Scannán - UNESCO
- Naisc ábhartha eile
- Scannán - Comhpháirtíocht Scannán na Gaillimhe
- Scannán - cuil Le Scoileanna Squad
- Scannán - Scéim ID Scannán
- Scannán - Screenwest
- Scannán - UNESCO
Gaillimh – Cathair Scannánaíochta UNESCO
I mí na Nollag 2014, fógraíodh gur ainmníodh Gaillimh mar Chathair Scannánaíochta de chuid UNESCO. Faoi Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO, tá Gaillimh i measc na gcúig chathair sa domhan a bhfuil an stádas seo a bhfuil an-ráchairt air bainte amach acu. Chomh maith le Gaillimh, tá Sydney, san Astráil, agus cathair nasctha na Gaillimhe, is é sin, Bradford, sa Ríocht Aontaithe, ainmnithe mar Chathracha Scannánaíochta. Is ainmniúchán buan domhanda é seo. Tríd an stádas seo a bhaint amach, tugtar aitheantas idirnáisiúnta den chineál is airde do shármhaitheas na dtionscal cruthaitheach i nGaillimh. Chomh maith le stádas mar Chathair Chruthaitheach Scannánaíochta a bheith bainte amach, bronnann an teideal sin ballraíocht i Líonra Chathracha Cruthaitheacha UNESCO.
I gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe, ba é Ionad Scannán na Gaillimhe a bhí i gceannas ar an bpróiseas tairisceana ar cuireadh tús leis dhá bhliain ó shin. Rinneadh an aighneacht tairisceana deiridh thar ceann an ghrúpa ina raibh níos mó ná 50 eagraíocht de chuid chathair agus chontae na Gaillimhe a thíolacadh i Márta 2014. Tar éis próisis comórtais an-iomaíoch, chuir UNESCO caoga cathair as trí chathair is seasca, as áiteanna ar fud an domhain, ar ghearrliosta agus roghnaíodh fiche ceann díobh sin don bhabhta deiridh roghnúcháin agus bhí aighneacht na Gaillimhe ina measc sin, ar aighneacht í a ghnóthaigh an teideal buan an-luachmhar mar Chathair Scannánaíochta UNESCO.
Ina cáil mar Chathair Scannánaíochta UNESCO, tá Gaillimh san áireamh anois i Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO. Tugann an stádas agus an t-ainmniúchán buan sin rochtain láithreach do Ghaillimh ar ardán domhanda, agus í i measc níos mó ná seasca cathair eile ar fud an domhain amhail Sydney, Súl, Shang-hai, Montreal, Buenos Aires, Beirlín agus Dún Éideann. Ba í an chathair atá nasctha le Gaillimh, is é sin, Bradford sa Ríocht Aontaithe, an chéad chathair ar bronnadh teideal uirthi mar Chathair Scannánaíochta UNESCO, rud a rinneadh sa bhliain 2009.
Trí líonra cathracha cruthaitheacha UNESCO, féachtar le forbairt a dhéanamh ar chomhar idirnáisiúnta idir cathracha a bhfuil cruthaitheacht sainaitheanta acu mar ghné straitéiseach i gcomhair forbartha inbhuanaithe. Tá cathair agus contae na Gaillimhe in ann maíomh a dhéanamh cheana féin as tionscal suntasach, folláin, méadaitheach scannánaíochta agus teilifíse, ar tionscal é lena ngabhann luach thart ar €72m don gheilleagar áitiúil agus ina bhfostaítear os cionn 600 duine ar bhonn lánaimseartha. Mar thoradh ar an aitheantas idirnáisiúnta sin, tá teacht ag Gaillimh ar líonra iontach domhanda, rud a chuireann deiseanna nua ar fáil i saol na scannánaíochta agus na teilifíse. Tugann ainmniúchán mar chathair scannánaíochta UNESCO deiseanna an-dearfach de chineál eacnamaíochta, cruthaitheachta agus ealaíne do Ghaillimh chun tairbhe a bhaint as acmhainn ollmhór idirnáisiúnta agus, ag an am céanna, cothaíonn sé comhar domhanda i ndáil le forbairt inbhuanaithe uirbeach.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte