Wildscreen
- Naisc ábhartha eile
- Baile Átha an Rí - Gort Mhaoilir
- Baile Átha an Rí - An Well
- CULLAIRBAUN Albam Pobai
- Fan Nóiméad - Áth Cinn
- An Baile - Diarmaid agus Gráinne
- Baile Locha Riach - Uileann Piper
- Órán Mór - Shell Muirí
- Port Omna - SRACFHÉACHAINT
- Sráid Sun , Tuaim - Éin ag Súgradh
- Tionscadal Scileanna an Lucht Siúil Traidisiúnta T
- Bailedhreach - Tuaim
- Wildscreen
- Anseo atá tú - Tuaim
Wildscreen / Scáil-fhiáin
Ealaíontóirí: Úna Quigley agus Louise Manifold
Taispeántas ealaíne comhaimseartha ar scáthlán a bhain go sonrach leis an suíomh a bhí i Scáil-fhiáin a raibh réimse ealaíontóirí idirnáisiúnta, a bhí ag obair le scannán mar mheán ealaíne, páirteach ann. Chruthaigh na healaíontóirí Louise Manifold agus Úna Quigley Scáil-fhiáin.
Trí na hoibreacha a chur i láthair i gcomhthéacs neamhchoitianta suiteála lasmuigh de na hionaid uirbeacha is mó a bheadh súil go mbeadh an obair le feiceáil iontu agus trí leas a bhaint as suíomhanna mar sin chun páirtíocht chriticiúil a spreagadh, d'fhéach an ócáid le dul i ngleic le smaointe a bhain le limistéar nádúrtha, le fiántas agus le huasdiamhair chineamatach agus a ndúshláin a thabhairt.
Ar 7ú agus 8ú Márta 2015 tugadh cuireadh do lucht féachana dul ar oilithreacht isteach i tírdhreach eipiciúil Chonamara le haghaidh ócáid dheireadh seachtaine. Bhí an ócáid láraithe ar scannáin na n-ealaíontóirí a thaispeáint ar scáthlán thar dhá lá. Chonaic an lucht féachana píosaí oibre turgnamhacha spreagúla scannáin ó ealaíontóirí as Éirinn agus ó ealaíontóirí idirnáisiúnta i spás tionsclaíoch, Gorlann Eidhneach, a dhear ailtirí nua-aoisí na tíre seo Scott, Tallon agus Walker.
Suite mar atá ar láthair chúlráideach i nGleann eipiciúil Eidhneach tá na healaíontóirí Úna Quigley agus Louise Manifold ag freagairt don suíomh seo i gConamara, ceann de na limistéir nádúrtha dheireanacha atá fágtha in Éirinn, maidir leis na healaíontóirí a fuair cuireadh uathu chun a gcuid scannán a thaispeáint mar aon leis na hoibreacha nua uathu féin a thóg siad i gConamara mar chuid den tionscadal.
Tá tacaíocht faighte ag Scáil-fhiáin ó Chomhairle Ealaíne na hÉireann, ó Chomhairle Contae na Gaillimhe, ó Údarás na Gaeltachta agus ó Lárionad Ealaíne na Gaillimhe.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag: www.wildscreenireland.com
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte