- Baile > Seirbhísí > Oifig Ealaíne > Cláir > Oíche Cultúir
Oíche Cultúir
- Naisc ábhartha eile
- Cláir - Na hEalaíona & Oideachas , Ealaíon Óige
- Bealtaine
- Oíche Cultúir
- Forbairt Ghairmiúil d'Ealaíontóirí Radharcacha
- Ceardlann Scoileanna Ildánacha
Tugann Oíche Chultúir Chontae na Gaillimhe cuireadh duit páirt a ghlacadh in imeachtaí speisialta ar fud Chontae na Gaillimhe Dé hAoine an 19 Meán Fómhair ó 4pm go dtí déanach. Is ócáid náisiúnta í an Oíche Chultúir, ag ceiliúradh gach a bhfuil mar chuid de shaibhreas agus éagsúlacht an Chultúir in Éirinn inniu, ag ceangal daoine le gníomhaíochtaí cultúrtha go háitiúil agus go náisiúnta.
Mar chuid d’Oíche Chultúir Chontae na Gaillimhe 2025, beidh breis agus 50 imeacht ar siúl i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an chontae. Mar gheall ar thacaíocht leanúnach Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus na Comhairle Ealaíon, tá na gníomhaíochtaí go léir ar fáil don phobal saor in aisce.
"Is í 2025 an fichiú bliain d’Oíche Chultúir, a cheiliúrann éagsúlacht shaibhir na hÉireann trí na healaíona, an cultúr agus an chruthaitheacht," a deir Sharon O’Grady, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe. "Tugaimid cuireadh do mhuintir na Gaillimhe páirt a ghlacadh sa réimse leathan imeachtaí cultúrtha agus tacú leis na daoine aonair, na grúpaí pobail agus na heagraíochtaí tiomanta atá ag cur na gníomhaíochtaí seo ar fáil."
Beidh imeachtaí iomadúla ar siúl i rith an lae agus go déanach sa tráthnóna, lena n-áirítear ceol, amharclannaíocht, na hamharc-ealaíona, filíocht, déanamh irisí, grianghrafadóireacht, drumadóireacht, ceardaíocht agus scéalaíocht do gach aoisghrúpa i gceantair éagsúla lena n-áirítear An Chloch Bhreac, An Spidéal, An Tulach, Baile Átha an Rí, Béal Átha na Sluaighe, Baile an Doirín, Béal an Chláir, Baile Chláir, An Clochán, Cora Finne, Gleann na Madadh, Glinsce, An Gort, Áth Cinn, Gleann Eidhneach, Cinn Mhara, An Choill Mhór, Leacach, An Creagán, An Droichead Nua, Órán Mór, Port Omna, An Sceachánach, Tuaim, An Ghráig, agus Oileáin Árann.
Mar chuid d’Oíche Chultúir Dhéanach na bliana seo, cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe i láthair go bródúil Where Light Lingers, eispéireas tumthach solais, taibhithe agus fuaime ag Mainistir na Coille Móire i gConamara. Cuirfidh an ócáid oíche den scoth seo an lucht féachana faoi dhraíocht de réir mar a athraítear tailte Mhainistir na Coille Móire ina n-eispéireas speisialta trí sholas agus trí thaibhiú. Ina measc, beidh na healaíontóirí, Alannah Robins, Aoife Dunne, Gillian O’Shea, Jane Cassidy, Linda Schirmer, Cantairí Chonamara agus Ógtheagmháil Leitir Fraic. Tugtar cuireadh don lucht féachana freastal ar Mhainistir na Coille Móire ó 8:30i.n., agus cuirfear tús le taibhithe ag 9i.n.
Imeachtaí spleodracha eile Oíche Chultúir i gConamara Thuaidh: Comhrá le hEalaíontóirí agus Taispeáint Scannáin le Bryan Gerard Duffy agus Mohamed Sleiman Labat ag Interface, Gleann Eidhneach, agus Aonach Oíche Chultúir le Art Together, Cumann Scannáin an Chlocháin agus Just A Collective sa Chearnóg, an Clochán.
I gConamara Theas, tugann Ros na Rún cuireadh do lucht leanúna a n-áit a chur in áirithe le haghaidh turais eisiach taobh thiar den seit agus seisiún ceisteanna agus freagraí leis an tsraith dhrámaíochta teilifíse Ghaeilge ina stiúideo sa Spidéal. Is cinnte go dtabharfaidh an ócáid seo léargas spreagúil ar a bhfuil i gceist le sraith dhrámaíochta teilifíse a chur le chéile, lena n-áirítear féachaint ar na seiteanna aonair, na spásanna léiriúcháin, an seomra scíthe agus foghlaim faoi na rudaí go léir atá i gceist ó scripteanna, scríbhneoireacht, aisteoireacht agus luachanna léiriúcháin.
Beidh tráthnóna inspioráideach lán le heispéiris chultúrtha ar théama na mara, A Night to Sea, i bhForas na Mara, Órán Mór, chun an dlúthcheangal atá idir Éirinn agus an Fharraige a cheiliúradh. Mar chuid den chlár dinimiciúil seo, beidh meascán beoga de cheol, amhráin, filíocht agus amharc-ealaíona, ceardaíocht, agus scéalaíocht agus iad ar fad faoi anáil na mara, an tsaoil ar an gcósta agus na bpobal ar fhág ár n-oidhreacht mhara a lorg orthu.
Idir an dá linn, i halla Fhoras na Mara, beidh taispeántas coimeádta d’íomhánna a léiríonn buanna agus peirspictíochtaí éagsúla na mball, á óstáil ag Club Grianghrafadóireachta Solas. Sa taispeántas, léireofar obair a chuimsíonn muirdhreacha scóipiúla agus radhairc chiúine thuaithe chomh maith le portráidí dlúthphearsanta, teagmhais fiadhúlra, agus nóiméid i stíl cláir faisnéise a gabhadh feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Cuireann tionscadal Mending HeArts i mBéal Átha na Sluaighe ceardlanna ealaíne ar fáil in ospidéil agus i suíomhanna pobail do dhaoine a bhfuil galar cardashoithíoch orthu nó a bhuail stróc iad. Ar Oíche Chultúir, tabharfar blaiseadh don lucht féachana de na rudaí a tharlaíonn i gceardlanna Mending HeArts, ag comhchruthú saothar ealaíne agus ag déanamh rud éigin pearsanta le tabhairt abhaile.
Is taispeántas é Gorgeous Gort ó Ghrúpa Ealaíon an Ghoirt a cheiliúrann cruthaitheacht agus pobal. Le healaíontóirí áitiúla agus daoine eile a bhog go dtí an Gort le déanaí, is meabhrúchán álainn é an taispeántas seo ar an saibhreas a thugann cruthaitheacht áitiúil do shaol an phobail.
Is club do lúthchleasaithe faoi mhíchumas intleachtúil é Club Oilimpeach Speisialta Lakers na Gaillimhe Theas i mBaile Locha Riach. Fáiltíonn siad go croíúil roimh lúthchleasaithe ó chlubanna Oilimpeacha Speisialta eile in aice láimhe chun páirt a ghlacadh leo ag a nDioscó Tostach le haghaidh oíche speisialta. Tá an ócáid oiriúnach go háirithe dóibh siúd a bhfuil íogaireacht fuaime acu.
Tionóltar One Story, Many Voices ag an Stáisiún íocónach Quiet Man i mBéal Átha Glúinín, ag déanamh ceiliúradh ar an éagsúlacht chultúrtha laistigh den phobal áitiúil. Mar chuid den oíche seo, beidh scéalaíocht, filíocht ó bhéal, agus ceol ó dhaoine aonair atá ag déanamh ionadaíochta do chúlraí éagsúla eitneacha atá mar chuid de dhlúth is d’inneach Bhéal Átha Glúinín agus an cheantair máguaird anois.
Le breis is 50 imeacht ar siúl i gContae na Gaillimhe Dé hAoine an 19 Meán Fómhair, moltar do lucht féachana roghanna a dhéanamh de na himeachtaí Oíche Chultúir ar fad ar culturenight.ie. Roghnaigh an tsiombail chroí chun iad a shábháil i do roghanna pearsanta.
Tugann an Chomhairle Ealaíon Oíche Chultúir, imeacht poiblí bliantúil uile-oileáin, chugaibh. Is ócáid náisiúnta í, ag déanamh ceiliúradh ar chultúr, cruthaitheacht agus na healaíona agus féachann sí leis an gcreideamh a chur chun cinn go gníomhach go bhfuil an cultúr saibhir agus éagsúil seo beo, luachmhar agus cothaithe i saol daoine, inniu agus gach lá. Tá sé curtha ar fáil ar fud na tíre i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte agus i gceantair thuaithe agus ar líne agus trína gcomhpháirtithe meán.
Lean cainéil mheáin shóisialta Oíche Chultúir Chontae na Gaillimhe le haghaidh an eolais is déanaí.
Instagram: @culture_galway & Facebook: @galwaycountyculturenight
Cliceáil anseo le haghaidh clár iomlán Oíche Chultúir 2025
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte