Fógra tábhachtach do lucht úsáide na n-acmhainní a
- Naisc ábhartha eile
- Forléargas
- Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
- Cúrsaí agus Acmhainní Ar Líne
- Leabharlanna Brainse
- An Leabharlann Taistil
- Stair Aitiúil Na Gaillimhe
- Taighde a Dhéanamh ar do Chraobh Ghinealaigh
- Chosaint Sonraí
- Fógra tábhachtach do lucht úsáide na n-acmhainní a
Fógra tábhachtach do lucht úsáide na n-acmhainní ar líne
An 29 Márta 2022, tosófar ar chóras nua ríomhaireachta a úsáid. Idir an 22 Márta 2022 agus an 28 Márta 2022, araon san áireamh, ní bheidh teacht ar acmhainní ar líne. Ón tráth sin amach, ní mór an uimhir PIN a athshocrú sular féidir leat acmhainní ar líne a úsáid arís.
Is oth linn an mhí-chaoithiúlacht a ghabhann leis seo.
Ní féidir uimhir PIN a chóipeáil ón seanchóras go dtí an córas nua mar gheall go n-oibrítear criptiúchán ar na sonraí sin agus nach ionann an modh criptiúcháin don dá chóras. Beidh ort, dá bharr sin, an uimhir PIN a athshocrú sular féidir leas a bhaint as acmhainní ar líne. Is féidir leat an uimhir PIN a athshocrú tráth ar bith ó bhíonn an 28 Márta 2022 caite.
Is féidir leat sin a dhéanamh trí cheangal le https://galway.spydus.ie agus cliceáil ar "Login". Tiocfaidh tú ar an nasc le ‘Login’ in uachtar an leathanaigh ar thaobh na láimhe deise. Cliceáil ina dhiaidh sin ar ‘Forgot your PIN’. Iarrfar ort uimhir aitheantais an iasachtóra agus do shloinne a lua. Is ionann uimhir aitheantais an iasachtóra agus uimhir do chárta leabharlainne atá le feiceáil ar chúl an chárta leabharlainne faoin mbarrachód. Is é an gnáthrud uimhir dar tús na figiúirí "20016". Nuair a chliceálann tú ar ‘Continue’, seoltar uimhir nua PIN ar an ríomhphost chugat. Is féidir leat ina dhiaidh sin, más é is fearr leat, logáil isteach agus d'uimhir PIN a athrú ar ais arís go dtí an uimhir PIN a bhí agat ar dtús.
De rogha ar an modh sin, is féidir leat an uimhir PIN a athrú trí do chárta leabharlainne a shíneadh chuig ball den fhoireann sa leabharlann áitiúil nó trí theachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig info@galwaylibrary.ie.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte