Plean Ceantar Áitiúil An Ghoirt
- Naisc ábhartha eile
- Plean Ceantar Áitiúil Baile Atha an Rí
- Plean Ceantar Áitiúil An Ghoirt
- Plean Ceantar Aitiúil Bhaile Locha Riach
- Plean Ceantair Áitiúil Thuama
FÓGRA FAOI DHÉANAMH PHLEAN CEANTAIR ÁITIÚIL AN GHOIRT 2025-2031
i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, arna leasú
Tugtar fógra leis seo gur ghlac Comhaltaí Cheantar Bardasach Bhaile Locha Riach le Plean Ceantair Áitiúil An Ghoirt 2025-2031 ag a gcruinniú ar an 29ú Iúil 2025 agus go bhfuil sé ag teacht i bhfeidhm ar an 9ú Meán Fómhair 2025.
Is doiciméad reachtúil atá i bPlean Ceantair Áitiúil An Ghoirt 2025-2031 a d'ullmhaigh an tÚdarás Pleanála de réir cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú).
Tá Plean Áitiúil Iompair ag gabháil le Plean Ceantair Áitiúil An Ghoirt 2025-2031. Áirítear sa phlean freisin Tuarascáil Comhshaoil um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST), a ullmhaíodh de réir na Rialachán (MST) um Pleanáil agus Forbairt 2004 (arna leasú), Tuarascáil Tionchair Natura um Measúnú Cuí , de bhun Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga 92/43/EEC. An Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte (SFRA) a ullmhaíodh de réir an Chórais Pleanála agus na Treoirlíne um Bainistíocht i gCás Tuilte 2009. Tá eolas sa Ráiteas Straitéiseach Comhshaoil (MST) a ghabhann leis an bPlean maidir leis an gcaoi a rinneadh breithniú comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean.
Beidh eolas sa Ráiteas Straitéiseach Comhshaoil (MST) a ghabhann leis an bPlean maidir leis an gcaoi a rinneadh breithniú comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean:
Beidh cóipeanna de Phlean Ceantair Áitiúil An Ghoirt 2025-2031 ar fáil le ceannach in am trátha ón Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Sínithe: Liam Hanrahan
Stiúrthóir Seirbhísí
Forbairt & Pleanáil Eacnamaíochta
1. Plean Ceantair Áitiúil An Ghoirt 2025-2031
2. Plean Ceantair Áitiúil An Ghoirt 2025-2031 - I.A
4. Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) - ER
5. Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) ER - Appendix III - NTS
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte