Alt 254 Ceadúnais
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá don phróiseas pleanála
- Alt 254 Ceadúnais
- Forbairtí Díolmhaithe
- Eastáit tithíochta a thógáil i gcúram
- Comhlíonadh Pleanála
- Cruinnithe Réamhphleanála
- Forbairtí Cónaithe ar Mhórscála (FCM)
Alt 254 - Iarratas ar chomharthaí, fearais, déanmhais etc. a cheadúnú
Cad iad na rudaí a bhfuil ceadúnas riachtanach dóibh?
Beidh ceadúnas ó údarás pleanála ag teastáil uait chun na míreanna nó an trealamh seo a leanas a chur ar, faoi, thar nó ar feadh bhóthar poiblí:
- meaisín díola,
- léarscáil baile nó tírdhreacha chun treoracha nó áiteanna a léiriú,
- fál, scafall nó clárlach,
- struchtúr fógraíochta,
- cábla, sreang, nó píblíne,
- bonneagar cumarsáide leictreonaí os cionn na talún agus aon bhonneagar fisiciúil gaolmhar amhail cuaille nó caibinéad teileafóin,
- both nó seastán teileafóin, nó
- aon fhearas, gaireas nó struchtúr eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil nó le hAcht den Oireachtas a bhfuil ceadúnas riachtanach dó.
Conas iarratas a dhéanamh
Suíocháin Lasmuigh:
Is ceadúnais bhliantúla iad ceadúnais Alt 254 do shuíocháin lasmuigh agus ní mór cur isteach orthu do gach bliain féilire agus doiciméid reatha a sheoladh leo.
Beidh an fhaisnéis nó na doiciméid seo a leanas ag teastáil do gach uile iarratas:
- Foirm iarratais Alt 254 comhlánaithe (ar fáil ar ár suíomh Gréasáin: http://www.galway.ie/en/media/GCC-P-07(B)-01.pdf )
- An táille ábhartha.
- Sonraí faoi nádúr an ghnó agus an gá atá le suíocháin agus gaireas lasmuigh.
- Sonraí faoi d’árachas dliteanais phoiblí trína shlánaítear Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus á rá go bhfuil an limistéar le haghaidh suíocháin lasmuigh san áireamh.
- Sonraí iomlána faoin chaoi a gcaithfear leis an limistéir ar mian leat cur isteach ar an gceadúnas. Áireofar leis seo:
- limistéar teoranta lasmuigh de do ghnó ag brath ar an ngá agus an cás a rinneadh.
- an teorainn a bheidh leis.
- líon na mbord/cathaoireacha atá le soláthar (Ní féidir aon struchtúir a chur ar an gcosán).
- Litreacha ceadaithe/toilithe ó na gnólachtaí nó na foirgnimh thadhlacha ag rá nach mian leo aon agóid a dhéanamh faoin scéal.
Tabhair faoi deara:
- Ní bheidh iarratais neamhiomlána bailí agus cuirfear ar ais chuig an iarratasóir iad.
- Ní féidir iarratais a chur ar aghaidh go dtí go bhfaighfear íocaíocht.
- Coinníoll de gach ceadúnas is ea go mbainfear gach struchtúr lasmuigh i ndiaidh uaireanta gnó.
Déanfar gach iarratas a mheas ar bhonn cás ar chás, ar a fhiúntas féin agus i gcomhar leis an Oifig Cheantair ábhartha.
Ní eisítear ceadúnais ach amháin le haghaidh suíocháin ar mhaoin phoiblí. Ní mór cead an úinéara talún a bheith ann do shuíocháin ar réadmhaoin phríobháideach agus d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh cead pleanála ag teastáil.
Féadfar achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála i gcoinne chinneadh an údaráis áitiúil:
Alt 254 "Troscán Sráide" Achomhairc um Cheadúnais | An Bord Pleanála (pleanala.ie)
Gach ceist chuig section254licences@galwaycoco.ie
Comharthaí méar eolais:
Is ceadúnais bhliantúla iad ceadúnais Alt 254 do shuíocháin lasmuigh agus ní mór an táille a íoc chun an ceadúnas a choinneáil i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé tarlú go mbainfí an comhartha méire eolais mura n-íoctar an táille.
- Foirm comhlíonta iarratais Alt 254 (ar fáil ar ár suíomh Gréasáin: http://www.galway.ie/en/media/GCC-P-07(B)-01.pdf ) mar aon le:
- Léarscáil suímh an láithreáin - scála 1/2500.
- Ainm bóthair/acomhal an ionaid is fearr do chomhartha méire eolais.
- An táille cuí.
Tabhair faoi deara:
- Ní bheidh iarratais neamhiomlána bailí agus cuirfear ar ais chuig an iarratasóir iad.
- Ní féidir iarratais a phróiseáil go dtí go bhfaighfear íocaíocht.
- Tá iarratas faoi leith ag teastáil le haghaidh gach comhartha.
- Déanfar gach iarratas a mheas ar bhonn cás ar chás, ar a fhiúntas féin agus i gcomhar leis an Oifig Cheantair ábhartha.
Beidh an comhartha ar bhóthar nó ar chosán poiblí nó ar réadmhaoin phríobháideach.
Beidh ceadúnas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe riachtanach d’aon chomhartha ar bhóthar nó ar chosán poiblí.
Maoin phríobháideach:
Tá comharthaí áirithe a chuirtear suas laistigh de theorainn áitribh ghnólachta díolmhaithe.
- Tá comharthaí áirithe atá ceangailte le háitreabh gnólachta díolmhaithe.
- Tá comharthaí áirithe eile díolmhaithe ó phleanáil .i. comharthaí ceantálaithe, comharthaí sealadacha do shorcais, srl.
- Níl comhartha i bpáirc leis féin díolmhaithe.
Féach le do thoil ar chomharthaí fógraíochta díolmhaithe mar atá leagtha amach i gCuid 2, Sceideal 2, de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001.
Sonraíochtaí le haghaidh comharthaí:
- Ní mór gach comhartha a mhonarú de réir chaighdeáin reatha na Roinne Comhshaoil atá sonraithe maidir le tógáil comharthaí tráchta.
- Is de chineál méire eolais amháin a bheidh na comharthaí, agus iad 1000mm (uasfhad) x 312mm. Féadfar an script a chomhdhlúthú go 70% dá gnáthleithead más gá chun an srian faide seo a chomhlíonadh.
- Caithfidh an dearadh bunúsach cloí leis an ngnáthdhearadh do chomharthaí tráchta agus beidh fotheideal bán, teorainneacha, saigheada, agus rachtáin ar chúlra donn. Is é 411 de BS381C ‘donn lárnach’ an dath donn atá molta.
- Ceannóidh úinéir an áitribh atá le fógairt na comharthaí agus comhlíonfaidh sé na sonraíochtaí thuas.
- Tógfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe cuaille ag acomhail oiriúnacha bóthair agus cuirfear comharthaí in airde nuair a fhaigheann siad deimhniú go bhfuil na hiarratais cheadaithe. Féadfaidh an Chomhairle comharthaí do níos mó ná áitreabh amháin a chur in airde ar an gcuaille céanna.
- Ní dhéanfar comharthaí a cheadúnú mura mbíonn an t-áitreabh atá le fógairt agus úsáid an áitribh sin chun na críche a fógraíodh údaraithe le cead faoi na hAchtanna Pleanála nó mura dteastaíonn cead pleanála ón áitreabh de bhua fhorálacha na nAchtanna Pleanála nó Rialacháin arna ndéanamh fúthu.
Feidhmeoidh an córas do chomharthaí méar eolais, a bhaineann le háitribh, agus atá suite amach ó phríomhbhealaí, ar an mbonn seo a leanas:
- Ceadófar cuaille singil ag an acomhal bóthair seachas aon chomhartha treorach reachtúil de chuid na Comhairle Contae.
- Ní cheadófar ach 4 (uimhir) chomhartha ar a mhéad ar aon chuaille.
- Ní fhéadfaidh níos mó ná comhartha méarphoist amháin a bheith ag aon bhunaíocht.
- Beidh an bhunaíocht laistigh de 8 km ó shuíomh an chomhartha.
- Is i nGaeilge a bheidh an chomhartha sa Ghaeltacht.
Gach ceist chuig section254licences@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte