Cúrsaí agus Acmhainní Ar Líne
- Naisc ábhartha eile
- Forléargas
- Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
- Cúrsaí agus Acmhainní Ar Líne
- Leabharlanna Brainse
- An Leabharlann Taistil
- Stair Aitiúil Na Gaillimhe
- Taighde a Dhéanamh ar do Chraobh Ghinealaigh
- Chosaint Sonraí
- Fógra tábhachtach do lucht úsáide na n-acmhainní a
Ríomhleabhair agus Ríomh-Chlosleabhair
Borrowbox
Foinse ríomhleabhar agus ríomh-chlosleabhar é seo. Féadfaidh tú suas le 4 ríomhleabhar agus 4 ríomh-chlosleabhar a fháil ar iasacht ag aon am amháin. Féadfaidh tú na ríomhleabhair a léamh ar ríomhléitheoir, Kindle Fire, fón cliste Android nó iPhone, nó ar do ríomhaire, ríomhaire glúine nó táibléad.
Féadfaidh tú éisteacht leis na ríomh-chlosleabhair ar sheinnteoir MP3 ar bith.
Rochtain ar ríomhleabhair agus ríomh-chlosleabhair le BorrowBox
Lote4Kids
Cuireann Lote4Kids ar chumas leanaí sult a bhaint as draíocht na leabhar i go leor teangacha éagsúla agus iad ar a sáimhín só ina dteach féin. Cuirtear aistriúchán Béarla ar fáil le gach ríomh-chlosleabhar.
Tá níos mó ná 800 leabhar ar fáil in 30 teanga.
Tá na leabhair oiriúnach do leanaí atá 3 bliana d'aois nó níos sine.
Úsáideanna tú uimhir do chárta leabharlainne chun logáil isteach sa suíomh.
Éist le ríomh-Chlosleabhair ag úsáid Lote4Kids
Greannáin
Cuireann Comics Plus rochtain ar fáil ar na mílte greannán digiteach, úrscéalta grafacha agus greannán manga ó réimse éagsúil foilsitheoirí. Bíonn fáil ar gach teideal 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine, ar do ríomhaire, ar do tháibléad, nó ar d'fhón póca.
Cuireann Greannáin Plus ábhar ar fáil do dhaoine de gach aois agus tá srian de réir catagóirí aoise ar an ábhar. Cliceáil ar an nasc cuí thíos.
Ríomh‐irisí agus Nuachtáin ar Líne
Borrowbox
Go dtí seo, b'fhéidir gurbh bhain tú úsáid as an aip seo chun teacht ar ríomhleabhair agus clos‐ríomhleabhair, ach is féidir é a úsáid anois chun teacht ar ríomhiris agus nuachtáin ar líne freisin.
Is féidir ríomhiris nó nuachtáin ar líne a léamh ar ríomhléitheoir, Kindle Fire (níor féidir gnáth Kindle a úsáid), fón cliste andróideach nó iPhone, chomh maith le ríomhaire, ríomhaire glúine nó táibléad.
Bain úsáid as Borrowbox chun teacht ar ríomhiris agus nuachtáin ar líne.
Cúrsaí Ar Líne
Universal Class
Cuireann an acmhainn seo raon leathan cúrsaí ar fáil; os cionn 500 díobh, ina measc Ióga, Grianghrafadóireacht Dhigiteach, Bunscileanna Ríomhairí, Excel, agus go leor eile. Foghlaim ar do luas féin.
Rochtain ar chúrsaí ar líne ag Universal Class
Transparent Language Online
Soláthraíonn an acmhainn seo rochtain gan teorainn ar chúrsaí i mbreis agus 100 teanga.
Soláthraíonn sé Béarla do thosaitheoirí freisin do chainteoirí níos mó ná 25 teanga.
Tá modheolaíocht cruthaithe go heolaíoch ag Transparent Language Online, an éagsúlacht is leithne d’ábhair foghlama ar ardchaighdeán, agus comhtháthú gan uaim de theanga fhíorshaol a úsáideann cainteoirí dúchais, iad uile pacáistithe le chéile i gcomhéadan atá éasca le húsáid.
Chun an t-ábhar seo a rochtain, cliceáil ar an nasc thíos agus logáil isteach le d’uimhir chárta leabharlainne agus PIN.
Transparent Language Online
Medici TV
Tugann an príomh-chainéal ceoil clasaiceach ar domhan, medici.tv rochtain ar an gcuid is fearr den cheol clasaiceach do lucht féachana ar fud an domhain. Craoltar níos mó ná 150 imeacht beo gach bliain agus an leabharlann ceoil clasaiceach is mó ar éileamh le fáil ar gach feiste.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte