Fan Nóiméad - Áth Cinn
- Naisc ábhartha eile
- Baile Átha an Rí - Gort Mhaoilir
- Baile Átha an Rí - An Well
- CULLAIRBAUN Albam Pobai
- Fan Nóiméad - Áth Cinn
- An Baile - Diarmaid agus Gráinne
- Baile Locha Riach - Uileann Piper
- Órán Mór - Shell Muirí
- Port Omna - SRACFHÉACHAINT
- Sráid Sun , Tuaim - Éin ag Súgradh
- Tionscadal Scileanna an Lucht Siúil Traidisiúnta T
- Bailedhreach - Tuaim
- Wildscreen
- Anseo atá tú - Tuaim
‘FAN NÓIMÉAD’
Ealaíontóir: Gareth Kennedy
ag obair le Grúpa Sheid na bhFear Áth Cinn agus saor bád traidisiúnta, Patrick Connolly
Is pailliún comhaimseartha, a dearadh agus a tógadh i gcomhoibriú le Seid na bhFear, Áth Cinn, Patrick Connolly agus ealaíontóir, Gareth Kennedy é 'FAN NÓIMÉAD’ (Wait a Minute). Baineadh úsáid as Dair Ghlas agus Learóg na hÉireann, a fásadh sa tír seo agus a leagadh i 2014 chun an pailliún ar fad a thógáil ar an suíomh in Áth Cinn. Tháinig an tionscadal ó threoir a d'fhéach le tionscadal Sheid na bhFear, Áth Cinn a ghabháil le tionscadal a thabharfadh obair ealaíne poiblí don bhaile.
Bhunaigh Ealaíontóir Gareth Kennedy an tionscadal ar phlean chun smaointe faoi 'Mheitheal' a scrúdú agus ar an smaoineamh, chomh maith, go gcruthódh tógáil struchtúir laistigh den bhaile an mothú gur bhain deasghnách agus fócas sóisialta leis dos na rannpháirtithe ar feadh thréimhse sé mhí. Bhain an tionscadal le hábhair dhúchasacha agus le lámhscileanna agus próisis thraidisiúnta a úsáid chun dearadh comhaimseartha a chur i gcrích.
*Is ealaíontóir as Gaillimh é Gareth Kennedy atá lonnaithe don chuid is mó i mBaile Átha Cliath. Cíorann a chuid oibre gníomhaireacht shóisialta na gceardaithe láimhe sa 21ú aois agus cruthaíonn sé 'pobail a bhfuil suim acu ann' chun cultúir nua sna hábhair a thógáil agus chun leas a bhaint astu. Ta píosaí oibre tógtha agus curtha ar taispeáint ag Kennedy sa tír seo agus go hidirnáisiúnta agus rinne sé comh-ionadaíocht ar son na hÉireann ag 53ú Biennale na Veinéise i 2009 in éineacht leis an ealaíontóir, Sarah Browne. www.gkennedy.info www.kennedybrowne.com
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte