CÉ MUID - Leathanach Baile
- Naisc ábhartha eile
- Oifig Ealaíne Sonraí
- CÉ MUID - Leathanach Baile
- CÉ MUID - Naisc
Eolas Faoin Roinn Ealaíon
Fáilte chuig láithreán gréasáin Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe!
Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe an phríomhghníomhaireacht a bhíonn i mbun forbartha ar na healaíona go háitiúil i gContae na Gaillimhe. Tríd an Oifig Ealaíon tá an Chomhairle tiomanta do chomhoibriú i gcomhar le dreamanna eile ar mhaithe le hardchaighdeán agus ceannasaíocht a chur ar fáil d’fhorbairt agus do sholáthar na n-ealaíon ar fud an Chontae.
Ó tháinig sé ar an bhfód in 2000 tá obair shuaithinseach agus rathúil ar bun ag Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ó thaobh bainistiú a dhéanamh ar réimse leathan clár agus tacaíochtaí i gcomhar le príomhchomhpháirtithe.
I gcaitheamh na mblianta lean an Oifig de bheith ag tacú le healaíontóirí, le heagraíochtaí gairmiúla ealaíon agus le cruthú foirmeacha ealaíne. Chruthaigh sé tionscnaimh ealaíne don óige, do ghrúpaí pobail agus cláir ar leith le haghaidh Ealaíon i gComhthéacs (Na hEalaíona agus Sláinte, Na hEalaíona agus Míchumas agus Na hEalaíona agus Daoine Aosta).
Tá taithí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, le breis agus 25 bliain ar bheith ag coimisiúnú na healaíne poiblí agus mar thoradh air tá 15 togra ealaíne poiblí cruthaithe idir dhéantúis ealaíne bhuana agus tograí sealadacha. Rinne An Oifig Ealaíon maoirseacht ar an gclár leathan seo, lena n-áirítear an taispeántas amharc-ealaíona, atá ar taispeáint inár bhfoirgnimh phoiblí fud fad an Chontae.
Dréachtphlean Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2020-2024
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte