Ceardlann Scoileanna Ildánacha
- Naisc ábhartha eile
- Cláir - Ealaíona & Míchumas
- Cláir - Na hEalaíona & Oideachas , Ealaíon Óige
- Cláir - Déanta I nGaillimh
- Bealtaine
- Oíche Cultúir
- Forbairt Ghairmiúil d'Ealaíontóirí Radharcacha
- Ceardlann Scoileanna Ildánacha
Ceardlann Nasctha Scoileanna Ildánacha d'Ealaíontóirí & Cleachtóirí Ildánacha i gComhpháirt le hOifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe
Dáta: Dé Máirt an 25 Aibreán 2023, 10:00 - 14:00
Suíomh: Halla Baile Thuama, Co. na Gaillimhe. Is iad ár gcairde in Áiteanna Cruthaitheacha Thuama a bheidh á hóstáil go croíúil.
Foirm um Léiriú Spéise: https://forms.gle/5FS7dPRWZg34pZbD7
Léargas Ginearálta ar an gCeardlann
Tá Scoileanna Ildánacha i gcomhpháirt le hOifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe ag cur ceardlann nasctha i láthair d'ealaíontóirí agus do chleachtóirí ildánacha a bhfuil suim acu cur lena gcumas obair a dhéanamh i scoileanna.
Dearadh an cheardlann forbartha gairmiúla seo chun tacú le healaíontóirí ar mian leo a gcleachtas cruthaitheach a leathnú chun go mbeadh obair i scoileanna agus i gcomhthéacsanna oideachasúla mar chuid de. Tá sé an-oiriúnach dóibh siúd atá ag teacht chun cinn sa réimse seo nach bhfuil taithí acu nó nach bhfuil acu ach fíorbheagán taithí.
Beidh an bhéim ar ealaíontóirí a ullmhú le go mbeidís réidh don scoil agus tuiscint a thabhairt dóibh ar na bunriachtanais atá ann chun obair a dhéanamh sa chomhthéacs seo. Beidh leideanna praiticiúla mar chuid di lena n-áirítear ceardlanna pleanála, costála agus cumarsáide agus treoirlínte dea-chleachtais, ar nós meabhráin tuisceana a dhréachtú agus guthanna daoine óga a chur san áireamh. Tagrófar d'eochairphrionsabail atá mar bhonn faoin gclár Scoileanna Ildánacha (Nósanna Intinne Cruthaitheacha agus Guth an Linbh agus an Duine Óig) chun tacú le forbairt ghairmiúil ealaíontóirí.
Dearadh an cheardlann chomh maith chun forléargas a thabhairt d'ealaíontóirí ar na healaíona i saol an oideachais, lena n-áirítear Scoileanna Ildánacha agus an réimse leathan deiseanna atá ar fáil ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta araon.
Tá sé saor in aisce freastal uirthi ach tá spásanna teoranta. Tá sé de riachtanas ar ealaíontóirí/cleachtóirí a bhfuil suim acu ann a spéis a léiriú roimh ré trí fhoirm ar líne: https://forms.gle/5FS7dPRWZg34pZbD7.
Is é an dáta deireanach chun na Léirithe Spéise seo a fháil ná an 17 Aibreán 2023. Deimhneofar do fhreastal trí ríomhphost ar bhonn leanúnach, faoin 18 Aibreán, agus tabharfar tosaíocht dóibh seo siúd nach bhfuil taithí acu ar obair a dhéanamh i gcomhthéacsanna oideachais nó nach bhfuil acu ach fíorbheagán taithí.
Faigheann an cheardlann seo tacaíocht ó Oifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe agus tá sé oscailte do chleachtóirí atá ag cur fúthu i gceantar údarás áitiúil Chomhairle Contae na Gaillimhe. Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag tairiscint airgead oinigh €35 dóibh siúd a fhreastalaíonn ar an gceardlann. Is féidir le rannpháirtithe an t-airgead oinigh a fháil má chomhlánaíonn siad foirm ar an lá is má chuireann siad sonraí ar fáil ionas gur féidir leo a bheith ina soláthróirí ag Comhairle Contae na Gaillimhe. Déanfar na híocaíochtaí trí aistriú bainc.
Ba chóir ceisteanna breise a chur chuig creativeschoolswest@gmail.com nó chuig 086 877 4710.
Cé orthu a bhfuil an cheardlann dírithe?
Is ceardlann forbartha gairmiúla leanúnaí í seo atá dírithe ar:
- ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn is a bhfuil suim acu a gcleachtas a fhorbairt chun obair a dhéanamh i scoileanna/i gcomhthéacsanna oideachasúla
- ealaíontóirí nuathagtha a bhfuil fíorbheagán cur amach acu ar shaol na nEalaíon san oideachas in Éirinn
- ealaíontóirí aitheanta nach bhfuil taithí acu ar obair a dhéanamh i scoileanna ach a bhfuil suim ar leith acu a gcleachtas a fhorbairt sa réimse sin
Tá an cheardlann seo oscailte do rannpháirtithe i ngach foirm ealaíne, lena n-áirítear na hamharc-ealaíona, dráma, ceol, ealaín taibhléirithe, scríbhneoireacht, filíocht, cleasaíocht sorcais, damhsa, ealaíona traidisiúnta, ealaíona sráide, na meáin dhigiteacha, opera, scannánaíocht agus ceardaíocht ach gan a bheith teoranta dóibh.
Beathaisnéis an Éascaitheora
Is í Joanna McGlynn, Comhordaitheoir Réigiúnach Scoileanna Ildánacha (Gaillimh / Maigh Eo / Ros Comáin) i gcomhpháirt le hOifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe a chuireann an cheardlann seo i láthair.
Le beagnach fiche bliain anuas, tá Joanna ag dearadh is ag soláthar réimse leathan clár cruthaitheach ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Ó cheardlanna aonuaire go cónaitheachtaí ealaíontóra i scoileanna, tá taithí leathan aici ar fhoirmeacha ealaíne agus ar churaclaim éagsúla.
Tá cuid mhór oibre déanta ag Joanna le hiliomad eagraíochtaí ealaíne agus soláthróirí seirbhíse in Éirinn le linn a saoil mar shaorealaíontóir, ar nós Saotharlanna Deartha Architecture At The Edge, Artlink (Dún na nGall), Comhairle na nEalaíon, Féile Ealaíne an Chlocháin, CREATE, Áiteanna Cruthaitheacha Thuama, Fidget Feet (Luimneach), Comhairle Contae na Gaillimhe, Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe, LUXe (Dún na nGall), an Ceoláras Náisiúnta (Baile Átha Cliath), Oifig na nOibreacha Poiblí, Clár Críochnaithe Scolaíochta Inis Eoghain Theas, an Playhouse (Doire), Féile na nAmharc-Ealaíon TULCA - gan ach beagán a lua. Tá sí ina Comhpháirtí Cruthaitheach ar chlár Scoileanna Ildánacha ó bhí 2018 ann.
In éineacht lena cuid oibre san oideachas, tá cleachtas ealaíon pobalghníomhach aici, rud a thagann ón gcúlra atá aici sna hamharc-ealaíona. Is tionscadail sainábhair iad a cuid tionscadal agus forbraítear iad mar fhreagra ar an timpeallacht fhisiciúil atá thart orthu, le haird tugtha ar phobail daoine, áite agus spéise. Fíoraítear iad trí phróisis rannpháirtíochta, chomhchruthaithe agus chomhoibrithe.
Tá Máistreacht i gCleachtas Sóisialta agus sa Timpeallacht Chruthaitheach ag Joanna ó Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh agus tá Céim aici sa Mhínealaín agus san Ealaín Fheidhmeach ó Ollscoil Uladh, Béal Feirste.
Maidir le Scoileanna Ildánacha
Is tionscnamh suaitheanta de chuid Clár Éire Ildánach é Scoileanna Ildánacha a bhfuil sé mar aidhm aige cumas cruthaitheach gach páiste a fhorbairt. Tá Scoileanna Ildánacha faoi stiúir na Comhairle Ealaíne i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tuilleadh sonraí: https://www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ild%c3%a1nacha/
Maidir le hOifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe
Is í Comhairle Contae na Gaillimhe an phríomhghníomhaireacht atá i mbun forbartha ealaíon áitiúla i gContae na Gaillimhe. Lena hOifig Ealaíon, tá sí tiomanta chun obair i gcomhar agus i gcomhpháirt le dreamanna eile chun barrfheabhas agus ceannaireacht a chur ar fáil d'fhorbairt agus soláthar na n-ealaíon ar fud an Chontae. Tuilleadh sonraí: https://www.galway.ie/ga/seirbhisi/04/cemuid/03/
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte