Chosaint Sonraí
- Naisc ábhartha eile
- Forléargas
- Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
- Cúrsaí agus Acmhainní Ar Líne
- Leabharlanna Brainse
- An Leabharlann Taistil
- Stair Aitiúil Na Gaillimhe
- Taighde a Dhéanamh ar do Chraobh Ghinealaigh
- Chosaint Sonraí
- Fógra tábhachtach do lucht úsáide na n-acmhainní a
Sonraí Pearsanta
Caithfear le d’fhaisnéis phearsanta leis an méid is mó slándála agus rúndachta nuair a chuirfidh tú iarratas isteach ar bhallraíocht sa leabharlann. Beidh cead agat na seirbhísí in aon leabharlann phoiblí i bPoblacht na héireann a úsáid nuair a bheidh tú i do bhall. Dá réir sin, beidh teacht ag gach údarás áitiúil sa stát seo ar an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil nuair a ghlacfaidh tú ballraíocht. Ina theannta sin, beidh teacht ag tríú páirtithe iontaofa a chuireann tacaíocht bogearraí ar fáil ar na sonraí sin.
Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a thugtar go deonach leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.
Ní dhéanfaimid teagmháil leat ach amháin i ndáil le leis an úsáid a bhaineann tú as an tseirbhís nó má tá sé curtha in iúl agat gur mian leat fógraí a fháil faoi imeachtaí nó cláir leabharlainne atá le teacht.
Ceart Rochtana, Ceartú nó Scriosadh
Chun sonraí a fháil maidir le haon eolas maidir leat atá i seilbh Chomhairle Chontae na Gaillimhe ní le déanamh agat ach scríobh chuig:
Rialaitheoir Sonraí
Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Chontae na Gaillimhe
áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
Ríomhphost: general@galwaycoco.ie
D'fhéadfá d'iarratas a scríobh mar seo a leanas:
Is mian liom iarratas rochtana a dhéanamh faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 cóip a fháil d'aon fhaisnéis atá coinnithe fúm, ar ríomhaire nó i bhfoirm láimhe.
Cuir isteach sonraí ar bith a d'fhéadfadh cabhrú linn do thaifid a aimsiú. áirítear orthu siúd:
- Uimhir an chárta leabharlainne
- Aon fhaisnéis eile a d'fhéadfadh cabhrú linn do thaifid a aimsiú
D'fhéadfaí táille €6.35 a ghearradh.
Tá sé de cheart agat chomh maith aon earráidí san fhaisnéis atá coinnithe fút a cheartú, úsáidí ar leith a bhlocáil nó cur i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta. Mí mór a leithéid de threoir a chur i scríbhinn. Déileálfar le d'iarratas chomh luath agus is féidir agus ní ghlacfaidh sé níos faide ná 40 lá é a phróiseáil.
Athruithe ar ár Ráiteas Príobháideachais
Má táimid chun ár ráiteas príobháideachais a athrú, cuirfimid na hathruithe suas ar an leathanach seo, ionas go mbeidh tú ar an eolas maidir leis an bhfaisnéis a bhailímid agus conas a bhainimid úsáid astu i gcónaí. Tabharfaidh úsáid leanúnach na seirbhíse le fios dúinn go gcomhaontaíonn tú le hathruithe dá leithéid.
Ag Úsáid www.galwaylibrary.ie
Baineann an Ráiteas Príobháideachais um Chosaint Sonraí seo leis na seirbhísí arna soláthar ag Leabharlanna Poiblí Chomhairle Chontae na Gaillimhe trí Láithreán Gréasáin an Chomhchórais Náisiúnta Bainistíochta Leabharlann. Tá úsáid láithreán gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe á rialú ag ráiteas príobháideachais an láithreáin ghréasáin.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte