-2030
2 -Plean Ceantair Áitiúil Bhaile Átha An RÍ 2024-2030 Infrastructure Assessments
4. Plean Áitiúil Iompair - Appendices
5. Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) ER
6. Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) ER - Appendix II NTS
7. Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte (SFRA)
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte