Baile Locha Riach - Uileann Piper
- Naisc ábhartha eile
- Baile Átha an Rí - Gort Mhaoilir
- Baile Átha an Rí - An Well
- CULLAIRBAUN Albam Pobai
- Fan Nóiméad - Áth Cinn
- An Baile - Diarmaid agus Gráinne
- Baile Locha Riach - Uileann Piper
- Órán Mór - Shell Muirí
- Port Omna - SRACFHÉACHAINT
- Sráid Sun , Tuaim - Éin ag Súgradh
- Tionscadal Scileanna an Lucht Siúil Traidisiúnta T
- Bailedhreach - Tuaim
- Wildscreen
- Anseo atá tú - Tuaim
ealaín phoiblí i mbaile locha riach
Píobaire Uilleann Bhaile Locha Riach
Ainm an Ealaíontóra: James Mac Carthy.
Ábhair a úsáideadh: Cré-Umha ar Bhloc Aolchloiche
Ráiteas ón Ealaíontóir:
Ar an gcuairt a thug mé ar an suíomh i mBaile Locha Riach thug me faoi deara go raibh trí phlaic in onóir do cheoltóirí traidisiúnta ann cheana, aitheantas ar an seasamh iontach agus an stair fhada a bhaineann leis an gceol traidisiúnta sa cheantar. Níos déanaí agus mé ag déanamh taighde ar stair an cheantair rith sé liom a mhéad a raibh baint ag Baile Locha Riach le stair dhíshealbhú talún agus cultúir na hÉireann faoi lámha na Sasanach. Le linn fheachtas Chromaill in Éirinn bhí cosc ar sheinm Phíb Catha na hÉireann. As sin lean sé gur rinneadh na Píb Uilleann a fhorbairt. D'fhéadfaí iad a sheinm taobh istigh mar go raibh toin níos boige agus níos ísle acu.
Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí Chromaill agus daoine eile a lean sna céadta ina dhiaidh sin scaipeadh muintir na hÉireann ar fuaid an domhain. Thug siad a gcuid ceoil leo, na píb uilleann san áireamh, uirlis a bhain leis an tír seo amháin. Agus an méid sin i m'aigne mheas mé go mbeadh dealbh de phíobaire uilleann oiriúnach agus go gcuirfeadh a leithéid leis na painéil a bhí socraithe ansin cheana.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte