Baile Átha an Rí - An Well
- Naisc ábhartha eile
- Baile Átha an Rí - Gort Mhaoilir
- Baile Átha an Rí - An Well
- CULLAIRBAUN Albam Pobai
- Fan Nóiméad - Áth Cinn
- An Baile - Diarmaid agus Gráinne
- Baile Locha Riach - Uileann Piper
- Órán Mór - Shell Muirí
- Port Omna - SRACFHÉACHAINT
- Sráid Sun , Tuaim - Éin ag Súgradh
- Tionscadal Scileanna an Lucht Siúil Traidisiúnta T
- Bailedhreach - Tuaim
- Wildscreen
- Anseo atá tú - Tuaim
ealaín phoiblí i mbaile átha an rí
An Tobar
Ainm an Ealaíontóra: John Langan
Ábhair a úsáideadh: Cré-Umha, Aolchloch, Cruach Dhosmálta
Tá tionchar ag gaireacht an tsuímh seo le Caisleán Bhaile Átha an Rí agus leis an nGeata Ó Thuaidh ar an obair ealaíne seo. Bhí sé i gceist obair ealaíne a fhorbairt a bheadh uathúil don láthair agus a dhéanfadh sainiúlacht áitiúil agus stair na háite agus na ndaoine a cheiliúradh agus ag an am céanna a chuimseodh téama foriomlán an tsolais, an tírdhreacha agus an uisce. Is éard a bhí i gceist sa choincheap ná obair ealaíne a chruthú a d'fheidhmeodh mórán mar d'fheidhmeodh tobar fíoruisce san am atá caite: áit a ndeachaigh daoine chun uisce a tharraingt, a bhí mar áit le casadh le daoine, áit shóisialta le teacht le chéile agus comhrá a dhéanamh. Bhí tionchar ag gaireacht na hÁirse, nó an Gheata ó Thuaidh agus an Chaisleáin, smaointe faoi thobair, scairdeáin, rothaí uisce agus taisclanna, imirt an tsolais ar uisce, rothaí paidreoireachta Tibéadacha agus stair Bhaile Átha an Rí ar choincheap lom an dearaidh agus ar na hábhair a úsáideadh.
Cur Síos
Ta trí cholún aolchloiche socraithe i bhfáinne, gach colún i bhfoirm áirse nó taca a thagann le chéile ag lárphointe an fháinne. Ón lárphointe uachtarach ritheann cuaille ingearach cruaiche dósmálta isteach sa talamh. Tá sorcóir cré-umha múnlaithe a chastar le brú beag ceangailte leis an gcuaille. Chun daoine a chur ar an eolas faoi gach a bhfuil san obair ealaíne reáchtáil an t-ealaíontóir sraith ceardlann le daoine óga áitiúla. I dtosach thug sé cuireadh do sheandálaí teacht chun cainte le grúpaí éagsúla agus ansin d'fhorbair sé sraith ceardlann inar chruthaigh na daoine óga sraith fíoracha cré aonaracha bunaithe ar mar a mhothaigh siad faoi Bhaile Átha an Rí agus an stair a bhaineann leis. Aistríodh na fíoracha seo go céir agus cuireadh isteach sa mhórobair dhealbhóireachta iad ina dhiaidh sin. Déanann an obair mhóriomlán tagairtí caolchúiseacha do smaointe faoi sholas, tírdhreach agus uisce. Tá an léiriú aeistéitiúil íogair don suíomh agus meallann sé idirghníomhaíocht an phobail.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte